Ag siúl na seansráideanna – athchuairt ar an mBrasaíl, turas siar san am

Ní raibh coinne ag ár gcolúnaí le cuid de na mothúcháin a mhothaigh sé agus athchuairt á tabhairt aige ar thír ina raibh sé ina chónaí ar feadh 16 bliana

Ag siúl na seansráideanna – athchuairt ar an mBrasaíl, turas siar san am

D’eitil mé thar an Sahára an lá cheana.

Go hiondúil, cúrsa níos faide siar a leanann na heitleáin idir an Eoraip agus an Bhrasaíl, agus seachas an tAtlantach ní fheiceann tú faic ach maolchnoic tura oileán na Rinne Verde. Ach an iarraidh seo – ar drochaimsir áit éigin leath bealaigh ba chúis leis? – thrasnaigh an t-eitleán Maracó, an Sahára Thiar, an Mháratáin agus an tSeineagáil.

Tangier, Casablanca, Agadir, Laayoune, Nouakchott – sin iad an dornán cathracha a chonaic mé tríd an bhfuinneog, spotaí beaga bídeacha i dtírdhreach fairsing, folamh, draíochtúil. Bhí mé faoi gheasa ag an ngaineamhlach: ag a imreacha áille den bhuí, den liath, den donn agus den dearg; ag na sléibhte ollmhóra agus ag na haibhneacha tirime; ag an éagmais iomlán crann agus daoine, ag an bhfolús sin a thug mo dhúshlán.

Ní fhéadfá cónaí ansin.

Ní fhéadfainnse, pé scéal é.

Chónaigh mé sa Bhrasaíl ar feadh sé bliana déag. Tá mé ann arís faoi láthair, cuairt ghairid tar éis dom nach mór dhá bhliain a chaitheamh san Ísiltír, mar a raibh mo mháthair i mbun chaibidil dheireanach a saoil agus mar ar chuir mé í, trí mhí ó shin.

Bhí a fhios agam go mbeadh meascán mearaí mothúchán romham agus aghaidh á tabhairt agam ar an mBrasaíl arís, ach ní raibh coinne agam leis an gceann seo: gur geall le turas siar san am a bheadh an chuairt seo, siar chuig am ina raibh mo mháthair fós beo.

Agus mé ag siúl na seansráideanna a shiúlainn go dtí bliain agus trí ráithe ó shin, ag casadh le seanchairde agus ag traenáil sa seanionad aclaíochta, tá sé amhail is nár tharla an tréimhse sin a chaith mé san Eoraip ar chor ar bith; amhail is nach bhfuair mo mháthair bás agus amhail is nár tháinig fás ná forbairt phearsanta orm féin ó d’fhág mé an Bhrasaíl.

Bheadh sé fíorfhurasta mo sheansaol a phiocadh suas arís. Tá neart cairde agam anseo i gcathair Salvador, tá a fhios agam cá bhfuil chuile shórt, beannaíonn fir shlándála agus mná díolta bia sráide dom amhail is nár fhág mé riamh.

Ach ó leaindeáil mé anseo cúpla lá ó shin tá cumha orm i ndiaidh na n-uaireanta an chloig sin a chaith mé deich gciliméadar os cionn an tSahára, i ndiaidh na soiléire agus na síochána a mhothaíonn tú nuair a zúmálann tú amach ón saol chomh mór sin nach bhfeiceann tú ach an lorg a d’fhág na mílte míle bliain de phróisis gheolaíocha ar an tírdhreach, tírdhreach chomh folamh fairsing le leathanach bán.

Ní fhéadfainn cónaí sa Sahára.

Ach ba mhaith liom cónaí in áit a bhféadfainn tús a chur le caibidil úr.

Fág freagra ar 'Ag siúl na seansráideanna – athchuairt ar an mBrasaíl, turas siar san am'