Agus scamall mór eile os a chionn, níl dea-aimsir á tuar do Stormont inniu, amárach ná amanathar

Dealraíonn sé go raibh macasamhail na lochtanna a bhí ar an RHI ar an Scéim do Cheantair faoi Mhíbhuntáiste

Agus scamall mór eile os a chionn, níl dea-aimsir á tuar do Stormont inniu, amárach ná amanathar

Nuair a cuireadh clabhsúr ar na héisteachtaí poiblí faoin RHI le déanaí measadh gur ar éigean a d’fhéadfaí cur le mímhuinín an phobail in Stormont.

Maidin Déardaoin seo caite, áfach, chuaigh cúrsaí in olcas. D’fhógair Reachtaire na gCuntas Poiblí go raibh scéim eile de chuid an Fheidhmeannais lochtach. Chinn an Reachtaire go raibh go leor de na heasnaimh a bhí ar an RHI ar an SIF, an Ciste Infheistíochta Sóisialta.

£93 milliún d’airgead an phobail caite gan iniúchadh, gan a rian le fáil ar pháipéar. Údar mór buartha ab ea díobháil rialachais na scéime i dtaca le leithdháileadh na maoine, cúrsaí bainistíochta agus luach ar airgead poiblí, a dúirt an reachtaire, Kieran Donnelly. Sa mhullach ar an easpa trédhearcachta bhí coimhlint leasa thromchúiseach ag baint le dáileadh an chiste, ar sé.

Smaoineamh maith ab ea é. Ciste speisialta do cheantair bhochta chun a dhul i ngleic le heaspa fostaíochta agus call deiseanna. Díbhinn na síochána dar leis an DUP agus Sinn Féin a bhunaigh SIF in 2012, faoi stiúir Peter Robinson agus Martin McGuinness a bhí in Oifig an Chéad agus an LeasChéad-Aire. Ba í an fhadhb an chaoi ar dearadh an scéim.

In ionad Stormont a bheith ag riaradh na scéime, ag comhlíonadh a dhualgais i dtaca leis an sparán poiblí, tugadh smacht iomlán do ghrúpaí pobail ar thionscnaimh ina gceantar féin. Bhí coiste stiúrtha i ngach ceann de na naoi réigiún a roghnaíodh. Bhí ionadaithe pobail, polaiteoirí agus daoine ó eagrais dheonacha ar na coistí agus ba iadsan a chinn cé na tionscnaimh a gheobhadh maoiniú.

I gcásanna áirithe bhí baill ar na coistí stiúrtha bainteach le tionscnaimh a fuair maoiniú. Ní dhearna Oifig an Chéad agus an LeasChéad-Aire scrúdú ar na critéir faoinar ceadaíodh maoiniú agus cháin an Reachtaire an roinn toisc nár tugadh treoir cheart faoi na tograí a bheadh i dteideal tacaíochta.

£80 milliún a bhí ceadaithe i dtosach agus é i gceist go mairfeadh an scéim ó 2012 go 2015. Bhí sé i gceist go gcaithfí £40 milliún ar thograí caipitil- ionaid phobail, hallaí agus páirceanna imeartha. Ar chláracha forbartha, deiseanna fostaíochta agus oideachais, a chaithfí an leath eile. Ceadaíodh £13 milliún sa bhreis in 2016 nuair a tugadh síneadh ama don SIF go dtí 2019.

Faoi 2016 bhí an freasúra – an UUP, an SDLP agus Alliance – ar an ionsaí in Stormont faoi easpa trédhearcachta na scéime, iad ag maíomh gur roinnt na creiche idir an DUP agus Sinn Féin a bhí ar siúl. Tharla conspóid phoiblí faoin SIF an bhliain sin maidir le togra in oirthear Bhéal Feirste, ceantar ina raibh an DUP ar a míle dícheall ag iarraidh an suíochán Parlaiminte a bhaint ar ais ón Alliance. Tháinig sé chun solais go raibh fear a ciontaíodh as robáil armtha, Dee Stitt, ar cuireadh ina leith go raibh sé gníomhach san UDA ag an am, ina phríomhfheidhmeannach ar an ngrúpa Charter NI a fuair £1.7 milliún. Shéan Stitt go raibh sé san UDA ach bhí ráite ar an taifead aige, agus é ag déanamh gaisce faoi in agallamh, gur ‘chosantóir’ dílseach a bhí ann. D’éirigh sé as post an Phríomhfheidhmeannaigh ar Charter NI dhá mhí ó shin, ach tá baint aige leis an eagras i gcónaí.

Cheistigh an freasúra an DUP agus Sinn Féin a sheas go docht leis an scéim. Ní raibh Coiste na gCuntas sásta leis na freagraí ón Roinn. In Earrach 2017 d’iarr an freasúra ar Reachtaire na gCuntas Poiblí an SIF a iniúchadh. Maíonn an UUP, an SDLP agus Alliance gur dhearbhaigh tuairisc 72 leathanach an Reachtaire go raibh an ceart acu go raibh an SIF mífheidhmiúil.

Gheall an Roinn (faoi cheannas na státseirbhíse) go gcuirfí scothchleachtais i bhfeidhm feasta. Chosain an DUP agus Sinn Féin an scéim agus tharraing aird ar na tograí ar éirigh go maith leo d’ainneoin na lochtanna rialachais a bhain le bunú an SIF.

Tá gníomh á éileamh ag na mionpháirtithe. Tá an SDLP agus Alliance ag iarraidh fiosrú poiblí. Maíonn siad go raibh cúinsí nach bhféadfadh an Reachtaire a scrúdú ‘cheal miontuairiscí nó rian páipéir’. Bheadh teacht ag fiosrú faoi cheannas breithimh ar eolas breise – mar a léirigh binse an bhreithimh Coghlin i dtaca leis an RHI. Teastaíonn ón UUP go scrúdófaí an scéal in Westminster.

Go praiticiúil, ó bhí cuid mhór de na lochtanna córasacha céanna ar an SIF agus an RHI is dócha go gcuirfear an scannal is deireanaí i leataobh go dtí go bhfoilseoidh an Breitheamh Coghlin a thuairisc faoin scéim fuinnimh inathnuaite.

Beidh béim aige, gan dabht, ar na ceachtanna atá le foghlaim ag polaiteoirí, a gcomhairleoirí, na Spadanna, agus an státseirbhís.

Cloistear go coitianta ó gach aicme nach bhféadfadh an pobal glacadh le hathnuachan Stormont go dtí go ndéanfar leasuithe i ndiaidh thuairisc Coghlin.

Anois tá constaic eile ar an liosta de bharr conspóid an SIF. Agus scamall mór eile os a chionn, níl dea-aimsir á tuar do Stormont inniu, amárach ná amanathar.

Fág freagra ar 'Agus scamall mór eile os a chionn, níl dea-aimsir á tuar do Stormont inniu, amárach ná amanathar'