Ina aitheasc chuig Tithe an Oireachtais tráthnóna, ghabh Uachtarán na hÚcráine Volodymyr Zelensky buíochas le muintir na hÉireann as dídean agus cosaint a chur ar fáil do mhuintir a thíre ó thosaigh ionradh na Rúise.
Dúirt sé le Teachtaí Dála agus Seanadóirí an Oireachtais nach ag éirí “níos ciúine” a bhí guth na hÉireann ar son na hÚcráine agus gur sheas muintir na hÉireann go diongbháilte lena thír.
Bhí Éire agus an Úcráin ar scata beag tíortha san Eoraip a sheas an fód ar son a saoirse agus chun go bhféadfaidís fanacht dílis dóibh féin, a dúirt sé. Ghabh sé buíochas le muintir na hÉireann as gan “muinín” a chailliúint san Úcráin.
Dúirt sé gur thuig muintir na hÉireann “praghas na saoirse”.
“Ní féidir le haon duine bréaga a insint don saol mór go deo, fiú Putin.
“Tá an Úcráin ag troid ar mhaithe leis an uile ghuth ar domhan, ar mhaithe leis an uile phobal san uile áit,” a dúirt sé.
Dúirt sé gur theastaigh an tsíocháin ón Úcráin ach go gcaithfeadh gur síocháin nach mbeadh aon “náire” ag baint léi a bheadh ann. Ní fhéadfaí, a dúirt sé, géilleadh don mharfóir agus chaithfí an t-ionsaitheoir a thabhairt chun an dlí.
Dúirt sé go raibh tábhacht le “guth na hÉireann”.
Dúirt Uachtarán na hÚcráine níos túisce tráthnóna gur tráth an dúshláin agus an dóchais a bhí ann.
“Anois níos mó ná riamh tá seans ann deireadh a chur leis an gcogadh seo,” a dúirt sé.
Dúirt Zelensky go raibh sé den tuairim go raibh Stáit Aontaithe Mheiriceá ag iarraidh deireadh a chur leis an gcogadh “bealach amháin nó bealach eile”.
Dúirt Zelensky nár leor sos cogaidh agus gurb amhlaidh gur theastaigh socrú buan síochána a bheadh cothrom agus a mbeadh dínit ag baint leis. “Caithfidh gach duine a bheith ar thaobh na síochána, gach duine san Eoraip agus gach náisiún a bhfuil meas acu ar an tsíocháin,” a dúirt sé.
Dúirt Zelensky gur “tír neodrach” í Éire ach “nach tír gur cuma léi í”.
An Ceann Comhairle a chuir fáilte roimh Uachtarán na hÚcráine go Tithe an Oireachtais.
“A Uachtaráin Zelenskyy, tá fáilte mhór romhat i dTeach Laighean, ionad pharlaimint náisiúnta na hÉireann. Is mór an meas atá againn ort féin agus ar mhuintir na hÚcráine, agus ar an tseasmhacht agus an diongbháilteacht atá léirithe agaibh chun bhur dtír a chosaint ar an ionróir.”
Dúirt sé go dtógann Éire “seasamh macánta agus prionsabálta i gcónaí” maidir le brú a chur ar an Rúis agus smachtbhannaí a chur i bhfeidhm
Dúirt an Taoiseach Micheál Martin go seasfadh Éire leis an Úcráin “chomh fada agus is gá”.”
Dúirt sé go raibh ceart ag an Úcráin chun na síochána agus na saoirse agus go seasfadh Éire leis an gceart sin
“Is cén fhad a theastóidh ár gcabhair agus ár tacaíocht ón Úcráin, beidh Éire ann daoibh,” a dúirt an Taoiseach.
Dúirt sé go raibh scrios déanta ar an Úcráin agus ar mhuintir na hÚcráine ag an gcogadh “brúidiúil agus mídhleathach” atá á fhearadh ag an Rúis orthu.
Dúirt an Taoiseach gur léir gur cuma sa sioc le hUachtarán na Rúise Vladimir Putin faoi bheatha daoine agus faoin dlí idirnáisiúnta.
Dúirt Vladimir Putin nár theastaigh aon chogadh ón Rúis ach más cogadh atá ag teastáil ó Eoraip go mbeadh an Rúise ullamh chun troda.
Dúirt sé go raibh éilimh á ndéanamh ag tíortha san Eoraip nach bhféadfadh an Rúis glacadh leo.
Fág freagra ar '‘A Éire chóir, cuimhnigh go bhfuil tábhacht le do ghlór’ – Zelensky i dTithe an Oireachtais'