Airgead breise d’Údarás na Gaeltachta, TG4 agus an Taibhdhearc i measc na mbeartas i mbuiséid mhalartacha an fhreasúra

Breis is €33 milliún breise atá á lorg ag Sinn Féin do chúrsaí teanga agus Gaeltachta an bhliain seo chugainn, beartais a chosnódh €25 milliún breise atá luaite i bplean Pháirtí an Lucht Oibre agus €10 milliún breise atá i mbuiséad na nDaonlathaithe Sóisialta

Airgead breise d’Údarás na Gaeltachta, TG4 agus an Taibhdhearc i measc na mbeartas i mbuiséid mhalartacha an fhreasúra

Tá maoiniú breise d’Údarás na Gaeltachta, do TG4 agus d’ionaid chultúrtha Ghaeilge i measc na moltaí atá déanta ag páirtithe an fhreasúra agus a mbuiséid mhalartacha foilsithe acu an tseachtain seo.

Agus Buiséad 2024 le fógairt ag an rialtas an tseachtain seo chugainn, tá a gcuid beartas féin leagtha amach ag Sinn Féin, Páirtí an Lucht Oibre agus na Daonlathaithe Sóisialta agus iad uile ag lorg níos mó airgid don Ghaeilge agus don Ghaeltacht.

Breis is €33 milliún breise atá á lorg ag Sinn Féin do chúrsaí teanga agus Gaeltachta don bhliain seo chugainn, beartais ar fiú thart ar €25 milliún breise iad atá luaite i bplean Pháirtí an Lucht Oibre agus €10 milliún breise de mhaoiniú atá leagtha amach i mbuiséad malartach na nDaonlathaithe Sóisialta.

Tá athbhunú Scéim Labhairt na Gaeilge agus breis maoinithe d’Údarás na Gaeltachta, d’Fhoras na Gaeilge agus do na coláistí samhraidh i measc na mbeartas sa bhuiséad malartach a sheol Sinn Féin an tseachtain seo.

Deir an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh, urlabhraí Gaeilge, Gaeltachta, Ealaíon agus Cultúir Shinn Féin, go bhfuil a pháirtí “tiomanta gníomhú de réir ár mbriathra don Ghaeilge agus don Ghaeltacht”.

I measc na mbeart is mó atá molta ag Sinn Féin do bhuiséad na Roinne Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spórt agus Meán, tá €10 milliún de mhaoiniú breise do TG4.

Tá an stáisiún Gaeilge ag éileamh le fada go mbeadh sé maoinithe ar comhchéim le S4C sa Bhreatain Bheag agus deir Aengus Ó Snodaigh go gcabhródh an maoiniú breise le TG4 plean straitéiseach an stáisiúin a chur i bhfeidhm.

Tá Sinn Féin ag iarraidh go gcuirfí €5.2 milliún d’airgead breise ar fáil d’Údarás na Gaeltachta in 2024 – €1.7 milliún de mhaoiniú reatha nua a thacódh le comharchumainn agus forbairt pobail agus €3.5 milliún de mhaoiniú caipitil a bheadh le caitheamh ar bhonneagar sna ceantair Ghaeltachta chun infheistíocht a mhealladh.

Tá roinnt beartas sa phlean maidir le labhairt na Gaeilge a spreagadh. Tá Sinn Féin ag iarraidh €2.1 milliún a chaitheamh ar athbhunú Scéim Labhairt na Gaeilge agus é molta ag an bpáirtí ráta €500 in aghaidh an pháiste (aois a 3 bl go 18) in aghaidh na bliana a íoc le teaghlaigh atá ag tógáil a bpáistí trí Ghaeilge sa Ghaeltacht.

Tá “pacáiste tarrthála” de bheagnach €3 milliún molta ag Sinn Féin d’earnáil na gcoláistí samhraidh Gaeilge chomh maith, earnáil atá i gcruachás, a deirtear. Faoi phlean Shinn Féin, thabharfaí an deontas caipitíochta €52 in aghaidh an dalta do na coláistí ar ais, d’ardófaí an deontas do mhná tí ó €12 go dtí €14 in aghaidh an dalta in aghaidh an lae agus chaithfí €530,000 ar scoláireachtaí chun daltaí faoi mhíbhuntáiste agus daltaí ó Thuaisceart Éireann a chur chuig an Ghaeltacht.

Chuirfeadh Sinn Féin €2.1 milliún breise ar fáil don phleanáil teanga chomh maith, lena n-áirítear €50,000 breise do gach ceann den 26 Limistéar Pleanála Teanga Gaeltachta.

Maidir le Foras na Gaeilge, deir Aengus Ó Snodaigh nár cheart ligint do “bhaghcat an DUP” ar Stormont bac a chur le hiarrachtaí an Ghaeilge a fhorbairt ar fud na tíre agus tá €2.8 milliún de mhaoiniú breise molta acu don eagraíocht trasteorann. Bheadh Sinn Féin ag súil go gcuirfeadh an Feidhmeannas ó thuaidh an maoiniú céanna ar fáil nuair a fhillfidh sé.

Tá €5 milliún molta freisin ag Sinn Féin do Chlár Caipitil Gaeilge chun infheistiú a dhéanamh i mbonneagar a d’fhéadfaí úsáid “mar lárionaid lasmuigh den chóras oideachais ina bhféadfaí pobail Ghaeilge a fhorbairt ar fud na tíre,” dar le Ó Snodaigh.

Tá €1 milliún breise d’earnáil na leabhar Gaeilge, €1.7 milliún do phlean straitéiseach na Taibhdheirce agus €500,000 do stáisiún raidió Gaeilge don óige i measc na n-éileamh eile don Ghaeilge agus don Ghaeltacht atá leagtha amach ag Sinn Féin.

Faoi phlean infheistíochta Chonradh na Gaeilge, An Plean Fáis 2024-2029, tá an eagraíocht teanga ag éileamh ar an rialtas beagnach €40 milliún breise a chaitheamh ar chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta an bhliain seo chugainn.

Sa bhuiséad malartach a d’fhoilsigh Páirtí an Lucht Oibre inné, dúradh go gcuirfí €9 milliún ar fáil chun cuid de na beartais atá sa Phlean Fáis a bhaint amach. Tá Páirtí an Lucht Oibre ag aontú le héileamh TG4 go mbeadh siad maoinithe ar comhchéim le S4C na Breataine Bige agus tá €8 milliún de mhaoiniú breise molta acu don stáisiún mar thús.

Molann Páirtí an Lucht Oibre €5 milliún d’airgead breise a thabhairt d’Údarás na Gaeltachta chun postanna a chruthú. Chomh maith leis tá €1 milliún breise do Raidió Rí-Rá agus €2 milliún breise don Taibhdhearc luaite freisin sa cháipéis a sheol siad Déardaoin.

Deir Páirtí an Lucht Oibre gur chóir “infheistíocht shuntasach” a dhéanamh chun an Ghaeilge a chur chun cinn agus go bhfuil sé tábhachtach freisin níos mó infheistíochta a chur ar fáil d’Fhoras na Gaeilge, cé nach bhfuil aon bheart ar leith don Fhoras luaite sa cháipéis.

Sa bhuiséad malartach a d’fhoilsigh na Daonlathaithe Sóisialta an tseachtain seo, tá €10 milliún breise leagtha amach ag an bpáirtí do chúrsaí Gaeilge agus maoiniú breise le cur ar fáil d’Údarás na Gaeltachta, do na coláistí samhraidh, do thurasóireacht Ghaeilge, do na meáin Ghaeilge agus do chúrsaí cultúrtha Gaeilge.

Fógrófar Buiséad 2024 Dé Máirt seo chugainn, an 10 Deireadh Fómhair.

Fág freagra ar 'Airgead breise d’Údarás na Gaeltachta, TG4 agus an Taibhdhearc i measc na mbeartas i mbuiséid mhalartacha an fhreasúra'