Admhaíonn Ospidéal na hOllscoile i nGaillimh san Ard-Chúirt a bhfaillí i mbás cailín óg as Conamara

Sé bliana a thug tuismitheoirí Aibha Ní Chonaire ag lorg leithscéal ón HSE maidir le bás a n-iníne Aibha

Admhaíonn Ospidéal na hOllscoile i nGaillimh san Ard-Chúirt a  bhfaillí i mbás cailín óg as Conamara

Chuir socrú a rinneadh inniu san Ard-Chúirt deireadh le sé bliana crua troda theaghlach Chonaire as Gabhla i gceantar Charna i gConamara in éadan Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte maidir le bás a n-iníne Aibha sé bliana go ham seo. Bhí Aibha Ní Chonaire, dalta i Scoil Mhuire i gCarna san am, sé bliana d’aois nuair a bhásaigh sí ar an 14 Nollaig, 2011.

Ní dhéanfaidh aon rud beo cúiteamh go deo leo as bás a n-iníne ach fuair muintir Chonaire beagán sóláis as an socrú faoinar ghéill Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte dóibh sa deireadh. I ráiteas a léadh amach san Ard-Chúirt, ghabh Ospidéal Ollscoile na Gaillimhe a leithscéal faoi nár cuireadh Aibha Ní Chonaire as an ospidéal sin go hOspidéal na Leanaí i gCromghlinn i mBaile Átha Cliath le linn di a bheith ina hothar i nGaillimh i mí Lúnasa 2011. Bhí Aibha tugtha chuig Ospidéal na hOllscoile i nGaillimh roinnt babhtaí agus ísliú siúcra ina cuid fola ag goilliúint uirthi. Tugadh ansin í den uair dheiridh, ar an 11 Nollaig 2011, agus siúcra na fola íslithe go mór. Ní raibh sí i bhfad ina hothar ann nuair a bhuail taom í.

Cé gur aistríodh í go dtí Ospidéal Shráid an Teampaill i mBaile Átha Cliath níorbh fhéidir aon chóir a chur uirthi a thabharfadh slán í faoin tráth sin. Cuireadh ar mheaisín análaithe í agus bhásaigh sí cúpla lá tar éis di a bheith tugtha as Gaillimh agus í gan aithne gan urlabhra.

Bhí Caitlín agus Seán Ó Conaire den bharúil go ndearnadh faillí i gcúram Aibha agus chuaigh siad in éadan Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte agus Ospidéal na hOllscoile i nGaillimh faoin gcás. Dúirt Caitlín gur mheabhraigh sí go láidir d’fhoireann Ospidéal na hOllscoile i mí Lúnasa 2011 go raibh sé thar am a dhul go bun an údair faoi gcúis go raibh Aibha ag éagaoin chomh minic sin leis an ísliú ar an siúcra ina cuid fola. Dúirt sí go ndeachaigh sí bog agus crua ar lucht an ospidéil agus í ag iarraidh go gcuirfí Aibha chuig Ospidéal na Leanaí le súil agus go bhfaighfí amach an bunúdar a bhí leis an ísliú siúcra sin. Dúirt an mháthair go raibh gealltanas faighte aici go ndéanfaí amhlaidh.

Cé gur cuireadh scrúdú iarbháis ar Aibha, níor tugadh Coiste Cróinéara le chéile.

Ceann de na héilimh a bhí ag muintir Chonaire ó bhásaigh a n-iníon go reáchtálfaí Coiste Cróinéara. Tar éis dóibh an t-eolas ar fad a bhí curtha le chéile acu faoi chás Aibha a chur faoi bhráid a ndlíodóirí, ghlac Cróinéir Chathair Átha Cliath, an Dr Brian Farrell, leis an iarratas.

Tugadh an Coiste Cróinéara le chéile trí bliana ó shin agus mhair sé naoi lá, an Coiste Cróinéara ab fhaide riamh sa stát seo. Sheas Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte a dtalamh in aghaidh mhuintir Chonaire i gcaitheamh an ama. Shocraigh an Cróinéir sa deireadh gur faillí leighis ba chionsiocair le bás Aibha Ní Chonaire. Ina dhiaidh sin, rinne muintir Chonaire éileamh ar leithscéal agus ar chúiteamh.

Bhí comhráite idir dlíodóirí mhuintir Chonaire agus dlíodóirí Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte ar bun le tamall agus thángthas ar shocrú eatarthu.   Inniu san Ard-Chúirt ghabh Ospidéal na hOllscoile i nGaillimh an leithscéal a bhí á iarraidh ag muintir Aibha le sé bliana. Lena chois sin, tugadh €25,395, an tsuim atá socraithe i gcásanna den sórt seo, do mhuintir Chonaire. Shocraigh muintir Aibha go gcuirfí an tsuim sin i dtaisce dá n-iníon, Sorcha, nó go mbeadh sí ocht mbliana déag d’aois.

Tuairim is deich nóiméad a mhair na himeachtaí san Ard-Chúirt inniu sular fhógair an Breitheamh Cross go raibh séala na cúirte curtha ar an socrú.

Chásaigh an Breitheamh a mbris le muintir Chonaire agus thug sé moladh don chuid sin den socrú a fhágann go mbeidh dochtúir a bhfuil saineolas ar leith aige sa tinneas a bhí ag dul d’Aibha Ní Chonaire lonnaithe in Ospidéal na hOllscoile i nGaillimh feasta. Bhí an ceapachán sin ina chuid den socrú a rinneadh le muintir Chonaire.

Níor tugadh aon eolas faoi aon socruithe eile cúitimh a rinneadh idir Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte agus muintir Chonaire.

Tar éis imeachtaí na cúirte dúirt dlíodóir an teaghlaigh, Damian Tansey, go raibh troid mhisniúil déanta ag muintir Chonaire agus gurbh éigean dóibh a bheith diongbháilte mar gur sheas Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte “ina n-aghaidh i gcaitheamh an bhealaigh”.

Bhí scáth an uaignis ar phobal Iorras Aithneach agus ar Chonamara uilig de bharr scéala báis Aibha Ní Chonaire ar theacht na Nollag, 2011. Tugtar an t-uaigneas sin chun cuimhne i gcónaí i measc an phobail ag chuile Nollaig ó shin agus is amhlaidh i mbliana é. I Reilig Mhaínse atá uaigh Aibha.

 

Fág freagra ar 'Admhaíonn Ospidéal na hOllscoile i nGaillimh san Ard-Chúirt a bhfaillí i mbás cailín óg as Conamara'

  • Maire

    Scéal uafásach brónach agus cuma chomh soineanta óg álainn uirthi sa phictiúr. Cásaimid uile a mbris lena muintir cróga ardaigeanta.