FÍSEÁN: ‘Tá sé in am ag eagrais teanga ceannasaíocht a thabhairt agus freastal ar Ghaeil Bhaile Átha Cliath’ — Ó Cuinneagáin

Tá ráite ag iarchathaoirleach Bhord Údarás na Gaeltachta Liam Ó Cuinneagáin go bhfuil ‘an deis ann’ faoi láthair  ‘ionad ceart, lárnach, Gaeilge’ a bhunú i mBaile Átha Cliath a bheadh ‘beo’ de lá agus d’oíche

FÍSEÁN: ‘Tá sé in am ag eagrais teanga ceannasaíocht a thabhairt agus freastal ar Ghaeil Bhaile Átha Cliath’ — Ó Cuinneagáin

Ba cheart do na heagraíochtaí Gaeilge agus Foras na Gaeilge teacht le chéile agus ‘ceannasaíocht’ a thabhairt maidir le Cultúrlann nó lárionad Gaeilge a bhunú i mBaile Átha Cliath, dar le Liam Ó Cuinneagáin, Stiúrthóir Oideas Gael i nGleann Cholm Cille.

Ag labhairt dó ar an gclár 7 Lá ar TG4 aréir, dúirt Ó Cuinneagáin nach bhfuil aon “spás” ann don phobal i gceannárais Ghael Linn, Conradh na Gaeilge ná Foras na Gaeilge agus go bhfuil sé in am ag na heagraíochtaí sin teacht le chéile agus freastal ceart a dhéanamh ar “Ghaeil Bhaile Átha Cliath”.

Dúirt sé go bhfuil “an deis ann” faoi láthair  “ionad ceart, lárnach, Gaeilge” a bhunú i mBaile Átha Cliath, ní hamháin do chainteoirí Gaeilge na cathrach agus na hÉireann, ach do na “mílte” cuairteoirí a thagann ó thíortha eile agus a léiríonn suim “sa chultúr, teanga agus ceol”.

Ag tagairt dó don fhoirgneamh ar Shráid Amiens a bhfuil sé i gceist ag Foras na Gaeilge bogadh ann an bhliain seo chugainn, dúirt Ó Cuinneagáin gur áit mhaith é d’oifig riaracháin na heagraíochta, ach nach bhfeilfeadh sé mar lárionad Gaeilge mar go nach bhfuil an ceantar timpeall air sách bríomhar. Ní ionad Gaeilge ‘naoi go dtí a cúig’ atá ag teastáil, a dúirt sé. Thagair Ó Cuinneagáin chomh maith don phlean ionad Gaeilge a thógáil mar chuid d’fhorbairt Shráid an Mhúraigh.

“Ba cheart dúinn a bheith ag iarraidh áit atá beo maidin agus oíche, agus b’fhéidir go mbeadh Sráid an Mhúraigh mar sin, ach faoi láthair ní ceantar beo é sin [tráthnóna] ach an oiread. Dúnann na siopaí agus na margaí síos i ndiaidh a 6 a chlog, ach ní hin le rá nach féidir é a dhéanamh beo. Tá deis ann anois.

“Nuair a shiúlann tú síos ó Choláiste na Tríonóide, tá Alliance Française ar Shráid Chill Dara, timpeall an choirnéil tá Instituto Cervantes agus ar Chearnóg Mhuirfean tá an Goethe-Institut, ach tá an Ghaeilge in áit na leathphingine,” a dúirt sé.

Mhaígh Ó Cuinneagáin go bhfuil “margadh ollmhór i dtéarmaí gnó” i mBaile Átha Cliath do lárionad Gaeilge sa chathair agus thagair don 27% de dhaonra na cathrach a thug le fios go raibh Gaeilge acu sa Daonáireamh.

Mhol sé an próiseas comhairliúcháin atá ar bun ag an bhForas faoi láthair maidir le maoiniú a thabhairt d’ionaid Ghaeilge ar fud na hÉireann, ach dúirt “nach luíonn sé le réasún beag ná mór” a bheith ag caint ar airgead a ghearradh i mbuiséad na gCultúrlann ó thuaidh le tabhairt do dhreamanna eile.

Fág freagra ar 'FÍSEÁN: ‘Tá sé in am ag eagrais teanga ceannasaíocht a thabhairt agus freastal ar Ghaeil Bhaile Átha Cliath’ — Ó Cuinneagáin'

  • Diarmaid

    DIT ar shráid Chaoimhín le bogadh go luath. Foirgneamh breá ansin. Cuid deas den chathair. Cé chomh doimhin is atá pócaí an Fhorais?

  • Eoghan ONeill

    ceart iomlán aige. bhí bialann ann tráth ach le fada tada.

  • Brendan Keane

    Teanga & Bia: Árqs na nGael & Teaċ Ġloinne le chéile san príomh-chathrach agus le gach ionaid Ghaelaigh ar fud an tír.

  • Mánus

    Níor eirigh fós le haon phlean eastát lánGhaeilge a bhunú i mBÁC. Caint ar a lethéid le fada an lá.