Ag Kamala Harris a bheidh an lá in Washington DC – ach ní buntáiste an-mhór di é sin

Daingean mór de chuid an Pháirtí Dhaonlathaigh a bhí in ardchathair na Stát Aontaithe riamh anall, ach níl ionadaíocht chothrom ag muintir na dúiche feidearálaí (DC) sa toghchán uachtaránachta

Ag Kamala Harris a bheidh an lá in Washington DC – ach ní buntáiste an-mhór di é sin

Gan an toghchán fiú amháin thart go fóill, tá sladmhargadh ar fheisteas feachtais i siopa Hudson in Union Station, Washington DC: lascaine 25 faoin gcéad ar T-léinte, geansaithe agus caipíní a bhfuil ainmneacha na n-iarrthóirí clóite orthu.

Ní haon iontas é nach bhfuil éileamh ar éadaí toghchán-bhunaithe. Tá faitíos ar dhuine as gach ceathrar Meiriceánach a rá le gaolta agus cairde cé dó nó cé di a vótáilfidh siad ar an 5 Samhain – gan trácht ar T-léine pholaitiúil a chaitheamh. Lena chois sin, tá seachtar as gach deichniúr buartha faoina mbeidh i ndán don tír lá an toghcháin agus sna laethanta ina dhiaidh.

É sin ar fad ráite, agus cé go raibh áit lárnach ag T-léinte Trump sa taispeántas sin i siopa Hudson, chonaic mé níos mó T-léinte Harris i gcathair Washington DC ná in aon áit eile ar m’aistear go dtí seo.

Ní haon iontas é sin.

Daingean mór de chuid an Pháirtí Dhaonlathaigh a bhí in Washington DC riamh anall.

Chuirfeadh na figiúirí mearbhall ort: i dtoghchán uachtaránachta 2016, fuair Hillary Clinton nach mór 91 faoin gcéad de na vótaí san ardchathair, agus ní bhfuair Donald Trump ach rud beag le cois an 4 faoin gcéad.

 

I dtoghchán 2020 ghnóthaigh Joe Biden os cionn 92 faoin gcéad de na vótaí, fás 1 faoin gcéad ar thoradh Hillary Clinton, ach aisteach go leor bhí fás beag ar vóta Donald Trump in DC an bhliain sin freisin. Ghnóthaigh sé siúd 5.4 faoin gcéad de na vótaí – rud a chiallaíonn nár éirigh go maith ar chor ar bith sa toghchán uachtaránachta deireanach le hiarrthóirí an Pháirtí Ghlais agus na bpáirtithe beaga eile, a mbíonn tóir níos mó orthu in DC ná i nach mór aon áit eile sa tír.

Cathair eisceachtúil í Washington mar sin: bolgán Daonlathach má bhí bolgán Daonlathach riamh ann.

Ach is ann a bhíonn formhór na gcomhfhreagraithe ón iasacht lonnaithe agus is cinnte go bhfágann sé sin a lorg ar a dtuiscintí agus léargais siúd ar chúrsaí polaitíochta, fiú má thugann siad faoi chamchuairt ar shlám bailte beaga in West Virginia, Oklahoma nó Wyoming sna seachtainí roimh an toghchán.

Ag caint ar Wyoming, an raibh a fhios agat go bhfuil daonra i bhfad níos mó ag cathair Washington DC ná mar atá ag an stát sin, ach go bhfuil an tábhacht chéanna leo i dtoghcháin uachtaránachta na Stát Aontaithe?

Dúiche fheidearálach, seachas stát, atá in Washington DC agus níl an ionadaíocht chéanna i gcúrsaí polaitíochta ag an ardchathair agus atá ag na stáit. Go deimhin, roimh 1961 ní raibh cead ag muintir Washington DC vótáil sna toghcháin uachtaránachta ar chor ar bith. Leasaíodh an bunreacht an bhliain sin, ach socraíodh nach bhfuil cead ag an dúiche fheidearálach níos mó toghthóirí* a bheith aici ná mar atá ag an stát is lú ó thaobh daonra de. Faoi láthair, sin é Wyoming. Níl ach triúr toghthóirí ag an stát sin, agus dá bharr sin, níl ach triúr toghthóirí ag Washington DC ach oiread.

Daingean de chuid na nDaonlathach í DC, ach faraor géar do Kamala Harris, beidh Donald Trump in ann an líon céanna toghthóirí a ghnóthú sa daingean Poblachtánach úd, Wyoming –  ach le i bhfad níos lú vótóirí.

* Sna Stáit Aontaithe, ní thoghann na vótóirí an t-uachtarán go díreach. ‘Toghthóirí’ na stát éagsúla a dhéanann é sin – bunaithe ar vóta an phobail, gan dabht. Níl an líon céanna toghthóirí ag gach stát. Mar shampla, níl ach tríur thoghthóirí ag Wyoming, ach tá 54 ag California

Fág freagra ar 'Ag Kamala Harris a bheidh an lá in Washington DC – ach ní buntáiste an-mhór di é sin'