Céard í an chuimhne is mó atá agat ar 2016?
Cúilín Eoghan O’Gara, thug sé an lámh in uachtar dúinn i gcoinne Chiarraí. Bhíomar trí chúilín taobh thiar ach thángamar ar ais agus d’aimsigh Eoghan an cúilín cinniúnach sin chun an cluiche a bhuachan. Bhí mé an-sásta leis sin. Bhain gortú dona dó agus d’oibrigh sé go han-dian le bheith ar ais ar an bpáirc.
An bhfuil aon chúis aiféala agat maidir le 2016?
Níl mórán i ndáiríre, bhí bliain iontach againn agus bhí an t-ádh linn an chraobh a bhuachan arís. Tá saol an spóirt an-chasta agus caithfidh tú a bheith sásta le haon rud a bhuann tú.
Céard é an scéal is mó a chuir áthas ort in 2016?
Na trí chúilín a d’aimsigh Cormac Costello, tá tallann den scoth aige, agus d’oibrigh sé go dian i mbliana! Laoch óg!
Céard é an scéal is mó a chuir brón ort in 2016?
D’fhág cúpla leaid a bhí an-chairdiúil liom an painéal ach sin é an spórt. Ní bhíonn in aon rud ach seal agus bainim sásamh as gach aon chuid de nuair is féidir.
Céard é an ceacht is mó a d’fhoghlaim tú in 2016?
Sult a bhaint as gach soicind le chéile mar fhoireann. D’fhéadfadh mionrudaí beaga an bhliain ar fad a athrú i bpreabadh na súl agus caithfimid sult agus sásamh a bhaint as gach uile nóiméad de.
Ar éirigh leat aon rún a bhí agat ag tús 2016 a fhíorú?
Bhí sé mar aidhm agam an tsraith, craobh Laighean, agus bonn uile-Éireann a bhuachan. Níor éirigh liom bonn a bhuachan leis an gclub ach tabharfaimid faoi arís an bhliain seo chugainn le cúnamh Dé.
Fág freagra ar 'Súil Siar ar 2016 le…Ciarán Kilkenny'