Aer Arann ag éirí as an tseirbhís aeir d’oileáin Árann agus cás cúirte beartaithe acu

Thug Aer Arann fógra do Roinn na Gaeltachta inné go bhfuil fúthu tarraingt siar ón gconradh atá acu seirbhís aeir a chur ar fáil do na hoileáin

Aer Arann ag éirí as an tseirbhís aeir d’oileáin Árann agus cás cúirte beartaithe acu

Tá Aer Arann chun éirí as an tseirbhís a chuireann siad ar fáil d’oileáin Árann ag deireadh na bliana seo agus cás cúirte á ghlacadh acu in aghaidh Aire Stáit na Gaeltachta agus Roinn na Gaeltachta.

Dheimhnigh an t-iar-aire stáit Gaeltachta Seán Kyne ar Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta gur thug Aer Arann fógra do Roinn na Gaeltachta inné go bhfuil fúthu tarraingt siar ón gconradh atá acu seirbhís aeir a chur ar fáil do na hoileáin.

Dúirt an tAire Stáit Kyne chomh maith gur thug Aer Arann le fios chomh maith inné go raibh cás cúirte beartaithe acu in aghaidh Aire Stáit na Gaeltachta agus Roinn na Gaeltachta.

Baineann an t-easaontas idir an Roinn agus an comhlacht le téarmaí an chonartha a bronnadh ar Aer Arann ag tús na bliana seo caite.

Tuigtear go mbaineann an cás san Ard-Chúirt le hiarratas Aer Arann go gcuirfí próiseas eadrána ar bun chun iarracht a dhéanamh teacht ar réiteach ar an aighneas faoi théarmaí an chonartha.

Maireann an conradh atá ag Aer Arann go dtí an 31 Nollaig 2020, ach tá fógra tugtha ag an gcomhlacht do Roinn na Gaeltachta go mbeidh an conradh á chur ar cheal acu ar an 6 Nollaig.

Aighneas faoi bhrí théarmaí an chonartha sin is cúis le cinneadh Aer Arann agus lucht an chomhlachta míshásta go háirithe faoin scéal gur gá táillí tuirlingthe a íoc d’aon eitilt seachas na heitiltí sin a chaitear a chur ar fáil mar chuid den chonradh PSO.

Tá míshástacht chomh maith ann faoi theorainn a bheith á cur leis an leibhéal brabúis a d’fhéadfaí a dhéanamh faoin gconradh.

De thoradh an easaontais faoi théarmaí an chonartha, gearradh siar ar líon na n-eitiltí go dtí na hoileáin agus ní raibh muintir na n-oileán féin sásta leis an gclár eitiltí a bhí á chur ar fáil dóibh.

Dúirt Roinn na Gaeltachta go mbeidís ag lorg tairiscintí nua don tseirbhís aeir “in am trátha”, ach dúirt iar-aire na Gaeltachta Éamon Ó Cuív, gur cheart iarracht a dhéanamh teacht ar shocrú le Aer Arann, ar leo Aerfort na Mine in Indreabhán i gConamara chomh maith.

Ag labhairt dó ar an gclár Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta inniu, dúirt Seán Kyne, a bhí ina aire stáit Gaeltachta nuair a aontaíodh an conradh, go raibh téarmaí an chonartha á bplé ag lucht dlí le roinnt míonna anuas féachaint an bhféadfaí teacht ar réiteach ar an easaontas.

Fág freagra ar 'Aer Arann ag éirí as an tseirbhís aeir d’oileáin Árann agus cás cúirte beartaithe acu'