Ag cur do thuairisce… (na scéalta is mó a léadh le seachtain anuas)

Colún plé agus eolais dár léitheoirí…

Quotations 2

Is iomaí duine atá tagtha chomh fada le Tuairisc.ie le coicís chun éisteacht le Ruairí Mac Somhairle agus é ag caint le Seán Ó Mainnín faoina bhfuil ar siúl aige thiar ar an gCeathrú Rua i gConamara.

Nach mór daichead míle duine a d’fhéach ar agallamh breá Ruairí le dhá lá anuas agus suim curtha ina chuid cainte ag leithéidí Joe.ie, an Belfast Telegraph, an Irish Mirror, entertainment.ie, Today FM, an Irish Independent agus an Irish Post.

Guímid gach rath ar Ruairí agus é ag tabhairt faoina chuid staidéir ar an nGaeilge agus na Meáin Chumarsáide in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ar an gCeathrú Rua.


Le teacht ar Tuairisc.ie…

Bíodh súil in airde agaibh mar is gnáth le roinnt scéalta agus colúin shuimiúla eile ar Tuairisc.ie sna laethanta amach romhainn agus leithéidí Mháire Ní Fhinneadha, Póilín Ó Ciaráin, Sara Ní Chuirreáin, Cathal Mac Coille, Mártan Ó Ciardha, John Allen agus Alex Hijmans i mbun pinn againn.

Ná bíodh aon leisce oraibh teagmháil a dhéanamh linn faoi aon ghné d’obair Tuairisc.ie ag nuacht@tuairisc.ie nó ar Facebook nó Twitter. Scaipigí an scéal, le bhur dtoil!

 


Na scéalta is mó a léadh ar Tuairisc.ie an
tseachtain seo

 

An Ghaeilge liom, an Ghaeilge romham, an Ghaeilge im dhiaidh…

 

Súil le suas le £500,000 ar phictiúr d’fhear as Carna i gceant i Londain amárach

 

‘When the gurriers of Dublin shall have broken telephone boxes talking Irish, then we will have saved the language’

 

An Caighdeán Oifigiúil nua le foilsiú i Márta 2016

 

Ardú tagtha ar líon na ndaltaí ar scoileanna lán-Ghaeilge Thuaisceart Éireann

 


A ndúirt siad…

Is truailliú ar thraidisiúin na hÉireann é a bheith ag cabhrú le hArm na Fraince agus ba chóir a bheith ag tacú leo siúd atá ag lorg chearta na dTuargach’

Eoin Ó Murchú

Nuair a chloisimse duine ag déanamh gaisce as gan aon Ghaeilge a bheith aige, fiafraím de ar an bpointe an raibh sé ag éisteacht le ranganna Gaeilge sa mbunscoil, sa meánscoil agus ag an ollscoil? Nuair a fhreagraíonn sé go raibh, fiafraím de ansin arb eisean nó an múinteoir a bhí mall, nó an mbeadh baol ar bith gur taom den seoiníneachas a choinnigh dall é?

Seosamh Ó Cuaig

Géarchúis, gliceas agus seiftiúlacht na tréithe a luaití le Peter Robinson ar feadh na mblianta ach le gairid bhí comhghleacaithe míshuaimhneach faoi bhotúin an pháirtí

Póilín Ní Chiaráin

Cuimhnigh go n-íocaimidne, cáiníocóirí, tuarastal bliantúil €87,258 ar a laghad le gach duine a bhí páirteach sa chomhrá seo gan mhaith, chomh maith le liúntais foirne, oifige agus taistil

Cathal Mac Coille

 


Rogha na seachtaine

Questions and queries? Cuirimis tús leis ‘An Scéim um Chur i Leataobh Focail Ghaeilge’

 

Synge agus Yeats i gConamara i 1905: An Cheathrú Rua ar an bparóiste is boichte in Éirinn ach gan éinne ag lorg déirce ann

 

‘Ní fhéadfainn mo dhroim a thabhairt léi’ – Aodán Mac Gearailt ainmnithe do ghradam ‘People of the Year’ as cabhrú le cailín a bhí i mbaol an fhéinmharaithe

 

 


Físeán na seachtaine…

 

FÍSEÁN: Clár drámatúil faoi aistear ceithre bhád as Árann, ceann acu a chuaigh go tóin poill…

 

Fág freagra ar 'Ag cur do thuairisce… (na scéalta is mó a léadh le seachtain anuas)'