‘Áiféiseach’ go mbeadh an Rialtas ag eagrú ócáidí saoránachta gan focal Gaeilge

Tá an easpa Gaeilge a bhíonn ag ócáidí saoránachta an Rialtais cáinte ag eagraíochtaí teanga, lucht teagaisc agus fear a bhain saoránacht agus líofacht sa Ghaeilge araon amach

‘Áiféiseach’ go mbeadh an Rialtas ag eagrú ócáidí saoránachta gan focal Gaeilge

Tá sé “áiféiseach agus amaideach” go mbeadh ócáidí saoránachta á n-eagrú ag an Rialtas nach mbíonn focal Gaeilge le cloisteáil lena linn, dar le hArd-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, Julian de Spáinn.

Bhí de Spáinn ag tagairt d’agallamh a thug Simon Brooke, a rugadh i Sasana ach ar bronnadh saoránacht na tíre seo air le deireanas, don chlár Cormac ag a 5 ar RTÉ Raidió na Gaeltachta an tseachtain seo.

Dúirt Brooke, atá pósta leis an scríbhneoir aitheanta Anna Heussaff, gur údar díomá dó féin agus dá bhean nach raibh aon fhocal Gaeilge le cloisteáil ag an searmanas bronnta saoránachta a reáchtáladh san Ionad Tionóil i mBaile Átha Cliath le gairid.

“Bhí óráidí ón stáitse a chuir fáilte roimh na saoránaigh nua go hÉirinn agus labhraíodh faoi cheiliúradh ar an gcultúr agus an oidhreacht shaibhir ach ní raibh focal amháin de i nGaeilge, teanga oifigiúil an stáit,” a dúirt Brooke.

Dúirt sé go ndeachaigh sé tríd an bpróiseas saoránachta ó thús deireadh i nGaeilge agus gur lorg sé seirbhís i nGaeilge nuair a rinneadh teagmháil leis i mBéarla faoina iarratas. Ba údar díomá dó é, a dúirt sé, nuair nach bhféadfadh sé deireadh a chur leis an bpróiseas sa teanga inar thosaigh sé é.

Tá ceisteanna curtha ag an Teachta Dála, Jim O’Callaghan sa Dáil faoin easpa Gaeilge ag an searmanas bronnta saoránachta agus faoi easpa cheol na hÉireann ag na hócáidí céanna, rud eile a ghoill ar Brooke agus Heussaff. Níor tháinig aon fhreagra fós ar na ceisteanna Dála sin.

Tá an scéal á fhiosrú freisin ag Conradh na Gaeilge. Dúirt Ard-Rúnaí an Chonartha, Julian de Spáinn, le Tuairisc.ie go bhfuil roinnt ceisteanna curtha ar an Roinn faoin scéal agus go bhfuiltear ag fanacht ar fhreagraí.

“Tá sé seafóideach agus amaideach go mbeadh an rialtas ag eagrú na n-ócáidí seo agus gan focal Gaeilge le cloisteáil lena linn. Is minic a bhíonn níos mó ná aon teanga amháin ag na saoránaigh nua seo, agus bíonn siad oscailte don ilteangachas.

“Is iontach an deis ócáid mar í an teanga shaibhir luachmhar ársa s’againn féin a thabhairt dóibh. Níl aon leithscéal ann gan an Ghaeilge a chur san áireamh ag na hócáidí,” a dúirt sé.

D’fhoghlaim Simon Brooke a chuid Gaeilge ar chúrsaí teanga le hOideas Gael i nGleann Cholm Cille i nGaeltacht Thír Chonaill.

Dúirt stiúrthóir Oideas Gael, Liam Ó Cuinneagáin, le Tuairisc.ie go mbíonn “céatadán áirithe” dá chuid daltaí ina n-iarrthóirí ar shaoránacht na hÉireann gach bliain, agus gur minic a chuireann inimircigh spéis i gcúrsaí teanga.

“Is an-smaoineamh a bheadh ann an Ghaeilge a chur san áireamh sna searmanais seo, agus is slí mhaith a bheadh ann le haitheantas breise a thabhairt do shaoránaigh úra a bhfuil líofacht sa Ghaeilge á baint amach acu nó atá ag foghlaim bunscileanna na Gaeilge.

“Bíonn céatadán áirithe de dhaoine a bhíonn ar na cúrsaí againn a mbíonn suim acu fanacht in Éirinn, is minic gurb í an chéad rud a smaoiníonn siad uirthi nuair a smaoiníonn siad faoina nGaelachas nua,” a dúirt Ó Cuinneagáin.

Dúirt sé gur oibrigh Simon Brooke go crua ar an nGaeilge ar na cúrsaí a rinne sé le hOideas Gael agus le linn na mblianta ar fad a chaith sé in Éirinn, ach nár tugadh aon aitheantas dó sin ar an “lá mór” a bhí aige.

“Tá daoine ann, saoránaigh nua, a fheiceann an Ghaeilge mar chuid riachtanach dá saoránacht nua agus dá gcuid Gaelachais nua. Ba cheart go mbeadh bealach ann chun é sin a aithint, nó fiú an rogha a bheith ann freastal ar shearmanas lánGhaeilge,” a dúirt Ó Cuinneagáin.

Bíonn idir ceithre agus sé ócáid saoránachta ar siúl gach bliain, ó reáchtáladh an chéad cheann cúig bliana ó shin. Is iondúil go mbíonn 1,000 saoránach nua i láthair ag na hócáidí seo agus cara nó duine gaoil in éineacht leo. Tá tuairim is 100,000 duine tar éis freastal ar na hócáidí ó cuireadh tús leo.

Is féidir an mhóid dílseachta, a bhíonn le síniú agus le rá os ard ag an ócáid, a fháil i nGaeilge, ach dúirt Heussaff go sílfeá gur “teanga phríobháideach” a bhí sa Ghaeilge ón dua a chuir a fear céile air féin an tseirbhís sin a fháil.

Tá ceisteanna curtha ag Tuairisc.ie ar an Roinn Dlí agus Cirt agus ar Sheirbhís Eadóirseachta agus Inimirce na hÉireann faoin scéal.

Fág freagra ar '‘Áiféiseach’ go mbeadh an Rialtas ag eagrú ócáidí saoránachta gan focal Gaeilge'

  • Críostóir

    Ba chóir inimircigh le Gaeilge a mhealladh go hÉirinn, gan trácht ar an searmanas a bheith ar fáil go dátheangach.

    Tá cláracha agus spriocanna faoi leith i gCeanada le hinimircigh le fraincís a mhealladh. B’fhiú smaoineamh orthu.

  • Manus

    Nach léir dúinne Gaeil gurb é seasamh an Státchórais Ëireannaigh go bhfuil Béarla sách maith anois chun an stáitín AnglaMheirceáach seo a reachtáil? Eirimeacht ag bagairt orainn…