Is deacair a shamhlú cé mar a bhailíonn duine an neart agus an misneach chun labhairt amach go poiblí faoi dhrochíde ar nós éigniú. Is deacra fós a shamhlú go bhfaigheadh bean a d’fhulaing mí-úsáid mar sin an spiorad chun labhairt amach in aghaidh eagraíochta a bhí uilechumhachtach ina comharsanacht féin ar feadh breis is leath a saoil, an tIRA Sealadach.
Tá creidiúint mhór ag dul do Mhaíria Cahill as ucht a scéal a insint. Bhí sí cróga ar dhá shlí. Ar an gcéad dul síos, nocht sí a crá croí faoi gur eigníodh í in aois a sé bliana deag i 1997. Sa dara háit, thug sí aghaidh ar ghluaiseacht na poblachta faoina ciapadh nuair a “d’fhiosraigh” an tIRA a líomhaintí agus nuair a chuir siad iachall uirthi a bheith in aon seomra leis an té a gcuireann sí ina leith gur éignigh sé í.
Is iomaí cor agus casadh ar an gconspóid le seachtain ach tá cuntas Mhaíria Cahill buan, leanúnach. Tá na scórtha cruinnithe agus agallaimh déanta aici ó bhí sí ar chlár Spotlight ar BBC Thuaisceart Éireann ach níor baineadh tuisle aisti. Tá freagra tuillte aici. Go deimhin, tá freagra dlite don phobal ar fad. Freagraí ó Shinn Féin, ón PSNI agus ón tSeirbhís Ionchúisimh.
Ní raibh Sinn Féin chomh buan ná chomh comhtháite le Maíria Cahill. Ag an tús, eisíodh ráitis leamha faoi ‘thriail ar na meáin’ agus faoi na hudaráis chuí chun liomhaintí mhí-úsáid ghnéis a fhiosrú. Ansin tháinig an chaint faoi bhean óg ‘ghoilliúnach’ a raibh cairde buartha fúithi. Ba é an chéad chéim eile gur chreid urlabhraithe de chuid Shinn Féin gur fhulaing sí mí-úsáid. Ina dhiaidh sin arís, thug Gerry Adams cuntas ina bhlag, ‘Léargas’ go ndearna an tIRA fiosruithe ar choireanna agus gur theip siad ar íobartaigh.
Níor dhúirt sé gur ritheadh a leithéid de chúirt bhradach i gcás Mhaíria Cahill ach dúirt sé gur ‘ruaig’ an tIRA ciontóirí. Maíonn Maíria Cahill go bhfeadfadh daoine óga a bheith i mbaol ag cuid de na daoine ruaigthe sin. Má bhí sé de nós ag an IRA cúirteanna den tsort sin a rith, nach luíonn sé le réasún go bhfuil an fhírinne á hinsint ag Cahill? Agus an bhfuil Sinn Féin toilteanach eolas a chur ar fáil faoi cá mbeadh daoine ‘ruaigthe’ ina gcónaí chun contúirt do dhaoine óga agus mná a sheachaint?
Séanann Gerry Adams as éadan cuntas Mhaíria Cahill ar chruinniú eatarthu agus ar bhriathra amscaí a deir sise a dúirt sé. Séanann sé freisin gur cheil Sinn Féin eolas faoi mhí-úsaid ghnéis agus seasann an ghlúin nua i SF, Mary Lou McDonald agus Pearse Doherty, leis. Ach má bhí a fhios ag baill de chuid SF gur rith an tIRA cúirteanna faoi choireanna gnéis ach nár cuireadh na hudaráis ar an eolas, cén difear idir sin agus ceilt?
Mheabhraigh SF do na meáin go seasta gur tugadh líomhaintí Mhaíria Cahill chun cúirte agus gur fritheadh daoine neamhchiontach. Tá sin fíor. Ach ní shin iomlán an scéil. Cúisíodh iad as ballraíocht san IRA agus theip ar an gcás cheal fianaise. Fágann sin nach ag SF amháin atá ceisteanna le freagairt.
Tá gearán déanta ag Maíria Cahill le Ombudsman na bPóilíní faoi conas a láimhseáil an PSNI a cás. Caithfimid fanacht lena thuairisc. Cibé cinneadh a dhéanfaidh sé, beidh freagraí ón PSNI dlite do Mhaíria Cahill agus don phobal ar fad. Ní mór do na póilíní muinín a chothú go láimhseálfar gearáin go héifeachtach. Ba mhaith freisin soileiriú a fháil ón tSeirbhís Inchúisimh faoi na cúiseanna a bhí acu le héirí as an gcás cúirte. Ní dhéanfadh trédhearcacht dochar ach a mhalairt.
Fág freagra ar 'Cás Maíria Cahill: caithfear freagairt'