Pictiúr le Paul Henry de radaharc in Acaill díolta ar bhreis is milliún euro

Tugadh breis is milliún euro ar an bpictiúr The Potato Harvest ag ceant i Londain le gairid, an méid is mó a íocadh riamh ar phictiúr de chuid Paul Henry

Pictiúr le Paul Henry de radaharc in Acaill díolta ar bhreis is milliún euro

Íocadh an praghas is airde a baineadh amach ariamh ar shaothar leis an ealaíontóir Paul Henry nuair a frítheadh breis is milliún euro ar an bpictiúr The Potato Harvest ag ceant i Londain le gairid.

£883,200, nó €1,045,179, a tugadh ar an bpictiúr a rinne Henry idir na blianta 1918 agus 1919 le linn dó a bheith ag cur faoi in Acaill.

Na ceantálaithe Sotheby’s a bhí i mbun an cheant Modern British and Irish Art ag a díoladh pictiúir chomh maith leis na healaíontóirí Éireannacha mór le rá Jack B Yeats agus Gerard Dillon. Treoirphraghas idir £250,000 agus £350,000 a bhí luaite le saothar Henry.

Ba sa mbliain 1910 a thug Henry a chéad chuairt ar Acaill agus ba ann a chónaigh sé is a bhean Grace go dtí 1919. Is iomaí pictiúr a rinne Henry de hAcaill sa tréimhse sin agus rinne sé níos mó ná ceann amháin a thaispeáin daoine ag baint fhataí.

I gcuid acu seo, taispeántar beirt bhan i mbun na hoibre nó fear agus bean ag saothrú le chéile. I bpictiúr amháin, atá ar taispeáint i Músaem Uladh i mBéal Feirste, is bean léi féin atá ag baint na bhfataí.

Sa bpictiúr a díoladh ar bhreis is milliún euro i Londain le gairid, tá fear ag obair le láí fhad is atá bean ag iompar na bhfataí i gcliabh atá ar a droim.

An fios cé hiad na daoine atá sna saothair éagsúla seo? Nuair a díoladh an pictiúr ar a thug Henry  The Potato Diggers ar €496,000 ag ceant i mBaile Átha Cliath in 2013, dúradh gur muintir Toolis as an gCaol in Acaill atá sa mbeirt, fear agus bean, atá ag obair taobh le taobh agus láí ag chaon duine acu. Bhí an t-ealaíontóir ag fanacht sa seanoifig an phoist ar an gCaol ag an am a rinneadh an pictiúr, idir 1910 agus 1911. Ach is deacair a rá an iad muintir Toolis atá sna pictiúir éagsúla a rinne Henry den ábhar seo.

Tá na saineolaithe ar shaothar Henry ar aon fhocal faoi go bhfuil tionchar na n-ealaíontóirí Jean-François Millet agus Vincent van Gogh le sonrú go láidir sa bpictiúr seo agus i gcinn eile a rinne Henry ag an am.

Taispeánadh The Potato Harvest i mBéal Feirste i 1919 in éindí le pictiúir eile le Henry agus a bhean Grace.

18 orlach faoi 20 orlach atá sé agus díoladh é cheana ag ceant a bhí ag Adam’s i mBaile Átha Cliath i Meán Fómhair 1996. £104, 000 punt Éireannach a híocadh air an uair úd. Roimhe sin, bhí an pictiúr i seilbh Robert Mitchell Henry, deartháir an ealaíontóra, agus a bhean Kathleen.

£622, 500 an praghas is airde a híocadh ar shaothar le Paul Henry roimhe seo. Tugadh an méid sin ar  Mountains and Lake, Connemara ón mbliain 1934.

Ba leis an geallghlacadóir agus an tionscnóir dornálaíochta Barney Eastwood é agus díoladh é ag ceant dá bhailiúchán ealaíne a bhí ag Christie’s i Londain in 2021.

Ag an gceant a bhí ag Sotheby’s le gairid, íocadh £192,000 ar A Winter Sea le Paul Henry, pictiúr a rinneadh idir na blianta 1915 agus 1916. Tugadh £281,600 ar Boys Catching Crabs in Connemara le Gerard Dillon agus frítheadh £81, 920 ar an bpictiúr Galway le Jack B Yeats ina taispeántar radharc de Chuan na Gaillimhe ó na duganna.

Tá biseach an cheannaitheora san áireamh sna praghsanna thuasluaite.

Fág freagra ar 'Pictiúr le Paul Henry de radaharc in Acaill díolta ar bhreis is milliún euro'