Trí ríomhphost ar fad a fuair an Tánaiste á cur ar an eolas faoin straitéis i gcoinne McCabe

Tuilleadh cáipéisí curtha ar fáil ag an Roinn Dlí agus Cirt faoi chás an sceithire Maurice McCabe agus an Taoiseach Leo Varadkar agus ceannaire Fhianna Fáil Micheál Martin chun bualadh le chéile anocht

Trí ríomhphost ar fad a fuair an Tánaiste á cur ar an eolas faoin straitéis i gcoinne McCabe

Tá tuilleadh cáipéisí curtha ar fáil ag an Roinn Dlí agus Cirt faoi chás an sceithire Maurice McCabe agus an Taoiseach Leo Varadkar agus ceannaire Fhianna Fáil Micheál Martin chun bualadh le chéile anocht chun iarracht a dhéanamh olltoghchán i mbéal na Nollag a sheachaint.

Agus cainteanna beartaithe idir an dá cheannaire don oíche anocht, dheimhnigh an Roinn Dlí agus Cirt go bhfuair an Tánaiste Frances Fitzgerald trí ríomhphost ar fad á cur ar an eolas faoin straitéis dlí a bhí beartaithe ag iarchoimisinéir an Gharda Síochána Nóirín O’Sullivan in aghaidh an sceithire an Sáirsint Maurice McCabe.

De réir an eolais nua, rinne an Roinn Dlí agus Cirt teagmháil le Frances Fitzgerald trí uaire faoin scéal le linn shamhradh na bliana 2015 – ar an 15 Bealtaine agus an 4 Iúil.

De réir an eolais a chuir an Roinn Dlí agus Cirt ar fáil tráthnóna, sheol Rúnaí Príobháideach Frances Fitzgerald ríomhphost ar an 25 Bealtaine 2015 inar tugadh le fios go raibh an t-eolas i ríomhphost an 15 Bealtaine “nótáilte” ag an aire.

Bhain an dá ríomhphost a seoladh ar an 4 Iúil 2015 le fiosrúcháin ó na meáin faoi straitéis “ionsaitheach” a bheith á húsáid ag an iarchoimisinéir i gcoinne Maurice McCabe agus le conas ab fhearr don aire déileáil lena leithéid d’fhiosrúcháin.

Léiríonn na ríomhphoist seo chomh maith go raibh an Roinn Dlí agus Cirt i dteagmháil leis an iarchoimisinéir agus oifig phreasa an Gharda Síochána faoi conas déileáil le ceisteanna ó na meáin faoin straitéis dlí i gcoinne McCabe.

Chuir an Tánaiste ráiteas amach anocht ar a cuntas Twitter faoin eolas is déanaí faoin gconspóid.

Tá Fianna Fáil ag iarraidh go n-éireodh Frances Fitzgerald as i bhfianaise na conspóide faoi chás Maurice McCabe agus tá rún mímhuiníne sa Tánaiste ar chlár na Dála don lá amárach.

Dúirt an Taoiseach agus Fine Gael go bhfuil siad ag seasamh leis an Tánaiste agus nach mbeadh Frances Fitzgerald ag éirí as mar chuid d’aon chomhréiteach faoin scéal, ach de réir tuairiscí anocht níl an tacaíocht chéanna anois ag an Tánaiste i measc a comhghleachaithe is a bhí sular tháinig an t-eolas is déanaí chun solais.

Sheas an Taoiseach níos luaithe inniu lena Thánaiste.

“Faoi mar atá ráite agam i gcónaí, níl faic le ceilt agamsa, níl faic le ceil tag Fine Gael agus mar sin ní ag iarraidh aon duine a chosaint atáimid.

“Níl uainn ach a chinntiú go mbíonn an phróis chuí ann go gcaitear go cothrom le daoine, agus is cinnte nach bhfuilim ag iarraidh go mbeadh toghchán ann,” a dúirt an Taoiseach níos túisce inniu.

Mar sin, beidh olltoghchán ann mura n-éiríonn leis an dá cheannaire teacht ar réiteach faoin gconspóid cé go ndeir lucht an dá pháirtí nach bhfuil toghchán uathu.

Tuairiscíodh inniu gur phléigh an dá pháirtí socrú amháin a d’fhágfadh go bhfanfadh an Tánaiste sa Rialtas fad is a bheadh a ról i gconspóid Maurice McCabe á scrúdú i mí Eanáir ag binse fiosrúcháin Charleton.

Baineann an chonspóid is déanaí faoin sceithire Maurice McCabe le ríomhphost a seoladh chuig Frances Fitzgerald ar an 15 Bealtaine 2015, tráth a raibh sí ina haire dlí agus cirt.

Maíodh sa Dáil go raibh cur síos sa ríomhphost ar straitéis dlí a raibh faoi dochar a dhéanamh do chlú McCabe ag an gcoimisiún a bunaíodh chun na líomhaintí a rinne sé mar gheall ar mhí-iompar sna Gardaí a fhiosrú.

Deir an Tánaiste nach cuimhin léi an ríomhphost a léamh agus go ndúradh ann pé scéal é nár chóir di aon ní a dhéanamh bunaithe ar an eolas a bhí ann.

Tháinig sé chun solais ó shin gur thángthas ar an ríomhphost sa Roinn Dlí agus Cirt ar an 9 Samhain ach nár cuireadh an Taoiseach ar an eolas faoina raibh ann go dtí deich lá ina dhiaidh sin.

Fág freagra ar 'Trí ríomhphost ar fad a fuair an Tánaiste á cur ar an eolas faoin straitéis i gcoinne McCabe'