Aire Stáit na Gaeltachta ag súil le Bille an Údaráis a fhoilsiú tar éis na Nollag

Tá práinn mhór ag baint le foilsiú an bhille má tá toghchán an Údaráis le reáchtáil in éineacht leis na toghcháin áitiúla agus Eorpacha i mí an Mheithimh an bhliain seo chugainn, mar atá beartaithe

Aire Stáit na Gaeltachta ag súil le Bille an Údaráis a fhoilsiú tar éis na Nollag

Tá ráite ag Aire Stáit na Gaeltachta go bhfuil súil aige an bille chun toghchán bhord Údarás na Gaeltachta a thabhairt ar ais a fhoilsiú tar éis na Nollag.

Tá práinn mhór ag baint le foilsiú an bhille má tá toghchán an Údaráis le reáchtáil in éineacht leis na toghcháin áitiúla agus Eorpacha i mí an Mheithimh an bhliain seo chugainn, mar atá beartaithe.

Rinne Coiste Oireachtais na Gaeilge réamhscrúdú ar an reachtaíocht mí Iúil ach níl aon radharc ar fhoilsiú an bhille ó shin agus amhras léirithe go mbainfí an sprioc a leag an Rialtas síos don samhradh seo chugainn amach.

Agus é ag labhairt i dTeach Laighean ar maidin, dúirt an tAire Stáit Patrick O’Donovan go raibh súil aige teacht air ais chuig Coiste na Gaeilge “go luath” faoi bhille an Údaráis ach gur théis na Nollag a bheadh ann.

Thug sé le fios gurb í cheist na comhionannas inscne agus conas go bhféadfaí cothromaíocht iomchuí a bhaint amach sa phróiseas roghnúcháin/toghcháin ba chúis le cuid den mhoill.

“Mar a dúirt mé cheana féin, ábhar an-chasta, an-deacair é ceist na hinscne ach tá súil agam go mbeidh ar ais chuig an Choiste tar éis na Nollag,” a dúirt an tAire Stáit.

Dúirt Cathaoirleach Choiste na Gaeilge, an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh, go rabhthar sásta “aon chuidiú” a thabhairt chun foilsiú a bhille a dheifriú ionas go mbeadh an toghchán ann mí an Mheithimh 2024.

Bhí 22 moladh i dtuarascáil an Choiste faoin réamhscrúdú reachtaíochta a rinne siad ar an mbille, ceann faoi chomhionannas inscne ina measc, ach luadh gur cheist dheacair a bhí inti.

Tugadh le fios gur bheag seans go bhfoilseofaí bille an Údaráis roimh dheireadh 2023 nuair nach raibh sé san áireamh i measc na bpíosaí reachtaíochta a bhí an Rialtas ag tabhairt “tosaíocht” dóibh i mbliana.

Tá iar-aire na Gaeltachta, an Teachta Éamon Ó Cuív, i measc siúd a bhfuil amhras léirithe acu go reáchtálfar toghchán an Údarás an bhliain seo chugainn.

Tá sé beartaithe ag an Rialtas go mbeidh bord de 16 comhalta in áit 12 le bheith ann de thoradh leasú reachtaíochta. Beidh deichniúr comhaltaí tofa ag pobal na Gaeltachta agus beidh seisear eile roghnaithe de thoradh comórtas poiblí.

Toghfar triúr chun an Bhoird ó cheantar Gaeltachta na Gaillimhe, beirt ionadaithe a bheidh ag Dún na nGall agus beidh ionadaí amháin ag na cúig chontae Gaeltachta eile.

Cuireadh deireadh le toghchán Bhord Údarás na Gaeltachta in 2012.

Fág freagra ar 'Aire Stáit na Gaeltachta ag súil le Bille an Údaráis a fhoilsiú tar éis na Nollag'