A raibh le foghlaim ó chluichí CLG an deireadh seachtaine seo

Cuid de na scéalta is suimiúla ó dheireadh seachtaine eile lán cluichí, na Sraitheanna Peile agus Iomána Náisiúnta agus craobhacha na n-iarbhunscoileanna

A raibh le foghlaim ó chluichí CLG an deireadh seachtaine seo

Davy Fitzgerald. Pictiúr:INPHO/Ken Sutton

Tionchar Davy Fitzgerald le feiceáil arís

Bhí bua dochreidte eile ag iománaithe Loch Garman an deireadh seachtaine seo agus an ceann is fearr faighte acu ar Chill Chainnigh i bPáirc Uí Nualláin. Ní raibh cluiche buaite acu ar an bpáirc sin le breis agus trí scór bliain ach arís bhí na tréithe is ansa le Davy Fitzgerald le feiceáil in imirt na foirne.

Is cinnte nach bhfuil mórán bainisteoirí eile a mbíonn an tionchar céanna acu ar fhoirne agus a bhíonn ag an gCláiríneach. In 2008, agus feachtas sraithe nach raibh thar mholadh beirte curtha díobh ag Port Láirge, ceapadh Fitzgerald mar bhainisteoir na foirne agus faoi dheireadh na bliana bhí na Déisigh i gcluiche ceannais na hÉireann den chéad uair ó 1963.

Thóg sé ceannas ar an gClár do shéasúr 2012 agus bhain ardú céime amach sa tsraith ina chéad bhliain. Níor chaill an Clár cluiche ar bith i Roinn 1B an bhliain sin, gaisce atá déanta arís ag an bhfoireann is déanaí ag Fitzgerald – Loch Garman.

Is fíor nach mbíonn an fuinneamh céanna i bhfoirne Fitzgerald tar éis cúpla bliain ach ní féidir a shéanadh ach bhfágann sé a lorg ar gach foireann a mbíonn sé i bhfeighil orthu agus is beag duine nach mbeadh ardmholadh aige don mhéid atá bainte amach aige cheana féin i Loch Garman.

A mianach á léiriú ag foirne Roinn 1B

Deirtear go minic gur míbhuntáiste atá ann d’fhoireann mhaith a bheith i Roinn 1B den tSraith Iomána Náisiúnta mar ní bhíonn acu le linn na sraithe ach cúpla cluiche ar ardchaighdeán. Meastar go dtagann meirg ar scileanna iomána na n-imreoirí agus b’in an port a bhí ag go leor daoine nuair a bhí Gaillimh, atá i Roinn 1B, ocht bpointe chun deiridh ar Phort Láirge, atá i Roinn 1A, agus gan ach 18 nóiméad caite sa chluiche ceathrú ceannais idir na foirne Dé Domhnaigh.

Rinne Gaillimh teacht aniar iontach sa dara leath áfach chun áit a bhaint amach i gcluiche leathcheannais na sraithe agus ní hiad an t-aon fhoireann ó Roinn 1B a bheidh sa bhabhta sin.

Mar a luamar cheana, bhuaigh Loch Garman ar Chill Chainnigh i bPáirc Uí Nualláin, agus d’éirigh le Luimneach an ceann is fearr a fháil ar Chorcaigh i bPáirc Uí Rinn. Fágann na buanna sin gurb iad Tiobraid Árann an t-aon fhoireann ó Roinn 1A ar éirigh leo áit a bhaint amach i gcluiche leathcheannais na sraithe.

Tá an tsraith buaite ag foirne ó Roinn 1B le dhá bhliain anuas, an Clár anuraidh agus Port Láirge in 2015, agus tá seans maith go dtarlóidh a leithéid arís i mbliana.

Shane Walsh. Pictiúr: INPHO/James Crombie

An beart á déanamh ag Shane Walsh do Ghaillimh faoi dheireadh

Mar a tharla in 2012, is beag nár chuir Cill Dara deireadh le hiarrachtaí na Gaillimhe ardú céime a fháil go dtí Roinn 1 inné. Cé go ndearna bainisteoir Chill Dara, Cian O’Neill, 14 athrú ar an bhfoireann a bhuaigh ar an gClár an tseachtain seo caite, fós bhí an fhoireann a chuir sé chun páirce láidir a dóthain chun dúshlán na Gaillimhe a thabhairt.

Ba mhór an faoiseamh a bhí ann don lucht tacaíochta i Staid an Phiarsaigh mar sin go raibh tosach na Gaillimhe Shane Walsh i mbarr a mhaitheasa inné. D’aimsigh an leath-thosach trí phointe ón imirt. I measc na scóranna sin bhí cúilín an bhua a d’aimsigh sé tar éis dó marc a ghabháil i lár na páirce agus ruathar aonair den scoth a dhéanamh.

Thuas seal agus thíos seal atá Walsh ó d’imir sé a chéad chluiche don fhoireann in 2013. Cé go bhfuil scil ar leith aige, ní bhfuaireamar go dtí seo ach spléachadh beag den chumas atá ann. Tá athrú ag teacht anois ar an méid sin. 3-9 a d’aimsigh sé sa chúig chluiche sraithe a d’imir sé i mbliana agus beidh Kevin Walsh ag súil go gcoinneoidh sé air i gcaitheamh an tsamhraidh.

Ógánaigh Chiarraí buacach arís

Bhí ógánaigh Chiarraí ag ceiliúradh i bPáirc an Chrócaigh arís ag an deireadh seachtaine agus Corn Uí Ógáin tugtha leo ag Coláiste Bhréanainn, Cill Airne. Bua ocht bpointe, 0-18 in aghaidh 0-10, a bhí acu ar Choláiste Naomh Peadar, Loch Garman, Dé Sathairn agus corn faoi aois eile buaite ag buachaillí na Ríochta.

Tá Corn Uí Ógáin buaite ceithre huaire as a chéile ag scoileanna ó Chiarraí, Coláiste Bhréanainn in 2017 agus in 2016 agus Pobalscoil Chorca Dhuibhne in 2015 agus 2014. Chomh maith leis sin, tá Craobh Mhionúir na hÉireann buaite trí bliana as a chéile ag foirne na Ríochta. Bhuaigh scata de na himreoirí sin Craobh Faoi 21 na Mumhan an tseachtain seo caite, an chéad uair ar éirigh le Ciarraí craobh an chúige a thabhairt leo ó 2008.

Ar an Domhnach, bhuaigh Billy Courtney agus David Shaw a gceathrú bhonn uile-Éireann le cúpla bliain anuas agus tá péire buaite acu le mionúir Chiarraí agus péire eile leis an Sem, rud atá déanta ag cúpla dalta ó Phobalscoil Chorca Dhuibhne chomh maith le blianta beaga anuas.

Níl bhíonn aon chinnteacht ann go mbeidh rath ar imreoirí maithe faoi aois agus iad ina sinsir, ach ní haon drochrud don imreoir óg bua i ndiaidh bua a fháil i bPáirc an Chrócaigh.

Fág freagra ar 'A raibh le foghlaim ó chluichí CLG an deireadh seachtaine seo'