Ba cheart do na heagraíochtaí Gaeilge agus Foras na Gaeilge teacht le chéile agus ‘ceannasaíocht’ a thabhairt maidir le Cultúrlann nó lárionad Gaeilge a bhunú i mBaile Átha Cliath, dar le Liam Ó Cuinneagáin, Stiúrthóir Oideas Gael i nGleann Cholm Cille.
Ag labhairt dó ar an gclár 7 Lá ar TG4 aréir, dúirt Ó Cuinneagáin nach bhfuil aon “spás” ann don phobal i gceannárais Ghael Linn, Conradh na Gaeilge ná Foras na Gaeilge agus go bhfuil sé in am ag na heagraíochtaí sin teacht le chéile agus freastal ceart a dhéanamh ar “Ghaeil Bhaile Átha Cliath”.
Dúirt sé go bhfuil “an deis ann” faoi láthair “ionad ceart, lárnach, Gaeilge” a bhunú i mBaile Átha Cliath, ní hamháin do chainteoirí Gaeilge na cathrach agus na hÉireann, ach do na “mílte” cuairteoirí a thagann ó thíortha eile agus a léiríonn suim “sa chultúr, teanga agus ceol”.
Ag tagairt dó don fhoirgneamh ar Shráid Amiens a bhfuil sé i gceist ag Foras na Gaeilge bogadh ann an bhliain seo chugainn, dúirt Ó Cuinneagáin gur áit mhaith é d’oifig riaracháin na heagraíochta, ach nach bhfeilfeadh sé mar lárionad Gaeilge mar go nach bhfuil an ceantar timpeall air sách bríomhar. Ní ionad Gaeilge ‘naoi go dtí a cúig’ atá ag teastáil, a dúirt sé. Thagair Ó Cuinneagáin chomh maith don phlean ionad Gaeilge a thógáil mar chuid d’fhorbairt Shráid an Mhúraigh.
“Ba cheart dúinn a bheith ag iarraidh áit atá beo maidin agus oíche, agus b’fhéidir go mbeadh Sráid an Mhúraigh mar sin, ach faoi láthair ní ceantar beo é sin [tráthnóna] ach an oiread. Dúnann na siopaí agus na margaí síos i ndiaidh a 6 a chlog, ach ní hin le rá nach féidir é a dhéanamh beo. Tá deis ann anois.
“Nuair a shiúlann tú síos ó Choláiste na Tríonóide, tá Alliance Française ar Shráid Chill Dara, timpeall an choirnéil tá Instituto Cervantes agus ar Chearnóg Mhuirfean tá an Goethe-Institut, ach tá an Ghaeilge in áit na leathphingine,” a dúirt sé.
Mhaígh Ó Cuinneagáin go bhfuil “margadh ollmhór i dtéarmaí gnó” i mBaile Átha Cliath do lárionad Gaeilge sa chathair agus thagair don 27% de dhaonra na cathrach a thug le fios go raibh Gaeilge acu sa Daonáireamh.
Mhol sé an próiseas comhairliúcháin atá ar bun ag an bhForas faoi láthair maidir le maoiniú a thabhairt d’ionaid Ghaeilge ar fud na hÉireann, ach dúirt “nach luíonn sé le réasún beag ná mór” a bheith ag caint ar airgead a ghearradh i mbuiséad na gCultúrlann ó thuaidh le tabhairt do dhreamanna eile.
Diarmaid
DIT ar shráid Chaoimhín le bogadh go luath. Foirgneamh breá ansin. Cuid deas den chathair. Cé chomh doimhin is atá pócaí an Fhorais?
Eoghan ONeill
ceart iomlán aige. bhí bialann ann tráth ach le fada tada.
Brendan Keane
Teanga & Bia: Árqs na nGael & Teaċ Ġloinne le chéile san príomh-chathrach agus le gach ionaid Ghaelaigh ar fud an tír.
Mánus
Níor eirigh fós le haon phlean eastát lánGhaeilge a bhunú i mBÁC. Caint ar a lethéid le fada an lá.