Ní hamháin nach raibh mé in ann When The Doves Disappeared (Atlantic Books) a leagan uaim nuair a bhí sé á léamh agam; breis agus ceithre huaire an chloig is fichead tar éis dom é a chríochnú, ní raibh mé in ann an t-úrscéal cumhachtach seo ag Sofi Oksanen a ruaigeadh as mo cheann.
De bharr an ábhair throm atá faoi chaibidil sa leabhar, bhí fonn áirithe orm é sin a dhéanamh. Ach ní raibh mé in ann. Bhí mé faoi gheasa.
In When The Doves Disappeared, a foilsíodh i mBéarla i mbliana, téann an scríbhneoir Fionlainneach-Eastóineach Sofi Oksanen i ngleic le tréimhse dhuairc, ghruama i stair thír dhúchais a máthar, an Eastóin. Tír í sin a bhain neamhspleáchas amach den chéad uair ag an am céanna le hÉirinn, ach sa bhliain 1940, ghabh an tAontas Sóivéadach í. Bliain ina diaidh sin, ‘shaoraigh’ an Ghearmáin an tír; trí bliana ina dhiaidh sin, ‘shaoraigh’ arm an Aontais Shóivéadaigh an Eastóin ó na Naitsithe agus d’fhan ann. Ní bhainfeadh an Eastóin neamhspleáchas amach arís go dtí an bhliain 1991.
Trí shúile triúr príomhcharachtar a insíonn Oksanen scéal casta seo na hEastóine, a ndéantar forghabháil uirthi faoi thrí in achar ceithre bliana. Trodaí ar son na saoirse is ea Roland. Brathadóir is ea a chol ceathrair Edgar, agus díol trua alcólach is ea bean chéile Edgar, Juudit.
Níl cúrsaí chomh simplí sin, áfach. Is iomaí uair a shéideann Oksanen poll sa talamh faoi chosa an léitheora, uaireanta i lár abairte. Faoin am a mbainfidh an léitheoir an leathanach deireanach amach, beidh a thuiscint ar na príomhcharachtair athraithe ó bhun go barr.
Inneall cumhachtach é plota casta an scéil. Ní chuireann Oksanen focal amú agus tagann eachtraí tromchúiseacha – na céadta acu – sna sála ar a chéile ar luas lasrach. Tá scríbhneoireacht Oksanen chomh tomhaiste sin, áfach, nach gcailltear cumhacht na n-íomhánna aonair sa sruth seasta. Sa sliocht thíos, tá buíon saighdiúirí Sóivéadacha tar éis a bheith séidte in aer agus tá Roland agus a bhuíon trodaithe saoirse ag déanamh creiche ar na mairbh:
The quickest ones were already moving like shoppers at a market. The weapons had to be collected from the dead. The guns and pocket cartridge belts – nothing else. We waded through body parts, twitching limbs. I had just taken an ammunition belt from an enemy soldier when something on the ground grabbed my ankle. The grip was surprisingly strong, pulling me down towards a murmuring mouth.
Físiúil, fileata, fíordheacair a ruaigeadh as d’aigne. Ach más máistriúil an cur síos atá ag Oksanen ar eachtraí, is máistriúla fós a cur síos ar a cuid carachtar. Tá compás morálta socair aici nach ligeann di laoch a dhéanamh de Roland, an trodaí saoirse, ná arrachtach mídhaonna den bhrathadóir Edgar. Níl leisce ar Juudit féin léimt ó thaobh amháin go taobh eile de réir mar a oireann sé di.
De réir a chéile, i mblúiríní beaga eolais, a chuirimid aithne ar na carachtair: dath gruaige anseo, siúl aisteach ansin, neamhord éigníoch dúghafach ansiúd. An bua atá ag an gcur síos briste, scaipthe seo ná nach mbíonn íomhá fisiciúil iomlán ag an léitheoir de na carachtair go dtí deireadh an leabhair, nuair atá tuiscint iomlán aige ar a bpearsantachtaí.
Ach má éiríonn cuma fhisiciúil na gcarachtar níos soiléire de réir a chéile, ní hamhlaidh atá i gcás láthair an scéil agus sin é an t-aon locht a fhaighim ar When The Doves Disappeared. Is cinnte go bhfágann nós Oksanen gan focal a chur amú an léitheoir ag tiontú na leathanach, ach rith sé liom níos mó ná uair amháin nár mhiste focal breise nó dhó chun cur síos a dhéanamh ar láithreacha an scéil.
Ní thugtar don léitheoir ach an buneolas is ginearálta faoi thírdhreach na hEastóine, a cathracha agus a bailte; mhothaigh mé go raibh mé ag féachaint ar dhráma fíorchumhachtach a bhí á léiriú ar stáitse maol.
Ina dhiaidh sin féin, úrscéal é When The Doves Disappeared nach leagfaidh tú uait go furasta agus nach ndéanfaidh tú dearmad air nuair a leagfaidh tú uait den uair dheireanach é.
Fág freagra ar 'When The Doves Disappeared: úrscéal dorcha a chuireann an léitheoir faoi gheasa'