Ábhar mór machnaimh i suirbhé iarvótála RTÉ…

Agus toradh Rás an Árais chomh soiléir sin is beag ama a caitheadh ag plé torthaí spéisiúla phobalbhreith iarvótála RTÉ...

Ábhar mór machnaimh i suirbhé iarvótála RTÉ…

Is é a locht a laghad. Tháinig an seanrá chun cuimhne arís agus clár an chomhairimh á chraoladh ar RTÉ Raidió na Gaeltachta an deireadh seachtaine seo caite.

Dá mhéad ama a bhí ar fáil chun torthaí an toghcháin a chíoradh ar an aer, d’fhéadfaí leanacht gan stró leis an bplé dá mbeadh tuilleadh ama ar fáil lena aghaidh.

Bhí ciorrú na gclár comhairimh ar gach stáisiún intuigthe toisc é a bheith soiléir do chách roimh ré cé a thoghfaí. Faraor, ní raibh dóthain ama ann dá cheal chun stór faisnéise a bhí thar a bheith suimiúil a phlé. 

Chuir torthaí an tsuirbhé iarvótála a rinne Red C thar ceann RTÉ lear mór figiúirí ar fáil a léiríonn meon na vótóirí. Bí cinnte go bhfuil mianach faisnéise an tsuirbhé á mheá go cúramach ag an Taoiseach agus ag go leor polaiteoirí eile. 

Gan dabht, ní foláir coinníoll amháin a lua agus pobalbhreith Red C agus an toghchán araon á bplé: níor vótáil ach 43.8% de thoghthóirí an stáit sa toghchán. Níor thug torthaí an toghcháin ná an tsuirbhé ach páirtléargas mar sin ar thuairimí an phobail. 

Mar sin féin, is fiú aird a thabhairt orthu. Tá sé ionann agus cinnte go vótálfaidh formhór mór na ndaoine a vótáil agus a d’fhreagair ceisteanna Red C ar 26 Deireadh Fómhair san olltoghchán atá romhainn, uair éigin idir seo agus 2021. 

CRUINNEAS AN tSUIRBHÉ

Glactar leis gur chóir bearna earráide 3% a chur san áireamh i ngach pobalbhreith. Ní raibh torthaí an tsuirbhé a rinne Red C lasmuigh den ghnáthlamháil earráide sin, mar is léir ón gcomparáid seo a leanas. Tá an fíorthoradh a fuair an t-iarrthóir i dtosach i ngach cás, agus tairngreacht an tsuirbhé idir lúibíní ina dhiaidh.

Ó hUigínn 55.8% (58.1), Casey 23.2% (20.7), Gallagher 6.4% (5.5), Ní Riada 6.38% (7.4), Freeman 5.9% (6.3) agus Duffy 2.1% (2.0).

FIR AGUS MNÁ 

Bhí bearna shoiléir inscne i gclaonadh na vótaí a fuair beirt iarrthóirí. Thug 53% de na fir a vótáil, agus 62% de na mná, tacaíocht do Mhícheál D Ó hUigínn. Thug 25% de na fir, agus 15% de na mná, vóta don iarrthóir neamhspleách Peter Casey.

PATRÚN NA RÉIGIÚN

Is i mBaile Átha Cliath a fuair an tUachtarán an céatadán is airde den vóta (66%). Níor ghnóthaigh sé ach 52% i gConnachta-Ulaidh, 53 faoin gcéad sa Mhumhain, agus 56% i gCúige Laighean taobh amuigh de Bhaile Átha Cliath.

Ghnóthaigh Peter Casey idir 22 agus 24 faoin gcéad den vóta sna réigiúin taobh amuigh de Bhaile Átha Cliath. Sa phríomhchathair, ní bhfuair sé ach 14%.

ÁBHAR SÓLÁIS DO SHINN FÉIN

Ní mór an sólás é, ach bhí Liadh Ní Riada beagáinín chun cinn ar na hiarrthóirí eile nuair a fiafraíodh de vótóirí cén dara rogha a rinneadar: Ní Riada 13.6%, Freeman 13.5%, Casey 12.3%, Ó hUigínn 11.4%, Gallagher 9.0% agus Duffy 6.1%.

Má chuirtear an toil aistriúcháin thuas le hais tacaíocht Shinn Féin mar a léiríodh í sa phobalbhreith chéanna (féach thíos) is léir nár chóir róbhéim a chur ar an mbuille a tugadh don pháirtí sa toghchán uachtaránachta.

Drochlá gan dabht, ach ní gá go mairfeadh an damáiste.

NEART NA bPÁIRTITHE

Is mar seo a d’fhreagair na vótóirí a ceistíodh faoin rogha a dhéanfaidís dá mbeidís ag vótáil in olltoghchán:

Fine Gael 35%, Fianna Fáil 22%, Sinn Féin 15%, Lucht Oibre 7%, Glasaigh 4%, Daonlathaigh Shóisialta 3%, Solidarity/PbP 2%, Neamhspleáigh 10%. 

Is léir ó na figiúirí sin an fáth go mb’fhéidir go mbeadh cathú ar Leo Varadkar toghchán a ghairm go luath, más féidir cúis nó leithscéal lena aghaidh a aimsiú. 

Mar sin féin, ainneoin an dul chun cinn sna pobalbhreitheanna a rinne Fine Gael le tamall anuas, níl siad chomh láidir fós agus a bhí san olltoghchán deireanach (inar ghnóthaigh siad 36%).

Cuimhnigh ar a dheacra agus a bhí sé teacht ar shocrú soláthair agus muiníne le Fianna Fáil agus rialtas mionlaigh a bhunú in 2016. Níl dea-thoradh d’Fhine Gael sa chéad olltoghchán eile baileach cinnte fós.

CLOG AN AINGIL

Cé gur vótáil 64.8% i bhfabhar an leasaithe a thóg diamhaslú amach as an mBunreacht, níl dearcadh dá réir ag an bpobal ar cheist eile a bhaineann le cúrsaí creidimh.

Dúirt 76% de na vótóirí a ceistíodh nár chóir deireadh a chur le craoladh laethúil chlog an aingil ar RTÉ ag meán lae agus ag a sé a chlog tráthnóna.

Ainneoin torthaí na reifreann a reachtáladh le tamall, níl Éire athraithe go hiomlán fós. 

Fág freagra ar 'Ábhar mór machnaimh i suirbhé iarvótála RTÉ…'

  • Cluain Sceach

    Ana-spéisiúil, ana-chiallmhar, mar is gnáth ó Chathal