Níl Iontaobhas Ghlas Naíon sásta a rá cén cur chuige a bheidh ann i dtaobh an cheartúcháin atá le déanamh ar an mBalla Cuimhneacháin 1916 a nochtadh i Reilig Ghlas Naíon inné.
Ní raibh urlabhraí ó Iontaobhas Ghlas Naíon sásta a rá an ndéanfar iarracht an scéal a chur ina cheart tríd an méid atá greanta ar an mballa cheana féin a leasú nó an amhlaidh go ndéanfar na focail ‘Éirí Amach na Cásca 1916’ a ghreanadh as an nua
Ní raibh Iontabhas Ghlas Naíon sásta a rá cén costas a bheidh ar cheartú an bhotúin teanga ar an mBalla Cuimhneacháin a chothaigh conspóid mhór inné.
Dúirt an t-urlabhraí ón Iontaobhas, áfach, go gceartófaí an botún láithreach.
Bhí sé ina raic ar na meáin shóisialta inné nuair a tháinig sé chun solais nach raibh na focail litrithe i gceart ar an mballa. Is mar ‘Eírí Amach na Cásca’ a litríodh an teideal.
An focal ‘Éirí’ litrithe contráilte ar an leac úr. Ní dócha go mbeadh an Piarsach ró-shásta. #údarnáire pic.twitter.com/bDkBgZQshV
— Breandán Delap (@Jimigogola) 3 Aibreán 2016
The misspelling of the word “Éirí” on our new #MemorialWall is beyond sloppy. #NoExcuse#YouHadOneJob#Glasnevinpic.twitter.com/et3cJM5Atn — Garrett Phillips. (@GarrPhillips) 3 Aibreán 2016
Spreag an botún neart feirge agus díomá i measc lucht labhartha na Gaeilge ar Twitter.
@Jimigogola Cén chaoi bhféadfadh siad é sin a cheadú? Íosa
— Richie Ó hEadhra (@OHeadhra) 3 Aibreán 2016
@Jimigogola Léiriú eile ar imeallú na n-údarás ar ár dteanga … an dearcadh sin “is cuma faoina bheith ceart nó mícheart i nGaeilge” — Pól Ó Braoin (@Braoin) 4 Aibreán 2016
A chairde, is mór an trua an botún greannta ar an mballa. @glasnevinmuseum #ÉiríAmach1916
— Ailbhe Nic Cába (@AilbheNC) 3 Aibreán 2016
Balla na nGall i nglas naion: i mBearla ar fad seachas cuid bhotunach, lomlan le saighdiuri na himpireachta.Mo naire sibh @glasnevinmuseum — Murchadh Mór (@murchadhmor) 4 Aibreán 2016
Bhí greann dóite i gceist chomh maith i gcás roinnt daoine agus pictiúir den chineál seo á scaipeadh go forleathan ar Twitter agus Facebook freisin
Náireach ar achan dóigh! pic.twitter.com/oJsQqPwmv7
— tuíteáil (@tuiteail) 3 Aibreán 2016
@CathalMacCoille@glasnevinmuseum@RealtanNiL Technically, in Dublin 4 it is referred to as The Rosing? — Michael O’Sullivan (@Hippoclides) 3 Aibreán 2016
Ní hí seo an chéad uair d’Iontaobhas Ghlas Naíon olc a chur ar phobal na Gaeilge. An mhí seo caite, tharraing Jack Ó Drisceoil aird ar an aithris a dhéantar ar óráid an Phiarsaigh sa reilig gach lá. Fágtar an chuid Ghaeilge den óráid ar lár agus í á haithris agus ní deirtear leis an lucht éisteachta nach bhfuil iomlán na hóráide á chloisteáil acu. Bhí an scéal á phlé go forleathan ar na meáin shóisialta agus ar na meáin thraidisiúnta ag deireadh na míosa seo caite agus scríobh Comhordaitheoir 1916 Chonradh na Gaeilge, Cuan Ó Seireadáin, chuig an Iontaobhas lena “dhíomá” faoin scéal a chur in iúl. “Loitear an téacs tábhachtach stairiúil seo nuair a chuirtear an chuid Ghaeilge de i mBéarla nó nuair a fhágtar ar lár ar fad í, agus tugtar míléamh ar theachtaireacht fhollasach na hóráide, a chuirtear in iúl leis an reitric a mhúnlaigh an Piarsach, agus teachtaireacht intuigthe na hóráide, a chuirtear in iúl leis an rogha teanga a rinne an Piarsach nuair a chum sé í. “Cuirtear isteach freisin ar rithim, ar fhoirm agus ar struchtúr a téacs,” a dúirt Ó Seireadáin ina litir a seoladh coicís ó shin. Chuir Balla Cuimhneacháin Ghlas Naíon fearg ar dhaoine eile mar gheall ar ainmneacha fhórsaí na Breataine a bhásaigh aimsir na Cásca 1916 a bheith greanta i gcloch taobh le hainmneacha lucht an Éirí Amach agus na saoránaigh a maraíodh. Bhí olc ar roinnt mhaith daoine, mar shampla, go bhfuil ainm James Connolly agus Sheáin Mhic Dhiarmada, beirt a chur a n-ainm le Forógra na Cásca, scartha óna chéile ag ainm Harry Dickonson, saighdiúir de chuid an South Staffordshire Regiment a ghlac páirt in Ár Shráid Thuaidh an Rí.
This is cringeworthy – shameful stuff. #1916 pic.twitter.com/TlS1Nnitc4 — Maurice Quinlivan TD (@QuinlivanTD) 4 Aibreán 2016
Anuas ar an mbotúin litrithe, tá botún eolais ar an mballa freisin. Luaitear an t-óglach Andrew Cunningham, a maraíodh ar Bhóthar na Rinne le linn an Éirí Amach, mar ‘shaoránach’ in áit ‘Óglach Éireann’.
On the Glasnevin Wall …. Volunteer Andrew Cunningham is listed as a civilian. pic.twitter.com/7uqzgzzhfM
— Alan Kinsella (@electionlit) 3 Aibreán 2016
Donncha Ó hÉallaithe
Nuair nach bhféadfaí ainm an stáit, a d’eascair as 1916 a litriú i gceart, léiríonn sé na deacrachtaí a bhíonn ag an mionlach beag a bhíonn ag iarraidh Gaeilge a usáid leis an státchóras ó lá go lá. Fág ann an litriú bacach. B’fhearr gan é a cheartú le go seasfadh sé dúinne mar siombal, greanta i gcloch, den mheon ‘ nach cuma’ atá sa tír seo faoin nGaeilge ag gach leibhéal.
Seosamh Ó Beirgin
Smaoineamh maith.
Eoin Ó Riain
Níor luadh an méid a bhí scríofa ar an gcarta le bhlathfhleasc an Taoisigh a bhí an Gaeilge go mí cheart ann: “In omos do na fir, ar na mná agus ar na páistí go léir a fuair bás i míle naoi gcéad is a sé deag.” Ansin bhí leagan Béarla a bhí go hiomlán ceart agus ansin ag a bun, Enda Kenny, T.D. Taoiseach.
Feach anseo:
https://scontent-fra3-1.xx.fbcdn.net/hphotos-xtf1/t31.0-8/12890921_10153513879988176_7044114067427842453_o.jpg
Antain Mac Lochlainn
Níl mise róthógtha le ‘Na Fianna Éireann’ ach oiread. Nár leor ‘Fianna Éireann’?
Mícheál Ó Doibhilín
Cé’n fáth go bhfuil an balla seo greannta aas Béarla ar fad, seachas an teidil? “Civilian” i ndiaidh ainm gach sibhialtach. Má’s rud oifigiúl an balla seo, nach cóir céad teanga an Stáit a úsáid, nó go mbéadh sé dátheangach ar a laghaid?