Dúshláin mhóra roimh na gcúigí agus iad ag filleadh ar chomórtais na hEorpa

Níor mhór an mhaitheas do na cúigí na cluichí a d'imir siad i mBabhta 10 den Pro 14 an tseachtain seo caite agus dúshláin mhóra rompu ar fad i mBabhta 3 chomórtais na hEorpa

Dúshláin mhóra roimh na gcúigí agus iad ag filleadh ar chomórtais na hEorpa

Pictiúr: INPHO/Bob Bradford

Shíl mise agus mé ag scríobh faoi na cluichí a bhí le n-imirt ag na Cúigí sa bPro14 an deireadh seachtaine seo caite go mbeidís ina réiteach iontach do na comórtais Eorpacha atá linn arís.

Bhuel, nach ormsa a bhí an dul amú!  

Is deacair aon bhuntáiste a fheiceáil dár gcuid foirne sna cluichí a d’imir siad i mBabhta 10 den Pro 14.  

Bhí an t-ádh glan ar na hUltaigh críochnú ar chomhscór leis na Dragain agus iad ag imirt thall sa mBreatain Bheag. Cinnte bhí seans ag fir Bhéal Feirste an cluiche a bhuachan ach theip orthu úd a shlánú agus an t-am caite sa gcluiche. Déanta na fírinne, ní raibh bua tuillte acu.

Náireach! Faraor, níl aon fhocal eile agam ar imirt na gConnachtach agus iad ag imirt thall san Iodáil, áit inar chaill siad 24 – 10 i gcoinne Zebre, foireann nach bhfuil thar mholadh beirte.

A mhalairt ar fad de scéal a bhí ag na Laighnigh i gcoinne Treviso agus ag na Muimhnigh ar na hOspreys i gCorcaigh agus dhá bhua an-éasca go deo. D’éirigh leis an dá fhoireann pointí bónais a aimsiú, toradh a d’ardaigh go dtí an dara háit ar na táblaí i ngrúpaí A agus B iad.

Ach is dúshlán eile a bheidh roimh na foirne ar fad an deireadh seachtaine seo ó tharla go bhfuil na Comórtais Eorpacha ar ais. Beidh buntáiste an bhaile ag na Muimhnigh agus iadsan ag cur fáilte roimh na Leicester Tigers go Luimneach i mBabhta 3 de Chorn an gCuradh. Tá na foirne seo ar comhscór le sé phointe an taobh ar Thábla Ghrúpa 4. Fós féin, is deacair buntáiste an bhaile a chur as an áireamh agus ní féidir a shéanadh ach go bhfuil sár-imirt á déanamh ag na Muimhnigh faoi láthair. Ábhair iontais agus díomá go deimhin a bheadh ann mura mbeidh an lá le fir an bhaile an Satharn beag seo.

I Londain a bheas na hUltaigh ag tabhairt faoi Harlequins, foireann nár buaigh cluiche ar bith sa gcomórtas seo fós. Beidh géarghá le feabhas ollmhór ar an imirt a chonaic muid ó fhir Bhéal Fheirste sa Pro 14 más leo aon mhaith a dhéanamh sa gcluiche seo. Creidim gur féidir leo sin a dhéanamh, go háirithe agus Henderson agus Best ag cur chun páirce ó thús an chluiche.

Seans gur roimh na Laighnigh atá an dúshlán is mó i measc na gcúigí ar fad atá ag imirt i mBabhta 3 de Chorn na gCuradh. Tá siadsan ag taisteal go Exeter i ndeisceart Shasana, le tabhairt faoi na Chiefs, foireann atá ar bharr an Premiership faoi láthair. Níor chaill na Chiefs ach dhá chluiche as deich gcinn sa Premiership go dtí seo. Mar sin féin,  is iad na Laighnigh rogha na coitiantachta don choimhlint seo. Ní bheidh tada éasca ag baint leis, áfach. Má thugann fir na hÉireann an lá leo is cinnte go mbeidh siad i measc rogha na coitiantachta don chomórtas ar fad.

Sa gcomórtas sóisearach, Corn an Dúshláin, beidh na Connachtaigh ag taisteal go dtí an Fhrainc le tabhairt faoi Brive. Ní go rómhaith atá ag éirí  e Brive i gcomórtas na Fraince, an Top 14, iad sa dara háit déag agus gan ach trí chluiche buaite acu as an dá chluiche dhéag atá imeartha acu go dtí seo. Go deimhin mar atá a fhios agaibh, is beag snas atá ar na Connachtaigh ach oiread. Tá tástáil ollmhór roimh fhir na Gaillimhe.  Más aon fhianaise a bhfaca muid uathu an tseachtain seo caite, beidh thiar orthu. Is deacair bua a thuar dóibh.

Fág freagra ar 'Dúshláin mhóra roimh na gcúigí agus iad ag filleadh ar chomórtais na hEorpa'