Achainí eile déanta ag an nGarda Síochána i dtaobh bhás fear Gaeltachta 25 bliain ó shin

Creideann na Gardaí go bhfuil daoine ann a bhfuil eolas acu faoi bhás Pháraic Uí Chofaigh as Ráth Chairn in eachtra buille is teitheadh

Achainí eile déanta ag an nGarda Síochána i dtaobh bhás fear Gaeltachta 25 bliain ó shin

Tá achainí eile déanta ag an nGarda Síochána ar dhaoine teacht chun cinn má tá aon eolas acu faoi bhás an fhir óig Páraic Ó Cofaigh in aice le Baile Átha Buí i gcontae na Mí cúig bliana fichead ó shin.

Ar an chlár Crimecall ar RTÉ aréir rinneadh an achainí is déanaí seo ar eolas a chur ar fáil ar bhás Pháraic Uí Chofaigh as Gaeltacht Ráth Chairn.

Ag an 3.00am, an 9 Meitheamh 1996 a bhí Páraic ag siúl abhaile go Dún Doire as club oíche in Áth Buí nuair a tharla an tubaiste. Níor stop an fheithicil a bhuail é. Tugadh chuig an ospidéal in otharcharr é áit ar deimhníodh go raibh an fear óg ocht mbliana déag básaithe.  

Níor stop an teaghlach agus An Garda Síochána ó shin dá n-iarrachtaí an cás seo a réiteach.

Creideann na Gardaí go bhfuil daoine ann a bhfuil eolas acu a bhaineann leis an gcás seo agus nár tháinig go dtí na Gardaí ar chúis amháin nó ar chúis eile. Na déagóirí sin a bhí ina gcónaí sa gceantar an uair sin agus a raibh aithne acu ar Pháraic, tá a gclann féin ag cuid mhaith acu anois agus tuiscint níos fearr acu ar bhriseadh croí mhuintir Pháraic. Tuigeann siad chomh maith an tábhacht agus an phráinn atá le freagraí faoi bhás a mic agus a ndearthár dá theaghlach.

Deir na Gardaí go mbeadh damáiste déanta don fheithicil a bhuail an fear óg agus tá siad ag impí ar aon duine a thug a leithéid de dhamáiste faoi deara ag an am dul i dteagmháil leo. Má bhí damáiste nár míníodh déanta d’fheithicil cara nó duine gaoil leat ag an am nó má iarradh ort damáiste arbh údar amhrais duit é a dheisiú, iarrtar ort an t-eolas sin a roinnt leis na Gardaí.

Tá achainí speisialta á déanamh ag na Gardaí ar an duine nó na daoine a bhí bainteach leis an eachtra sin 25 bliain ó shin a d’fhág Páraic Ó Cofaigh ar shlí na fírinne. Deir siad nach bhfuil sé ródhéanach teacht chucu agus a mhíniú céard a tharla agus clabhsúr a chur ar fáil duit féin agus do mhuintir Pháraic. 

Tá an Garda Síochána ag iarraidh ar aon duine ag a bhfuil aon eolas glaoch ar stáisiún gardaí Cheanannais ag 046 928 0820, nó ar líne rúnda an Gharda Síochána ag 1800 666 111.

Fág freagra ar 'Achainí eile déanta ag an nGarda Síochána i dtaobh bhás fear Gaeltachta 25 bliain ó shin'