Agus seo á scríobh, tá os cionn ceithre mhíle go leith duine tar éis bás a fháil de dheasca ráig Ebola a thosaigh in iarthar na hAfraice ag deireadh na bliana seo caite. Sin níos mó ná daonra pharóiste Ghaoth Dobhair ar fad.
Mar sin féin, níl ach ainm beirte nó triúir de na daoine a raibh nó a bhfuil an galar seo orthu ar eolas againn: Thomas Eric Duncan agus Teresa Romero Ramos, mar shampla. Fear de bhunadh na Libéire in iarthar na hAfraice ab ea Thomas Eric Duncan, ach fuair sé bás ón ngalar sna Stáit Aontaithe. Banaltra Spáinneach is ea Teresa Romero Ramos; is í an chéad duine í a thóg Ebola laistigh de theorainneacha na hEorpa.
Is éard atá i gcoitinne ag an mbeirt seo (agus ag an bhfear ón Súdán nár ainmníodh a fuair bás ón ngalar in ospidéal sa Ghearmáin Dé Máirt) ná gur tharraing a gcásanna aird na meán toisc gur tharla siad lasmuigh d’iarthar na hAfraice. Ní hé pobal (gorm) na Libéire, na Guine agus Shiarra Leon – trí thír atá ar chuid de na cinn is boichte ar domhan – a bhí i mbaol ón ngalar tógálach anois ach pobal (geal, don chuid is mó) na hEorpa agus na Stát Aontaithe; ár leithéidí féin.
Ar ndóigh, luíonn sé le réasún go dtabharfadh na meáin níos mó airde ar scéalta nuachta atá ag tarlú níos gaire don bhaile ná do scéal nuachta i réigiún nach bhfuil a dhath ar eolas faoi ag formhór mhuintir na hEorpa agus Mheiriceá.
Ach is éard a chuireann isteach orm ná an méid ama craolta agus an méad spáis ar leathanaigh nuachtán a chuirtear i leataobh don dornán beag cásanna Ebola san Eoraip agus sna Stáit Aontaithe, i gcomparáid leis an ráig leanúnach in iarthar na hAfraice. Is éard atá á thabhairt le tuiscint, idir na línte, ná gur tábhachtaí beatha daoine áirithe ná beatha daoine eile.
Réigiún é iarthar na hAfraice a bhfuil stair thruamhéileach ag baint leis. ‘Negroland’ a thug an cartagrafaí Ollainneach Herman Moll ar chuid den limistéir seo sa léarscáil thuas, a d’fhoilsigh sé (i Londain, agus dá bharr sin i mBéarla) sa bhliain 1727. Téarma eile a bhí coitianta ag an am ná ‘Slave Coast’, a aimseoidh tú achar éigin ó dheas. Ba as iarthar na hAfraice formhór mór na ndaoine a tugadh go Meiriceá Thuaidh agus Meiriceá Theas mar sclábhaithe.
Réigiún ab ea é a raibh a laghad sin measa ag an gcuid eile den domhan air go bhféadfaí creach a dhéanamh air, daoine a ghoid agus a dhíol ann. Léiríonn an easpa airde a tugadh ar ráig Ebola in iarthar na hAfraice go dtí gur éirigh sí róchontúirteach don chuid eile den domhan go maireann réamhchlaontaí na seachtú, na hochtú agus na naoú haoise déag sa lá atá inniu ann.
Go deimhin, tá faitíos orm go ndéanfaidh an chaoi a bhfuil an Chéad Domhan ag dul i ngleic le géarchéim Ebola na réamhchlaontaí sin a threisiú. Cothaíonn scrúduithe sláinte (mí-éifeachtacha) ag aerfoirt seineafóibe agus cothaíonn tuairisceoireacht histéireach an nóisean gur daoine iad muintir iarthar na hAfraice a bhfuil frídíní orthu ar fad.
Is í an fhírinne, ar ndóigh, go bhfuil galar tógálach ar líon suntasach (ach teoranta) daoine sa réigiún, daoine a bhfuil cabhair éifeachtach, stuama uathu.