Pobalbhreith: Creideann 53% de dhaoine gur acmhainn luachmhar í an Ghaeilge a dhéanfadh leas na heacnamaíochta

Léiríonn pobalbhreith atá déanta ag Conradh na Gaeilge/Millward Brown go bhfeictear do chuid mahith de mhuintir na hÉireann, thuaidh agus theas, go mbaineann buntáiste gnó leis an nGaeilge

Comhartha dátheangach i nGaillimh. Pictiúr le Gaillimh le Gaeilge
Comhartha dátheangach i nGaillimh. Pictiúr le Gaillimh le Gaeilge

Creideann tromlach de phobal an Stáit gur acmhainn luachmhar í an Ghaeilge a d’fhéadfadh leas na heacnamaíochta a dhéanamh.

Léiríonn pobalbhreith a rinne Conradh na Gaeilge i gcomhar le Millward Brown go gcreideann formhór an phobail ó dheas – 53% – gur acmhainn ar leith í an Ghaeilge a chuirfeadh le forbairt eacnamaíochta na hÉireann.

D’aontaigh 46% de phobal Thuaisceart Éireann go láidir leis an áiteamh gur acmhainn gnó ar leith í an Ghaeilge.

Léiríonn an phobalbhreith chomh maith go bhfuil 42% den phobal ó dheas agus 37% den phobal ó thuaidh den tuairim gurb ionann úsáid na Gaeilge do lucht gnó na hÉireann agus ‘gné uathúil dhíolacháin’ (unique selling point).

Ba i measc an aosa óig is treise a bhí an tuairim go mbaineann buntáiste gnó leis an nGaeilge. D’aontaigh 47% díobh sin a bhí idir 15 agus 34 bliain d’aois go láidir leis an tuairim gur ionann an Ghaeilge agus ‘gné uathúil dhíolacháin’ ag lucht gnó.

I dTuaisceart Éireann, ba dhaoine sna contaetha cois teorann (42%) agus Caitlicigh (52%) is mó a bhí den tuairim go bhfuil buntáiste gnó ag baint leis an nGaeilge. Lucht feirmeoireachta (46%) agus muintir na Mumhan (48%) is mó a chreid amhlaidh ó dheas. Bhí 65% de lucht labhartha na Gaeilge agus díobh sin a bhfuil tuiscint acu ar an teanga báúil don Ghaeilge mar uirlis ghnó freisin.

D’easaontaigh 38% díobh sin a bhí os cionn 65 bliain d’aois leis an áiteamh go bhfuil buntáiste gnó ag baint leis an nGaeilge. Ba i mBaile Átha Cliath (36%) agus sna contaetha is faide ó thuaidh (43%) a bhí an líon is mó daoine nár aontaigh leis an ráiteas. Bhí tromlach na bProtastúnach i dTuaisceart Éireann den tuairim nach mbaineann buntáiste gnó leis an nGaeilge ach an oiread.

Ba iad Protastúnaigh agus daoine agus sna contaetha is faide ó thuaidh is mó a d’easaontaigh leis an áiteamh go “gcuirfeadh an Ghaeilge le forbairt eacnamaíochta an oileáin” freisin. Dúirt 47% de Phrotastúnaigh an Tuaiscirt agus 42% de dhaoine a mhaireann sna contaetha is faide ó thuaidh nár aontaigh siad leis an ráiteas sin. Ó dheas, ba iad na daoine a bhí os cionn 45 bliain d’aois is mó a dúirt nárbh acmhainn luachmhar í an Ghaeilge a d’fhéadfadh leas na heacnamaíochta a dhéanamh.

Ba dhaoine a mhaireann i gCúige Laighean (56%) daoine óga (61%) gur ar leas na heacnamaíochta a bheadh sé dá mbainfí níos mó úsáide as an nGaeilge.

Bhí tromlach de mhuintir Bhéal Feirste (54%) den tuairim chéanna.

USP
FOINSE: Conradh na Gaeilge/Millward Brown

Acmhainn
FOINSE: Conradh na Gaeilge/Millward Brown

Fág freagra ar 'Pobalbhreith: Creideann 53% de dhaoine gur acmhainn luachmhar í an Ghaeilge a dhéanfadh leas na heacnamaíochta'

  • Colmán

    Is líon measartha íseal é sin ach tá sé measartha soiléir go bhfuil an Ghaeilge ina chuid luachmhar de gheilleagar na hÉireann. Amharcaimis mar shampla ar líon na dturasóirí chuig Oileáin Ghaeltachta i gcomparáid le hoileáin eile.

  • sean o rathaille

    Is ais iontach luachmhar i an Ghaeilge o gach aon taobh agus bionn agus beidh eileamh ar dhaoine ata sar-inniuil i labhairt agus i scriobh na Gaeilge.
    Ach mo lean agus mo chreach, ta an cineal sin duine gannchuiseach go maith ar na saolta seo. Ta eileamh ar aistritheoiri san Euroip agus beidh amach anseo ach is deacair daoine leor-chailithe a fhail. Poist mhaithe iad seo le tuarastal agus coinniollacha den scoth.
    Ma bhaintear an maolu beidh nios mo daoine fos ag teastailt.
    Ni thuigeann roinnt mhaith de mhuintir na Gaeltachta cad e saibhreas ata acu, cuid acu a cheileann an teanga r an ngluin og faraoir.
    Eileamh thar mean ag eachtrannaigh ar an nGaeilge, muinteoiri ag teastailt ar fud an domhain!