Céard é an chuimhne is mó atá agat ar 2017?
Ní féidir liom gan cuimhneamh ar an gcúilín a scóráil Joe Canning in aghaidh Thiobraid Árann i gcluiche leathcheannais iomána na hÉireann. Ba é an poc deiridh sa gcluiche é mórán. Bhí seacht n-áilleacht na himeartha sa gcúilín sin, agus cuid mhór d’aoibhneas an tsaoil.
An bhfuil aon chúis aiféala agat maidir le 2017?
Bíonn aiféala orm bliain i ndiaidh a chéile faoina bheith ag síorthochras ar mo cheirtlín féin agus gan mo dhóthain ama a chaitheamh ag comhrá le mo mhuintir féin. Is dóigh gur galar é sin a bhaineann le saol na linne. Beidh muid ag súil le feabhas.
Céard é an scéal is mó a chuir áthas ort in 2017?
Bhí faitíos ar mo chroí i dtús na bliana go dtiocfadh na faisistithe i réim sa bhFrainc nó san Ollainn, cuir i gcás. Sin rud nár tharla, nó rud nár tharla fós pé scéal é, agus ba mhór an faoiseamh é. Bhí áthas orm más ea gur cloíodh an Front National i dtoghchán na huachtaránachta sa bhFrainc.
Céard é an scéal is mó a chuir brón ort in 2017?
Tá saoirse smaointeoireachta na ndaoine á creimeadh agus á cosc i gcuid de na tíortha is cumhachtaí ar domhan, Meiriceá agus an Rúis ina measc, agus An Bhreatain go deimhin, áit a bhfuil mé féin lonnaithe go fóill. Thar aon bhliain le fada, facthas dom gur cuireadh dlús le creimeadh na saoirse sin i mbliana. Tá an t-aineolas agus an míréasún i réim. Ní maith é.
Céard é an rud is mó a d’fhoghlaim tú ó thús deireadh na bliana 2017?
D’fhoghlaim mé i mbliana gur leor cor beag sa chinniúint le hathrú mór a chur ar shaol duine. Is leis an duine an deis chinniúnach a thapú, ach níor mhór a bheith réitithe nuair a thagann an deis. Is cuma céard atá déanta ag duine sa saol, caithfidh sé an chéad rud eile a dhéanamh go maith!
Ar éirigh leat déanamh de réir aon rúin a bhí agat ag tús na bliana 2017?
Rinne sí bliain bhisiúil dom ó thaobh foilsitheoireachta de. Cheithre leabhar (Pen and Plough, Rún na mBradán, Conaire Mór agus An Dá Anam/In Two Minds in éineacht le Maoilios Caimbeul)! Rudaí iad sin a raibh mé ag obair orthu leis na blianta. Ba rún liom le fada iad a chur os comhair an tsaoil. D’éirigh sin liom. Tá mé buíoch do chách a chuidigh liom sa ngníomh.
Gach rath oraibh ar fad san athbhliain, a chairde.
Fág freagra ar '‘Tá an t-aineolas agus an míréasún i réim. Ní maith é’ – súil siar ar 2017 le Diarmuid Johnson'