‘A game for the Gods’ – gan aon umhlaíocht bhréige ag lucht na hiomána ar ‘The Game’

Cé go bhfuil rian den áiféis ag baint leis an gclár ‘The Game’, is saothar cuimsitheach cumhachtach é chomh maith

‘A game for the Gods’ – gan aon umhlaíocht bhréige ag lucht na hiomána ar ‘The Game’

Ní raibh deireadh seachtaine iománaíochta chomh maith ann le cuimhne na gcat. Comhrac an bhradáin in dhá chluiche spreagúla.  Ní raibh ach caitheamh na pingine idir na foirne i gcluiche amháin agus an ceann eile ag críochnú ar chomhtharrac. Nuair a tháinig sámhnas an Luain cuireadh The Game os ár gcomhair ar RTÉ le go bhféadfaimis a bheith níos bródúla agus níos maoithní fós faoi chluiche ársa na nGael. Bhí an láithreoir leanúnachais féin gafa leis an gcúram; an clár á sheoladh chugainn aige as Gaeilge agus é ag míniú go mbeadh iománaíocht ‘idir chamáin’ (an dtuigis an ceann sin?).

Ba chlár cumhachtach, cumasach, taitneamhach é in ainneoin go raibh an iomarca don bhuaileam sciath agus den bhladhmann le sonrú go minic air.

‘Hurling’s a game for the Gods and Gods play it,’ a deir Micheál Ó Muircheartaigh linn ag tús an chláir agus b’in an chéad cheann den iliomad ráiteas caithiseach a caitheadh chugainn i gcaitheamh an uair an chloig. Agus laochra an spóirt ag caint faoina laochra féin tháinig ceann eile ón Muircheartach:

‘The dead who shall live for ever and the living that will never die.’

B’eo linn ansin. ‘He hurled all before him,’ a deir Dónal O’Grady agus é ag cur síos ar Chúchulainn is é ag maíomh gur bhreá leis an fear céanna a bheith mar leathchúlaí láir aige. An tAthair Harry Bohan ag trácht ar Pháirc an Chrócaigh mar ‘sacred sod’ agus Dáithí Regan Uíbh Fhailí ag trácht go maoithneach ar bhua an chontae sin i 1981. ‘The only language the people of Cork speak is hurling,’ a deir Seán Óg Ó hAilpín agus Terence McNaughton Aontroma ag maíomh go mbíonn do chomhghleacaithe contae ag do phósadh ach gurb iad do leathbhádóirí club a dhéanfaidh do chónra a iompar chun na reilige. 

Cuireadh breis agus 60 duine difriúil fé agallamh don tsraith trí chlár seo agus ba liosta le háireamh é na himreoirí/iar-imreoirí a bhí le feiscint aréir: Ger Loughnane, Anthony Daly

Lee Chin, Tommy Walsh, Brian Cody, Davy Fitzgerald, Joe Connolly, Dónal Óg Cusack, Joe Canning, DJ Carey, Eddie Keher, Anthony Gleeson, Seán Óg Ó hAilpín, Nicky English, Henry Shefflin agus a lán lán eile nach iad. Is cinnte gur cnuasach é seo a tabharfaidh éachtaint chuimsitheach ar an spórt agus is táirge é a bheadh oiriúnach don easpórtáil.

Bhí bunú an CLG agus forás an spóirt faoi chaibidil sa chéad ghála agus earcaíodh staraithe agus scríbhneoirí (leithéidí Paul Rouse, Dónal McAnallen agus Theo Dorgan) leis an gcúram sin a dhéanamh. Tráchtadh ar Chúchulainn, traidisiún ársa an spóirt agus teacht chun cinn an pharóisteánachais.

Fite fuaite leis bhí léargais phearsanta na laochra iomána.

Fuair Dick Walsh, nó Dick an tsáipéil fé mar a thugtar air go háitiúil, an fear maith orthu ar fad. Ní fada nó go mbeidh sé céad bliain d’aois agus d’fhreastail sé ar nach mór gach cluiche ceannais ó 1931 i leith. Mhaígh na staraithe gur cloch mhíle don spórt ab ea an bhliain sin óir go raibh dhá athimirt ann sula bhfuair Corcaigh an ceann is fearr ar Chill Chainnigh. Ghoill sé fós ar Dick Walsh gur chaill na cait cluiche ‘ar cheart é a bheith buaite acu’.

Soláthraíodh seatanna cuidsúlacha de Pháirc an Chrócaigh agus láithreacha eile ar fud na tíre agus bhí an ceann úd den chúirt liathróid láimhe cois farraige istoíche nótálta. Lena chois sin baineadh an-úsáid as an mallghluaiseacht le go bhféadfaimis lán ár gcuid súl a bhaint as na scileanna iomána.

Cé go bhfuil rian den áiféis ag baint leis an táirge seo is saothar cuimsitheach cumasach cumhachtach é ag an am céanna, rud atá dlite don spórt ársa seo.

Fág freagra ar '‘A game for the Gods’ – gan aon umhlaíocht bhréige ag lucht na hiomána ar ‘The Game’'

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Léirmheas cothrom go maith. Bhíos ag súil go mór leis an gclár seo ach chuir sé díomá orm. Droch sheans go mbacfaidh mé leis an bpéire eile. Áiféis gan teorann, fíór bheagán anailís déanta ar an gcluiche agus gan a dhóthain den chúlra staire agus an baint a bhí ag na tiarnaí talún leis an gcluiche sula a bunaíodh an CLG. Céard faoi na tagairtí dó sa bhéaloideas agus in amhráin na ndaoine, mar shampla an tagairt san amhrán ‘The Jail of Cluain Meala’ a cumadh aimsir na mBuachaillí Bána ag deireadh an 18ú aois, ina ndeirtear an línte seo: ‘At my bedfoot decaying my hurley is lying. Through the lads of the village my goal ball is flying’.
    Níor taispeánadh a dhóthain domsa, de na laochra móra ag imirt nó ag caint faoin gcluiche: cá raibh an footage de leithéidí Christy Ring, Jimmy Doyle, John Devaney, John Doyle, Tony Reddin, Mick Mackey, Ollie Walsh, Charlie Mc Carthy, na Rackards, Pat Stakelum, Mick Roche etc etc. Níor deineadh ach tagairt an bheag don athrú atá tarlaithe sa chluiche le imeacht aimsire, mar shampla go bhfuil fíor bheagán den imirt ar an dtalamh a thuilleadh ann. B’fhéidir go bhfuil sin uilig le tíocht ach ní bheadh aon spéis agam a bheith a bheith ag breathnú ar clár eile lán le áiféis agus clichés.

  • Carraig

    Éirídís as an gcaint bhladhmannach spiagaí sin. Ní fiú biorán aon tráchtaire spóirt i réimse na hiomána muna bhfuil ‘Scéal na hIomána’ leis an mbráthair Ó Caithnia léite aige. Chuirfinn geall nach bhfuil sé léite ag aon diabhal duine acu sin réamhluaite. Is magnum opus í an leabhar sin. Bítear ag caint ar an ngéarchéim i scíthléitheoireacht na Gaeilge in ainneoin go bhfuil leabhair den scoth ar fáil ach dul á lorg.

  • padraig o floinn

    Carraig! an fhirinne raite agat.