A thuilleadh de chríocha gafa na hÚcráine faighte ar ais acu

Bhuail an Rúis infreastruchtúr i lár agus in oirthear na hÚcráine aréir mar fhreagra ar an mbua mór a bhí ag an Úcráin sa chogadh in oirthear na tíre

A thuilleadh de chríocha gafa na hÚcráine faighte ar ais acu

Deir údaráis na hÚcráine go bhfuil a thuilleadh de chríocha gafa na tíre faighte ar ais acu agus an chuma ar an scéal nach bhfuil deireadh fós lena ruathar tobann in oirthuaisceart na tíre.

Bhuail an Rúis infreastruchtúr i lár agus in oirthear na hÚcráine aréir mar fhreagra ar an mbua mór a bhí ag an Úcráin sa chogadh in oirthuaisceart na tíre.

Chuir an Úcráin an ruaig ar fhórsaí de chuid na Rúise i ruathar tobann ag an deireadh seachtaine a d’fhág gurbh éigean don Rúis cúlú go tapaidh as ceantar Kharkiv.

Dúirt na húdaráis san Úcráin inniu gur éirigh leo 20 baile agus sráidbhaile eile a athghabháil le lá anuas.

Bhí an chuma ar an scéal gur gníomh díoltais as an bhfrithionsaí mór a bhí sna hionsaithe diúracán a rinne an Rúis ar bhonneagar san oirthear aréir.

Tuairiscíodh gur fhág na hionsaithe go raibh lándorchú ann in Dnipro, Poltava agus cathracha eile.

Dúirt Uachtarán na hÚcráine, Volodymyr Zelensky, nár ionsaíodh aon spriocanna míleata sna hionsaithe agus gur léir gurb é sprioc na Rúise ná “solas agus teas a cheilt ar dhaoine”.

Ghéill an Rúis go raibh tuaisceart cheantar Kharkiv go léir beagnach caillte acu, cé gur mhaígh lucht an Creimile gur straitéis atheagair a bhí i gceist leis an gcúlú.

Tháinig athrú mór ar an gcogadh le seachtain anuas agus an lámh in uachtar faighte ag an Úcráin in oirthear na tíre le frithionsaí a chuir iontas ar mhórán. D’éirigh leo 3,000 ciliméadar cearnógach de thalamh na tíre a athghabháil, níos mó ná mar atá gafa ag an Rúis ó mhí Aibreáin.

Tuairiscítear go raibh droch-eagar ar fhórsaí na Rúise sa cheantar, nach raibh dóthain trealaimh acu, go raibh beaguchtach tagtha orthu agus nár sheas siad róláidir in aghaidh an ruathair.

Mhaígh lucht na Creimile gur bhain an cúlú as Kharkiv le cinneadh díriú níos mó ar cheantar Donetsk, ach is amhlaidh go síleann lucht anailíse go ndéanfaidh na caillteanais mhóra a baineadh díobh san oirthuaisceart cúrsaí níos casta do na Rúisigh.

Roimhe seo, bhíodh fórsaí na Rúise ábalta fórsaí na hÚcráine in Donetsk a ionsaí ó thrí phointe, thuaidh, thoir agus theas.

Chaith bua na hÚcráine amhras mór ar an tuairim nach n-éireodh go deo leis an Úcráin an cogadh a bhuachan.

Ní féidir, mar sin féin, talamh slán a dhéanamh de go mbeidh an lá leis an Úcráin agus measann lucht anailíse go mbainfidh dúshlán mór i gcónaí leis na Rúisigh a bhrú siar thar na línte a bhí ann roimh an ionradh.

Níl aon dul chun mór á dhéanamh ag an ionsaí atá ar siúl ag an Úcráin i ndeisceart na tíre agus tá cuma láidir ó thaobh na cosanta de ar fhórsaí na Rúise timpeall ar Kherson, an chathair chalaidh ar chósta na Mara Dubha.

Ar an dtaobh eile den scéal tuairiscítear go bhfuil mí-eagar ar thrúpaí na Rúise agus iad in ísle brí.

Chomh maith leis sin is é cúlú na Rúise san oirthuaisceart an teip ghlan is mó don Uachtarán Vladimir Putin ó theip ar an iarracht seilbh a fháil ar Kyiv ag tús an ionraidh.

Fág freagra ar 'A thuilleadh de chríocha gafa na hÚcráine faighte ar ais acu'