AGALLAMH le Bernadette Devlin McAliskey: ‘Tá dearmad déanta againn cén dóigh le bheith cróga’

Labhair Tuairisc.ie le Bernadette Devlin McAliskey faoina tuairimí faoi chomóradh 1916, an Ghaeilge, agus conas luachanna Fhorógra na Cásca a chur chun cinn sa lá atá inniu ann

Bernadette McAliskey
Bernadette McAliskey

Agus comóradh Éirí Amach 1916 faoi lán seoil, is mó trácht atá déanta ar laochra móra na seachtaine sin a sheas an fód ar son luachanna na Poblachta. Ach an bhfuil neamhaird á tabhairt againn orthu siúd a tháinig i gcomharbacht ar cheannairí an Éirí Amach, agus a chuaigh sa mbearna bhaoil ar son luachanna an Fhorógra chomh maith céanna?

Labhair Tuairisc.ie le duine de na daoine sin, Bernadette Devlin McAliskey.

Bhí Devlin McAliskey  ina haoichainteoir le deireanaí ag sraith léachtaí dar teideal An Irish Republic? atá á reáchtáil ag Ionad an Léinn Éireannaigh in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, agus labhair sí linn i ndiaidh na hócáide faoina tuairimí féin i leith an chomórtha agus cén chaoi luachanna Fhorógra na Cásca a chur chun cinn sa lá atá inniu ann.

Bhí Bernadette ar dhuine de na daoine ba mhó a d’fhág a rian ar an bpobal le linn ghluaiseacht na gcearta sibhialta sa Tuaisceart. Agus í fós ina luathfhichidí, labhair sí amach go dána dea-bhriathrach ar son chearta an phobail agus, i 1969, bhí sí ar an mbean ab óige a toghadh riamh ina MP i Westminister.

Bhí sí i nDoire ar Dhomhnach na Fola nuair a scaoil arm na Breataine piléir leis an slua agus mharaigh trí dhuine dhéag. Níor tugadh cead cainte di nuair a bhí an cás sin á phlé i dTeach na dTeachtaí agus nuair a mhaígh Reginauld Maudling, a bhí ina Rúnaí Baile an tráth úd, gur scaoil an t-arm piléir leis an slua mar chosaint orthu féin, shiúil McAliskey anonn aige, bhuail boiseog trasna an bhéil air agus dúirt in agallamh ar an BBC an lá dár gcionn, “I’m just sorry I didn’t get him by the throat”.

Le blianta anuas, áfach, is lú i bhfad an trácht a chloistear ar Bhernadette sna meáin. Dar ndóigh, d’fhulaing sí a cion féin de bharr a cuid gníomhaíochta. Sa mbliain 1981, bhris buíon de chuid an UFF (Ulster Freedom Fighters) isteach ina teach i dTír Eoghain. Caitheadh ceithre urchar déag léi i láthair a triúr páistí agus fágadh i riocht an bháis í. Tháinig sí slán ón ionsaí sin ar chaoi éigin.

Ach fiú mura bhfuil sí i mbéal an phobail mar a bhíodh, tá McAliskey fós ar a dícheall ag iarraidh cearta mionlach, agus go deimhin, luachanna na poblachta, a chur chun cinn. Is ag obair le STEP (South Tyrone Empowerment Programme) atá McAliskey anois, eagraíocht a shaothraíonn ar son chearta na n-inimirceach i ndeisceart Thír Eoghain agus eagraíocht a bhfuil géarghá léi, dar le McAliskey, toisc nach dtuigeann muintir na tíre seo gur dream sinn a bhfuil fabhar againn.

“Is breá linn a shamhlú go bhfuil muid faoi chois. Níl muid tar éis glacadh leis go bhfuil muid anois i measc thíortha saibhre an domhain. Tá oideachas orainn, tá muid geal, tá Béarla againn (ar an drochuair), agus dá bhrí sin, tá buntáistí againn sa domhan.”

Ar an mbonn céanna, dar le McAliskey go bhfuil dul amú orainn má cheapann muid gur poblacht atá againn in Éirinn. Chuirfeadh muintir an Deiscirt fearadh na fáilte roimh theifigh ón Mór-Roinn dá mba rud é go raibh an rialtas dáiríre faoi luachanna 1916 a chomóradh, a deir sí.

Ní hionann ar chor ar bith an idé-eolaíocht a spreag ceannairí an Éirí Amach i 1916 agus an idé-eolaíocht ar ar tógadh an Stát, dar léi.

“I mo bharúil féin, an rud is measa a rinne rialtais an Deiscirt ná gur mharaigh siad an teanga i measc na ndaoine. ‘Tír gan teanga, tír gan anam’ mar a d’fhoghlaim mé ar scoil. Ach ar an taobh eile den scéal sin, cén mhaith atá le teanga a bheith ag tír má tá anam na tíre sin marbh?” 

Ní le Gaeilge a tógadh McAliskey, ach, mar an gcéanna leis na páistí inimirceacha lena mbíonn sí ag obair, síleann sí gur oibrigh sí níos déine ar scoil agus í óg mar gheall go raibh an pobal Caitliceach faoi chois agus go mb’éigean di í féin a chruthú.

“Ní raibh Gaeilge ar bith agam go dtí go raibh mé aon bhliain déag d’aois agus ag dul ar scoil in Acadamh Naomh Pádraig… D’oibrigh mé go crua chun scoláireacht a fháil gach bliain chun dul go dtí an Ghaeltacht i dTír Chonaill agus chuaigh mé go Teileann sa samhradh ar feadh cúig bliana agus go Rann na Feirste ina dhiaidh sin.”

Fuair McAliskey amach le fíordheireanaí go raibh Gaeilge ag a muintir agus go raibh cuid dá hoidhreacht féin ceilte uirthi agus í óg.

Bernadette Devlin McAliskey, Irish civil rights leader    San Francisco, 1970
Bernadette Devlin McAliskey, i San Francisco, 1970

“Dhá rud nach raibh fhios agam go dtí an t-am atá i láthair – bhí máthair mo mháthar i gCumann na mBan i 1916 i dTír Eoghain, agus i ndaonáireamh na bliana 1901, tá seanathair m’athar féin liostaithe mar ‘Irish speaking’.

“Sílim nár labhair daoine faoi mar thuig siad go raibh sé contúirteach de réir mar a chaill muidne sa Tuaisceart… Chomh maith leis sin, thuig siad nach raibh sé [an cath] críochnaithe agus gur bhinn béal ina thost – sin mar atá sa Tuaisceart fós.”

Dar léi go mb’fhéidir gurb é an tost céanna sin is cúis leis an drogall atá ar Fhianna Fáil dul i bpáirt le Fine Gael sa Rialtas. Tá cuimhne an phobail ar Chogadh na gCarad róláidir faoin tuath fós le ligean don dá pháirtí seasamh gualainn ar ghualainn.

Ach chomh maith le neamhaird a bheith tugtha ar an nGaeilge, feictear do McAliskey gur beag dul chun cinn atá déanta ag mná le céad bliain anuas.

“Tá a lán athruithe tagtha isteach ach tá mórán le déanamh go fóill. An dá rud is tábhachtaí ná an t-ochtú leasú ar an Bhunreacht a aisghairm. Caithfidh smacht a bheith ag mná ar a gcorp féin. Tá smacht ag fir ar a gcorp féin.

“Agus ní mór meas a bheith ar mháithreacha agus ar pháistí atá ar an saol cheana féin agus rogha a thabhairt do mhná a bheith ag obair más mian leo. Gan cúram sláinte náisiúnta inacmhainne, níl seans dáiríre ag mná sa saol poiblí”.

Deir McAliskey go bhfuil ceacht le foghlaim ag mná ón gcás a bhí ann le deireanaí i mBéal Feirste inar ciontaíodh bean as piolla ginmhillte a thógáil agus ón éileamh a rinne grúpa ban ina dhiaidh go ngearrfaí pionós níos déine fós ar an té a ciontaíodh.  “Caithfidh mná óga cuimhniú nach mbainfidh siad ceart ar bith amach gan troid i gcoinne mná eile agus ní bhfaighidh siad dada gan troid,” a deir sí.

Céard é an difear mar sin idir glúin Éirí Amach 1916 agus pobal an lae inniu?

Dar le McAliskey nach dtugtar dóthain airde ar smaointeoirí a thuilleadh, agus go bhfuil muid plúchta ag cumhacht na meán cumarsáide.

“Ní gá ach féachaint ar cén dream a dtugtar cead dóibh abairt a chríochnú. Níl cead ag duine ar bith a bhfuil dada fiúntach le rá aige abairt a chríochnú. ‘Message police’ atá sa dream atá ag obair le RTÉ agus ceapann siad gurb é an post atá acu ná gan ligean d’éinne a bhfuil smaointe dainséaracha aige abairtí a chríochnú.”

Agus thairis sin?

“Tá dearmad déanta againn cén dóigh le bheith cróga.”

 

Fág freagra ar 'AGALLAMH le Bernadette Devlin McAliskey: ‘Tá dearmad déanta againn cén dóigh le bheith cróga’'