Seafóid sa Dáil, sinne a íocann as

Fearacht go leor daoine eile, cuireann Teachtaí Dála am amú i dTeach Laighean. Ach sinne a íocann as…

09/10/2015 Tanaiste and Labour Party Minister for Social Protection, Joan Burton outside Dublin Castle today before she addressed a special Consultation Forum on 'Pathways to Work†2016 - 2020.†The Pathways to Work strategy is designed to ensure that no one is left behind in recovery, and in particular that as many as possible of the new jobs are taken up by†jobseekers from the Live Register. Photo:Leah Farrell/RollingNews.ie
Pictiúr: Leah Farrell/RollingNews.ie

Ní bhíonn aon dul as ag iriseoirí uaireanta ach éisteacht le seafóid. Bíonn a fhios againn de ghnáth roimh ré, mar shampla, agus duine ar tí óráid a thabhairt (má fhágtar correisceacht as an áireamh), nach mbeidh ábhar scéil ann.

Go minic, go deimhin, ní bhíonn fiú abairt nó dhó ann arbh fhiú iad a chur i gcló, a chrochadh ar líne nó a chraoladh ar an aer.

Bíonn ar fheirmeoirí, ar ndóigh, an chruithneacht a scagadh ón gcáithleach, ach déanann meaisíní an obair dóibh. Faraor, níl meaisín ar fáil chun caint spéisiúil a scagadh ó raiméis. Ná chun freagra gan mhoill a fháil ar cheist.

Admhaím, mar sin, a léitheoir uasail, gur tearc an t-ábhar fiúntach sa chaint atá faoi chaibidil thíos. Ní bheadh cur síos air anseo ar chor ar bith murach gur sampla é den chaint gan bhrí a chloistear rómhinic i nDáil Éireann.

Cuimhnigh go n-íocaimidne, cáiníocóirí, tuarastal bliantúil €87,258 ar a laghad* le gach duine a bhí páirteach sa chomhrá seo gan mhaith, chomh maith le liúntais foirne, oifige agus taistil. 

Tá an chuma ar chuid den chaint thíos go bhfuil na cainteoirí ar a laghad leathbhodhar, ach níl ann ach cur síos cruinn beacht ar a ndúradh. Cibé locht atá air, bíodh. Ní mise a chum ná a cheap.

Ceist agus (sórt) freagra – cur síos deich bpointe

  1. Déardaoin, Tráth na gCeist ó Cheannairí. Bhí ceannaire Fhianna Fáil, Micheál Martin, as láthair, agus labhair Barry Cowen ina ionad. Mar is gnáth gach Déardaoin, labhair an Tánaiste Joan Burton thar ceann an rialtais.
  2. Chuir Cowen ceist faoin bhfáth go bhfuil an ráta úis ar mhorgáistí atá á iarraidh ag bainc na hÉireann 2% os cionn an mheáin Eorpaigh.
  3. 3. Dúirt Burton leis láithreach gur mór an éagóir é gur chuir Fianna Fáil fios ar an troika, agus go raibh go leor teaghlach faoi bhrú mar gheall ar a ndearna siad nuair a bhí siad i mbun rialtais.
  4. Thosaigh Teachtaí Dála éagsúla i bhFianna Fáil ag casaoid faoi sheachaint na ceiste. Bhéic corrtheachta ar thaobh an rialtais ar ais. Dúirt an Leas-Cheann Comhairle, Tom Kitt nach raibh se ábalta duine ar bith a chloisteáil.
  5. Dúirt Burton gur mar gheall ar fhaillí Fhianna Fáil a theip ar na bainc. Mhol sí do dhaoine le morgáistí aistriú go dtí bainc eile, chun teacht ar rátaí níos ísle.
  6. Ar shíl sí dáiríre, arsa Cowen léi, go mbeadh iasachtaí ar bith ábalta teacht ar ráta úis a bheadh 2% níos ísle ach aistriú go dtí banc eile? Agus an raibh sé ar intinn aici tagairt don rialtas deireanach i ngach freagra?
  7. D’fhiafraigh Burton de ar chóir go mbeadh meas a bheith aici ar pháirtí nach raibh aon spéis acu (dar léi, agus í ag tagairt d’agallamh le Billy Kelleher a foilsíodh san Irish Times) i rannpháirtíocht rialtais?
  8. Dúirt Cowen go raibh “sweet FA” déanta faoi rátaí úis ag an Rialtas. Dúirt Burton leis go raibh dhá mhilliún duine beagnach ag obair. Dúirt Cowen léi nach raibh ach a 7% ag an Lucht Oibre sna pobalbhreitheanna. Thosaigh an bhéicíl arís, ar chaon taobh.
  9. “Order please, from everybody,” arsa an Leas-Cheann Comhairle. D’iarr sé ar a raibh i láthair gan a bheith chomh glórach.
  10. “If he wants an answer,” arsa Joan Burton leis an Leas-Cheann Comhairle, “he just has to shut up for a while and listen to the answer”. Freagra ní bhfuair sé, áfach. Chuir an Leas-Cheann Comhairle deireadh leis an gcaint díreach ina dhiaidh sin.

Ní foláir a rá láithreach nach gcloistear an oiread seafóide, ná seachaint ceisteanna chomh mínáireach, ná fonóid chomh páistiúil, sa Dáil de ghnáth. Ach léiríonn caint mar seo drochmheas ar an bpobal, agus tá meas an phobail ar pholaiteoirí sách íseal cheana féin.

Ní leigheas an tseafóid ar mheon dá leithéid.

*Íoctar tuarastal bliantúil €171,309 leis an Tánaiste Joan Burton.

– Cuireann Cathal Mac Coille ‘Morning Ireland’ i láthair ar RTE Raidió a hAon

Fág freagra ar 'Seafóid sa Dáil, sinne a íocann as'

  • Pádraig Ó Cíobháin

    Is léir gur paca gamall formhór a bhfuil de theachtaí dála ann. Is mó d’amadáin sinne a thoilíonn cur suas leo. Tá sé thar am an Dáil a dhúnadh, Teach Laughean a chur ar fáil do dhaoine ar a dtabbarfaidh an sirriam cuaird go luath. Is náire bheirithe a bhfuil de phaidhseáin ag cur airgid amú agus pá ná fuil tuillte acu á dh’fháilt acu, airgead dob fhéidir a dh’úsáid ar shlí go ndéanfadh sé maitheas éigin sochad é chaitheamh go dtí na gamaill sin.