A mbeannacht tugtha ag Martin, Varadkar agus Ryan do chlár rialtais

Breis agus ceithre mhí ó chaith an pobal a vóta in Olltoghchán 2020, tá dréacht-chlár rialtais aontaithe

A mbeannacht tugtha ag Martin, Varadkar agus Ryan do chlár rialtais

Tá margadh stairiúil comhrialtais déanta ag ceannairí Fhianna Fáil, Fhine Gael agus an Chomhaontais Ghlais agus dréachtchlár rialtais aontaithe acu.

Agus a mbeannacht tugtha ag Micheál Martin, Leo Varadkar agus Eamon Ryan don mhargadh, cuirfear an clár rialtais nua faoi bhráid a bpáirtithe parlaiminte agus chosmhuintir na bpáirtithe.

Bhí cruinniú ag páirtí parlaiminte an Chomhaontais Ghlais aréir chun an cháipéis, a bhfuil 125 leathanach ann, a phlé ach inniu atá sé i gceist acu cinneadh a dhéanamh fúithi.

Tá sé i gceist ag páirtithe parlaiminte Fhianna Fáil agus Fhine Gael cruinnithe a bheith acu inniu chomh maith chun an cháipéis a phlé. Údar iontais a bheadh ann mura nglacfadh na páirtithe parlaiminte leis an dréachtchlár rialtais.

Má thugann cosmhuintir na bpáirtithe a mbeannacht don cháipéis ina dhiaidh sin d’fhágfadh sé go mbeadh deargnaimhde na polaitíochta, Fianna Fáil agus Fine Gael, i gcomhrialtas le chéile beagnach céad bliain i ndiaidh an Chogaidh Chathartha as ar eascair an dá pháirtí.

Bheadh sé ar an dara huair ag an gComhaontas Glas dul i mbun rialtais, ach sula dtarlóidh sin caithfidh dhá thrian de bhaill an pháirtí vótáil ar son dul i gcumhacht arís.

Meastar gurb é sin an chonstaic is mó atá fágtha roimh bhunú an rialtais nua.

Ach breis agus ceithre mhí ó chaith an pobal a vóta in Olltoghchán 2020, tá dóchas i measc na gceannairí – Micheál Martin, Leo Varadkar agus Eamon Ryan – go n-éireoidh leo a chur ina luí ar chosmhuintir na bpáirtithe glacadh leis an margadh.

De réir an phlean bheadh ceannaire Fhianna Fáil, Micheál Martin, ina Thaoiseach go dtí deireadh na bliana 2022 agus d’fhillfeadh Leo Varadkar ar oifig an Taoisigh ansin.

 

Fág freagra ar 'A mbeannacht tugtha ag Martin, Varadkar agus Ryan do chlár rialtais'