Ag cur do thuairisce…

Colún eolais agus plé dár léitheoirí…

Quotations

Beidh ár gcolúnaithe i mbun pinn mar is gnáth an deireadh seachtaine seo agus ailt againn le Cathal Mac Coille, Póilín Ní Chiaráin, Alex Hijmans, John Allen agus muintir Uí Chiardha. Caithfidh Pádraic Ó Ciardha súil chun cinn ar chluichí craoibhe na hiomána, mar a dtabharfaidh Cill Chainnigh agus Loch Garman aghaidh ar a chéile i gCúige Laighean fad is a bheidh Tiobraid Árann agus Luimneach á fhéachaint lena chéile sa Mhumhain.

Na paráidí ó thuaidh a bheidh faoi chaibidil ag Póilín Ní Chiaráin. ‘Is é fírinne an scéil nach bhfuil tada déanta ag… polaiteoirí Stormont chun ceist na bparáidí agus na mbratacha a fhuascailt’, a deir Póilín. Tá go dtí deireadh na míosa ag na polaiteoirí céanna céimeanna áirithe a thabhairt chun an méid a gealladh faoi pharáidí, bratacha agus araile a chur i gcrích. Neosfaidh an aimsir an dtarlóidh sé sin.

Idir an dá linn, féachfaidh Alex Hijmans ar an dlúthbhaint atá idir sléacht Charleston agus foréigean institiúideach phóilíní Mheiriceá i gcoinne an phobail ghoirm.

I mBéal an Phobail…

“Níl a fhios agam cén fáth go mbíonn daoine ag ceapadh go bhfanfaidh muide beo mar phobal Gaeilge nuair a fuair an chuid eile bás idir an dá linn”, a dúirt Joe Steve Ó Neachtain agus é ag caint le Maitiú Ó Coimín seo againne níos luaithe an tseachtain seo. Ba é alt Mhaitiú a bhí sa chéad áit ar an liosta léitheoireachta an tseachtain seo.

Caithfear éisteacht, ach caithfear labhairt amach freisin, a deir Ó Neachtain, faoin tuar go bhfuil an Ghaeilge i mbaol a báis mar theanga pobail sa Ghaeltacht. Níor mhiste féachaint le cur abhaile ar an aos óg go bhfuil fiúntas ag baint lena dteanga dhúchais agus le hoidhreacht na teanga sin. Ba stuama an mhaise dóibh, shílfeá, éisteacht le comhairle James Joyce, a mhol do mhuintir na tíre seo a bheith dílis dá dtraidisiún féin. Bhí an t-alt seo sa dara háit ar an liosta agus é á fhoilsiú ar Bloomsday, a dhéanann ceiliúradh ar mhórshaothar Joyce, Ulysses.

Ba ar an lá céanna a fuarthas an drochscéala ó Bherkeley faoin seisear mac léinn Éireannacha a cailleadh go tubaisteach thall ansin.

Cailleadh seisear agus gortaíodh seachtar eile go dona nuair a thug balcóin arásáin uaidh go moch ar maidin an lae sin. Táthar anois i mbun fiosrúcháin féachaint conas a tharla an eachtra agus balcóiní eile an fhoirgnimh á scrúdú ag innealtóirí agus póilíní lena chinntiú go bhfuilid stóinsithe a ndóthain.

Idir an dá linn, tá líne chabhrach oscailte ag an Roinn Gnóthaí Eachtracha le haon chúnamh a thabhairt do shaoránaigh Éireannacha a bhfuil an tragóid seo tar éis cur isteach orthu. Beannacht Dé le hanamacha na marbh.

Ag filleadh ar cheist na teanga, maíonn an tOllamh Conchúr Ó Giollagáin, údar an Nuashonrú ar an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch, gurb í “an phairilis” seachas “an fhírinne” atá ag teacht idir an Ghaeltacht agus caomhnú na teanga inti. 

Arís ar ais, níor mhiste a chur in iúl d’aos óg na Gaeltachta a oiread measa atá ag sciar nach beag de phobal na tíre ar an teanga, ní hamháin i dtéarmaí cultúrtha agus oidhreachta, ach ar bhonn eacnamaíochta freisin, mar a léiríonn alt Mhaitiú Uí Choimín ar phobalbhreith a rinneadh le gairid.

Ba iad an dá alt seo a bhí sa cheathrú agus sa chúigiú háit ar an liosta againn agus a thug lón machnaimh dár léitheoirí.

Ba dhóigh leat go raibh beannacht agus údarás na ndaoine ag an Stát feidhmiú go dearfach i leith na teanga agus an tsiléig a fhágáil ina ndiaidh. Ach an bhfágfaidh?