Bíonn meas as cuimse ag mórán Gael ar an gcaint dhúchasach – go háirithe, ar ndóigh, ar chanúint an cheantair Ghaeltachta ar tháinig siad féin ar an saol ann nó inar fhoghlaim siad féin an teanga.
Ach ceist chasta í ceist an chanúnachais sa chomhthéacs liteartha.
Luíonn sé le réasún gur cuid lárnach de ghlór an charachtair fhicseanúil a chúlra teanga. Dlúthchuid de phearsantachtaí Cré na Cille, mar shampla, an cineál Gaeilge a labhraíonn siad. Ach bíonn blas ar an mbeagán, go háirithe ar pháipéar. Chuirfeadh caint bhlasta a mbeadh an chluas faoi gheasa aici mearbhall ar an tsúil.
Éiríonn an scéal níos casta fós nuair a chuirtear an Ghaeilge i mbéal carachtair fhicseanúla nach mbeadh sí acu ó dhúchas.
Focharachtar nó beirt fágtha as an áireamh, níl Gaeilge ach ag duine amháin san úrscéal is déanaí agam féin – agus níl sí aige ón gcliabhán. Tháinig Eoin, príomhcharachtar An Tearmann, ar an saol sa tSionainn i gContae an Chláir, ach chaith sé laethanta samhraidh a óige i nGaeltacht Chorca Dhuibhne agus i mBéal Feirste a chaith sé blianta na hollscoile.
Ach an oiread le mórán Gael sa lá atá inniu ann, bheadh meascán mearaí canúintí aige. Sa chéad dréacht den úrscéal, rinne mé iarracht cuid de sin a léiriú i gcaint Eoin, ach ar chomhairle an eagarthóra, bhain mé an chuid is mó den chanúnachas amach as a ghlór sna dréachtaí a lean. Seachas corr-‘cad ina thaobh’, is í an Ghaeilge chaighdeánach a labhraíonn Eoin sa leabhar críochnaithe.
Tá An Tearmann suite sa Bhrasaíl, agus is í an Phortaingéilis teanga dhúchais na gcarachtar eile. Chuir mé an Ghaeilge chaighdeánach ina mbéal siúd freisin – ach tabharfaidh an léitheoir aireach faoi deara go mbaineann na Brasaíligh sa leabhar úsáid as leaganacha canúnacha, Connachtacha ar nós ‘cén chaoi’ agus ‘céard’ san áit a mbainfeadh Eoin úsáid as leaganacha níos caighdeánaí.
Ba é sin an cur chuige ab fhearr a rith liom chun an difear idir an Phortaingéilis fhoghlamtha a bheadh ag Eoin agus an Phortaingéilis a bheadh ag na Brasaíligh ó dhúchas a léiriú i nGaeilge.
Bhain mé úsáid as gnéithe eile – sainréim teanga, réimsí tagartha, rithim chainte – chun glór ar leith a chruthú do chuile charachtar, idir Éireannaigh agus Bhrasaíligh, ach is é an Caighdeán, den chuid is mó, a bhíonn á labhairt acu.
Bíonn drochmheas ag daoine áirithe ar an gCaighdeán, nó ar ‘Ghaeilge na leabhar’ mar a thugtar uirthi go minic, ach is maith ann í.
Tá sí ann ionas gur féidir le duine ar bith a bhfuil Gaeilge aige leabhar ar bith i nGaeilge a thógáil den tseilf agus an leabhar sin a léamh.
Breathnóir
Tá an ceart agat, a Alex. Bímid uile ceanúil ar an chéad chanúint a raibh taithí againn uirthi, mé féin san áireamh, ach tá gá ann le caighdeán.
Fearn
Díol spéise dom riamh an Ghaeilge a chuir Alan Titley i mbéal na nAfraiceach sa leabhar “Méirscrí na Treibh”. Agus tú sáite san úrscéal, ní ritheann sé leat nach Gaeilge ba dhúchas díofa.
Kevin Hickey
Ní hionann caighdeán agus coitiantacht nó forleithne, i gcead duit, a Alex.
Cé is moite de ‘canathaobh’/’cad ina thaobh’, ba iad na leaganacha Muimhneacha ba choitianta i dtéacsleabhair go dtí le gairid, go háirithe téacsleabhair a dáileadh ar fhoghlaimeoirí i mBÁC. Leithéidí ‘oiriúnach’, ‘cad’ (seachas ‘céard’ nó ‘cad é’) agus ‘conas’ (seachas ‘cén chaoi’ nó ‘cén dóigh’) ba chomónta iontu. Ach tá chaon cheann de na leaganacha thuas ar comhstádas lena chéile ó thaobh an Chaighdeáin de, agus bhí riamh.
Is minic míthuiscint ar dhaoine faoin bpointe seo. ‘Sé fé ndear cainteoirí dúchais as Conamara, cuir i gcás, a bheith ag scríobh ‘cad’ nó ‘lasmuigh’ nuair is obair oifigiúil atá ar bun acu, de bharr go dtaibhsítear dóibh gur caighdeánaí na leaganacha úd ná an rud atá acu féin go nádúrtha, i.e. ‘céard’ agus ‘taobh amuigh’. Dingeadh na míthuiscintí seo isteach in aigne daoine ar scoil i roinnt cásanna.
Táthar ag glacadh níos mó le leaganacha a bhaineann leis na Cúigí eile anois toisc gur treise agus gur forleithne na pobail Ghaeltachta iontu sin agus toisc go bhfuil níos mó foghlaimeoirí ag tarraingt ar na ceantair sin le hais mar a bhíodh. Le mionchanúint, Gaeilge Mhúscraí, a bhí an svae sna téacsleabhair ar feadh i bhfad, suas go dtí an aimsir a raibh mé féin sa bhunscoil (sna hochtóidí).
Tá míthuiscint ann i dtaobh na bpointí thuas le fada, ní áirím cuid mhaith daoine, idir chainteoirí dúchais agus fhoghlaimeoirí, a bheith dall ar an stádas ar leith atá ag Gaeilge na Mumhan i measc fhoghlaimeoirí BhÁC. Amach ó cheist stairiúil na dtéacsleabhar, soiléire agus glaine na cainte, mar aon le soifaisticiúlacht an chórais foghraíochta ó dheas, is cúis leis an stádas sin a bheith ann.
(Tá samplaí de ‘cad fáth’ agus ‘cén fáth’ le fáil i dtéacsanna aneas, dála an scéil).
Le meas,
Kevin