Ag folach a náire maidir le cás na Gaeilge sa chóras pleanála atá Údarás na Gaeltachta

Níl tada ar bun ag Údarás na Gaeltachta ó thaobh chás na Gaeilge sa chóras pleanála sa Ghaeltacht, seachas litir chaighdeánach a sheoladh ag lorg ‘aitheantas’ seachas cosaint don teanga

Ag folach a náire maidir le cás na Gaeilge sa chóras pleanála atá Údarás na Gaeltachta

Ar an 16 Iúil, foilsíodh alt ar Tuairisc.ie le Dáithí de Mórdha faoi chúrsaí pleanála. Alt barrúil a bhí ann ar bhealach amháin, a léirigh fadhb bhunúsach le cur chuige Údarás na Gaeltachta i dtaobh cúrsaí pleanála sa nGaeltacht.

Bhí an scéal cloiste ag Dáithí ar Raidió na Gaeltachta go raibh aighneacht curtha ag Údarás na Gaeltachta go Comhairle Chontae na Gaillimhe i dtaobh iarratas pleanála ó Uisce Éireann le hionad cóireála séarachais a thógáil ar an Spidéal.

Dúirt sé san alt gur bhuail racht gáirí chomh trom sin é gur bheag nár chuir sé an Avensis den bóthar, mar de réir na haighneachta ‘ní sláinte phobal na Gaeltachta, nó cúrsaí timpeallachta agus comhshaoil, an chloch is mó ar phaidrín an Údaráis maidir le hionad cóireála séarachais An Spidéil, ach aitheantas a thabhairt don Ghaeilge’.

Léas féin an aighneacht chéanna ón Údarás ar shuíomh na Comhairle Contae, ach ní racht gáire a bhuail mé ach taom éadóchais. Agus Plean Teanga Chois Fharraige á réiteach againn bhí ceist na pleanála pléite le hoifigigh an Údaráis agus an pointe déanta againn go gcaithfeadh an tÚdarás a bheith níos gníomhaí sa réimse seo ná mar a bhí go dtí sin.

Tá ceantar Cois Fharraige an-leochaileach i dtaobh an drochthionchar a d’fhéadfadh a bheith ag forbairtí tithíochta sa gceantar. D’fhéadfadh a leithéid daoine gan Ghaeilge a mhealladh le lonnú i gCois Fharraige, mar go bhfuil sé chomh gar do chathair na Gaillimhe.  Tuigeann an tÚdarás é sin go maith, ach an bhfuil an eagraíocht sásta níos mó a dhéanamh seachas litir chaighdeánach a scríobh ag iarraidh ar an gComhairle Contae ‘aitheantas a thabhairt don Ghaeilge’.

Airdeall

Níor mhiste ag an bpointe seo beagán den chúlra staire a bhaineann leis an ábhar seo a thabhairt. Buíochas le Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, nach ann di a thuilleadh, aithnítear sa gcóras pleanála go gcaithfear cosaint a thabhairt don Ghaeilge sa Ghaeltacht. Sa bhliain 2000, nuair a bhí an reachtaíocht nua pleanála á hullmhú d’éirigh le Peadar Ó Flatharta agus Pádraig Ó Ceithearnaigh ón gComhdháil stocaireacht éifeachtach a dhéanamh ar Noel Dempsey a bhí ina aire comhshaoil ag an am. Mar thoradh ar an stocaireacht cuireadh Mír 10.2 (m) isteach san Acht a dhearbhaigh go gcaithfeadh sé a bheith mar chuspóir sonrach i gcás gach Plean Forbartha i gcontae ina raibh limistéar Gaeltachta ‘oidhreacht teanga agus chultúrtha na Gaeltachta a chosaint’. 

Ar ndóigh, rud amháin a leithéid a bheith mar chuspóir ‘ar pháipéar’, ach rud eile gníomhú dá réir. Tuigeadh dúinn an méid sin nuair a tháinig cás faoi scéim tithíochta i mBaile an Fheirtéaraigh chun cinn. Bhí cosaint na Gaeilge sa Ghaeltacht i bPlean Forbartha Chomhairle Contae Chiarraí ach nuair a tugadh cead do Southbound Properties tithe a thógáil ar an mBuailtín, níor cuireadh cúrsaí teanga san áireamh sna coinníollacha. Ní dhearna Údarás na Gaeltachta aon aighneacht a chur ag an gComhairle Contae faoin gcás, cé gur cuireadh ar an eolas iad faoi. Rinne mise achomharc ar an mBord Pleanála ar son an phobail. Chuir an Bord Pleanála coinníoll teanga ar 75% de na tithe, ach níor chuir an Chomhairle Contae an coinníoll i bhfeidhm!

Bhí rudaí níos fearr i gcás na Gaillimhe, ach ní raibh cúrsaí sásúil ansin ach an oiread. Aithníodh sa bPlean Forbartha an tábhacht a bhaineann le cosaint a thabhairt don Ghaeilge sa Ghaeltacht. Treisíodh an chosaint nuair a glacadh le Plean Áitiúil na Gaeltachta mí Feabhra 2008 agus é leagtha síos ann go gcaithfeadh coinníoll teanga a bheith le 80% ar a laghad de na tithe in aon fhorbairt tithíochta le dhá theach nó níos mó. Ní hamháin sin ach glacadh le polasaí ar a tugadh ‘Neartú Gaeltachta’ air, polasaí a thug aitheantas speisialta do dhaoine le Gaeilge líofa a bheadh ag iarraidh bogadh isteach sa Ghaeltacht, fiú mura mbeadh riachtanas tithíochta acu.

Ar a laghad bhí na polasaithe ar pháipéar i gcás Chomhairle Chontae na Gaillimhe ach faraor ní raibh na polasaithe céanna á gcur i bhfeidhm go sásúil ag na feidhmeannaigh. Bhíodh an coinníoll Gaeilge débhríoch. Ní raibh aon chaighdeán soiléir leagtha síos sa gcoinníoll maidir le líofacht agus fuarthas amach go raibh pas á thabhairt do dhaoine nach raibh Gaeilge acu ag oifigeach sinsearach sa gComhairle Contae tar éis dóibh teip a fháil sa scrúdú.

Ba léir go gcaithfí achomharc a dhéanamh chuig an mBord Pleanála lena chinntiú go gcuirfí i bhfeidhm na polasaithe a bhí sna pleananna forbartha. Ach ní fhéadfaí an cúram sin a fhágáil faoi dhaoine aonair nó coistí áitiúla. Le dul i ngleic leis an bhfadhb bunaíodh an eagraíocht Airdeall faoi scáth Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge. Bhí daoine ar fud na Gaeltachta páirteach san eagraíocht sin: ó Ghaeltacht Thír Chonaill, Gaeltacht na Gaillimhe, Gaeltacht na nDéise, Gaeltacht na Mí agus Gaeltacht Chorca Dhuibhne.

Ghlac lucht Airdeall orthu féin achomharc a dhéanamh chuig an mBord Pleanála i gcás ar bith ina raibh scéim tithe á ceadú gan choinníoll teanga i gceantair Ghaeltachta ina raibh an teanga fós in úsáid.  Níor chuir Airdeall aon spéis in áiteacha amhail Baile an Chláir, Bearna, Maigh Cuilinn, An Daingean agus An Clochán Liath. Ní bheadh aon chiall lena leithéid do chosaint a thabhairt don Ghaeilge sna ceantair sin nuair nárbh ann di iontu mar theanga phobail. Chuathas go dtí an Bord Pleanála maidir le cásanna i gCois Fharraige, ar an gCeathrú Rua, i gCorca Dhuibhne, i nGaoth Dobhair agus i nGort a’ Choirce. I gcás chuile achomharc rialaíodh i bhfabhar Airdeall agus cuireadh coinníollacha teanga soiléire i bhfeidhm.  I gcás corrchás cuireadh an cead pleanála ar ceal, cé nach é sin a d’iarr Airdeall in aon chás.

Ní raibh mórán tacaíochta ar fáil ó Údarás na Gaeltachta san obair seo.  Go deimhin ba léir nár thaitin obair Airdeall le daoine sinsearacha san eagraíocht sin. D’eagraigh an tÚdarás cruinniú mí Iúil 2006 in Óstán na Páirce leis an gcóras pleanála agus cosaint na Gaeilge a phlé. Níor tugadh cuireadh d’Airdeall ag an gcruinniú, cé gurb iad is mó a bhí gníomhach ag an am ag iarraidh a chinntiú go mbeadh cosaint ag an nGaeilge sa chóras pleanála sa Ghaeltacht, mar a bhí leagtha síos sa reachtaíocht.

Ní cuimhneach liom an tÚdarás ag cur achomhairc ag an mBord Pleanála ach i gcás amháin i nGaeltacht Chonamara: scéim tithíochta a bhí le tógáil gar do cheanncheathrú an Údaráis sna Forbacha.  Tarraingíodh siar an t-achomharc i gcás na dtithe a bhí le tógáil sna Forbacha, sula raibh an Bord Pleanála in ann cinneadh a dhéanamh. Níor tugadh aon chúis le tarraingt siar an achomhairc sin.

Bhí polaiteoirí ar Bhord an Údaráis ag an am, a bhí glan in aghaidh coinníollacha teanga a bheith á gcur le forbairtí tithíochta agus a bhí nimhneach in aghaidh Airdeall agus an obair a bhí ar bun ag an eagraíocht.

An scéal mar atá anois

B’shin mar a bhí. Cé mar atá an scéal anois? Tá Príomhfheidhmeannach nua ar an Údarás agus Cathaoirleach nua i gceannas ar an mBord. Ach ní léir go bhfuil an tÚdarás aon phioc níos fearr, ach a mhalairt. Ar a laghad an uair sin bhí an tÚdarás réasúnta gníomhach ó thaobh aighneachtaí a sheoladh ag an gComhairle Contae nuair a bhí pleananna forbartha á réiteach.  Le gairid glacadh le hathrú ar Phlean Forbartha na Gaillimhe, athrú a thiocfadh in áit an Phlean Áitiúil don Ghaeltacht a bhíodh ann. Athrú é seo a lagaíonn an chosaint a thugtar don Ghaeilge i nGaeltacht Chonamara agus Árann.

Bhí dhá dheis ag Údarás na Gaeltachta aighneacht a chur ag an gComhairle Contae faoin athrú a bhí beartaithe. Dúirt Údarás na Gaeltachta nach mbeadh aon aighneacht á réiteach acu ach go bhfágfaí an cúram sin faoin Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta.

Ba léir go raibh an chéad aighneacht ón Roinn lag mar ní raibh aon éifeacht léi. Nuair a fuair an Roinn an dara deis cuireadh aighneacht fhada chuimsitheach isteach faoi chosaint na timpeallachta ach ní raibh aon cheo ráite inti faoin gcosaint ba cheart a thabhairt don teanga!

Níl Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge ann a thuilleadh. Níl Airdeall ann a thuilleadh ach an oiread. Tá an chuma ar an scéal nach bhfuil Údarás na Gaeltachta sásta tada a dhéanamh seachas an litir chaighdeánach chéanna a scríobh ag Comhairle Chontae na Gaillimhe i gcás forbairt ar bith, bíodh sé ina óstán, ina scéim tithe nó ina ionad séarachais ar an Spidéal. Is maith an rud é go bhfuil an tÚdarás sásta an méid sin a dhéanamh, mar go dtugann an aighneacht chaighdeánach chéanna, cead don Údarás dul ag an mBord Pleanála sa gcás nach mbíonn coinníoll cuí curtha ag an gComhairle Contae le cead pleanála. Ach an bhfuil an toil ag Údarás na Gaeltachta dul chomh fada leis an mBord Pleanála?

I gcás na timpeallachta bíonn an EPA breá sásta dul ag an mBord Pleanála. I gcás cosaint a thabhairt don dúlra bíonn an NPWS, ar cuid den Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta é, sásta achomharc a dhéanamh nuair is gá. Ach maidir le cosaint a thabhairt don Ghaeilge sa gcuid bheag den Ghaeltacht ina bhfuil sí fós á labhairt, tá an chosúlacht ar an scéal go mbíonn drogall ar Roinn na Gaeltachta agus ar Údarás na Gaeltachta achomharc a chur ag an mBord Pleanála. Fágtar an cúram sin ar dhaoine aonair nó ar choistí pobail.

Má tá aon rath le bheith ar an bpleanáil teanga, caithfear a chinntiú nach gceadaíonn an córas pleanála forbairtí tithíochta a dhéanfaidh dochar don Ghaeilge i gceantar ar bith ina bhfuil sí ina teanga phobail. Agus borradh faoin eacnamaíocht, tá brú ag teacht arís ar Ghaeltacht Chois Fharraige, mar go bhfuil sé chomh gar do Chathair na Gaillimhe. Tá na fógraí crochta arís ag forbróirí le cur in iúl go bhfuil cead á lorg le scéimeanna tithíochta a thógáil sna Forbacha agus sa Spidéal, forbairtí a  d’fhéadfadh dochar fadtéarmach a dhéanamh don Ghaeilge sa gceantar. Tá an chosúlacht ar an scéal go bhfuil Údarás na Gaeltachta, an eagraíocht stáit a bunaíodh leis an nGaeilge a leathnú mar theanga phobail sa Ghaeltacht, ag seasamh ar leataobh agus ag fágáil an chúraim faoi dhaoine aonair agus coistí pobail, agus ag folach a náire le litir chaighdeánach a lorgaíonn ‘aitheantas’ don Ghaeilge seachas cosaint.

Fág freagra ar 'Ag folach a náire maidir le cás na Gaeilge sa chóras pleanála atá Údarás na Gaeltachta'

  • Feardorcha

    An-alt a Dhonncha.
    Déanaim amach go bhfuil níos mó déanta agat féin leis an nGaeltacht a chosaint ná atá déanta ag an Údarás, lena milliúin móra.
    Tá sé sin leathslí idir mholadh ortsa agus cháineadh orthusan. Le bheith glan soiléir faoi, níl ionad cóireála séarachais ar domhan atá in ann don Údarás lofa. “Ag folach a náire”? Níl náire iontu.

  • Gléire

    Cé a lig isteach béarlóirí san áit nach raibh Béarla ar bith le cloisteáil i.e Inis Meáin? Maidir le Cois Fharraige sin scéal eile, dhiún Béarla ná Gaeilge ag a leath!

  • Gearóid de Grás

    An-alt, cinnte. Maith thú as an cheist a chur os comhair an phobail chomh soiléir sin – agus as do chuid oibre sa réimse seo go dtí seo. Is trua nach bhfuil Airdeall ann a thuilleadh. Tá géarghá le grúpa éigin a bheith ann le bheith airdeallach ar na cúrsaí seo – agus gníomhú dá réir. Is léir le fada gur cuma le polaiteoirí an Údaráis agus na státseirbhísigh agus polaiteoirí eile faoi chás na Gaeilge.

  • Mánus

    “Risks around declining use of the Irish language in Gaeltacht areas and consequent risks to national identity – This specific issue is not included as a strategic risk this year.”

    https://www.taoiseach.gov.ie/eng/publications/publications_2018/national_risk_assessment_2018_-_overview

  • Ben Ó Ceallaigh

    An-alt go deo. Maith thú a Dhonncha.