Comhghairdeas leis na laochra a fuair Gradaim PWC Réalta Éireann san iomáint seachtain ó shin. Bhí cuid mhaith saineolaithe sásta go leor leis an bhfoireann a piocadh. Ní dóigh liom go raibh leantóirí Laighean, nach bhfuair aon ghradam, róshásta go háirithe muintir Chill Chainnigh. Agus mar is gnáth bhí malairt tuairime faoi chúpla ionad ar an bhfoireann.
Dar ndóigh, bíonn rogha na foirne seo bunaithe ar thuairimí suibiachtúla cuid maith daoine agus ag an deireadh bheifeá ag ceapadh go mbíonn an lá leis an daonlathas. Cheapas féin go raibh sé dian ar John Conlon agus Aaron Gillane. I mo thuairim bhí an-bhliain ag an mbeirt san, go háirithe Gillane a bhí go hiontach sa chraobh. Ceapaim go bhfuil an dainséar ann go bpiocfar an fhoireann, beagnach go hiomlán, bunaithe ar thaispeántais na n-imreoirí sin a bhíonn fós ag imirt sna cluichí i mí Iúil.
B’fhéidir go bhfuil sé in am foireann réalta na sraithe sna ranna difriúla a phiocadh ag deireadh an fheachtais sraithe chomh maith le foireann craoibhe. Fágfaimid siúd mar atá sé go dtí an t-am seo an bhliain seo chugainn.
Comhghairdeas freisin le hiománaithe Nás na Rí a thug leo craobh chontae Cill Dara den séú huair i ndiaidh a chéile an Domhnach seo caite. Le tamall de bhlianta tá an-obair á déanamh acu sa chlub ag cur chun cinn na hiomána. Beidh siad i gcoinne Naomh Máirtín Loch Garman i gcraobh Laighean seachtain ón lá amárach, an Domhnach an 17 Samhain, agus gach seans acu.
Ar pháirc na himeartha, coicís ó shin, tháinig deireadh le curiarracht cheann de na foirne is láidre, is rathúla agus is fearr sa tír nuair a bhuaigh club oirthear na Gaillimhe, Ceapach an tSeagail ar Naomh Tomás sa chluiche leathcheannais contae. Le blianta beaga anuas tá dul chun cinn déanta ag Ceapach an tSeagail agus na cluichí leathcheannais sroichte acu ceithre huaire agus cluiche ceathrú ceannais dhá uair eile. Chaithfeá a admháil, ag an bpointe seo, go bhfuil a seans tuillte acu. Ach níos luaithe sa gcomórtas ciorclach [round robin] nuair a thug an Turlach Mór léasadh ceart dóibh (1-29 in aghaidh 0-15), ní raibh mórán a cheap go mbeidís fós ina seasamh ar an Domhnach deireanach den séasúr. Ach is iad atá ann agus an ceart sin tuillte acu.
Maidir le Naomh Tomás, seaimpíní na hÉireann anuraidh, bhuel chailleadar cluiche amháin agus bhí comhscór acu i gcluiche eile sa gcomórtas ciorclach. D’fhéadfá a rá go raibh comharthaí ann nach raibh cúrsaí ar fheabhas sa champa. Ach cad é mar churiarracht a bhí ag an gclub ó bhuadar a gcéad chraobh contae in 2012. Chuireadar craobh na hÉireann leis Lá le Pádraig 2013 agus seacht gcinn eile de chraobhacha contae agus craobh na tíre uile anuraidh. Sin rath duit.
Ach is iad Ceapach an tSeagail a chuir deireadh leo agus cúl le spáráil acu.
Sa chluiche leathcheannais eile is iad Baile Locha Riach ab fhearr a thaispeáin na dintiúir agus iad dhá cúl níos fearr ná Droichead an Chláirín an lá sin. Ó thosach na craoibhe níl aon chluiche caillte ag foireann Bhaile Locha Riach agus tráthúil go leor bhí dhá chúl idir iad agus Droichead an Chláirín a bhí sa ghrúpa céanna leo, nuair a d’imríodar a chéile níos luaithe.
I stair an chumainn níl ach dhá chraobh buaite acu, ceann in 2006 agus ceann i 1941, agus chailleadar an cluiche ceannais cúig uaire ó 2006.
Tá siad go láidir mar rogha don chluiche ceannais amárach.
Fág freagra ar 'Ag filleadh ar pháirc na himeartha is na gradaim bronnta'