Bua do Putin sa Rúis, tubaiste do Merz sa nGearmáin

Scéal dhá thoghchán a bhfuil impleachtaí móra acu don Eoraip

Bua do Putin sa Rúis, tubaiste do Merz sa nGearmáin

Ríméad ar Vladimir Putin, uachtarán na Rúise, i ndiaidh dó bua mór a bhaint amach i dtoghcháin don Duma, parlaimint na Rúise. Ghnóthaigh Páirtí na Rúise Aontaithe 57.8% den vóta, méadú ar an toghchán cúig bliana ó shin, agus Putin ag iarraidh go léireodh na vótóirí tacaíocht dó maidir leis na gcogadh san Úcráin.

Laghdaíodh vótaí na gcumannach is na bpáirtithe eile de réir mar a d’fhreagair na vótóirí éileamh an uachtaráin.

Níl Putin ina bhall den Rúis Aontaithe ach sin é an páirtí is mó a sheasann leis maidir leis an ngeilleagar agus lena dhearcadh faoi ghnóthaí. Mar sin is dearbhú láidir é seo do Putin go bhfuil tacaíocht an phobail aige.

Bhí sé spéisiúil leis gur éirigh níos fearr fós le lucht leanúna Putin sna críocha a bhíodh san Úcráin sular ghabh an Rúis iad–, Kherson, Zaporizhiya agus an chuid is mó den Donbas– mar a bhfuair an Rúis Aontaithe beagnach 80% den vóta.

Ar ndóigh, seans maith nach raibh mórán daoine atá ar son na hÚcráine fágtha san críocha seo, ach bua cuimsitheach do Putin é, mar sin féin.

Sa gCrimé, ámh, níor thacaigh ach 60% leis an Rúis Aontaithe agus na cumannaigh ag déanamh níos fearr ansin ná in áiteacha eile.

Deirtear san Iarthar nach raibh an toghchán dlisteanach, ach is é fírinne an scéil go bhfuil tacaíocht fhíorláidir ag Putin agus gur dhearbhaigh an toghchán seo é sin.

Mar chuid den argóint i gcoinne an toghcháin, luaitear nár ceadaíodh do Yabloko páirt a ghlacadh ann. Páirtí é Yabloko a cháineann an cogadh is a iarrann go dtarraingeodh an Rúis as.

Bhí Yabloko ar liosta na bpáirtithe ar dtús, ach ansin cuireadh ina leith gur cuireadh ainmneacha bréagacha lena n-iarratas, is rialaigh an chúirt ina gcoinne ar an údar sin.

Níl sé fíor nach raibh cead acu seasamh sa toghchán ar chor ar bith, mar sheas 135 iarrthóir sna toghcheantair aon suíocháin. Níor éirigh leis an bpáirtí dul thar an tairseach 5% ach in Novgorod. Go náisiúnta léiríonn pobalbhreitheanna go mbíonn tacaíocht níos lú ná 3% ag an bpáirtí, ach 11% i Moscó, cé nach ndearna an páirtí aon mhaith ansin sa toghchán seo.

Ciallaíonn an toradh seo go mbeidh saoirse ag Putin más mian leis géilleadh don bhrú inmheánach agus géarú ar an gcogadh – sé sin cogadh gan aon srian a fhearadh in ionad oibríocht mhíleata speisialta, mar a thugann an Chreimil ar an ionradh faoi láthair.

Ach má tá ríméad ar Putin, drochscéal amach is amach a bhí ann do sheansailéir na Gearmáine, Friedrich Merz. Den chéad uair ó bunaíodh Poblacht na Gearmáine theip ar a pháirtí, an CDU, fáil isteach i bparlaimint réigiúnach. Tháinig an AfD, an páirtí ar an eite fhíordheis, atá ag iarraidh cairdeas a athbhunú leis an Rúis, sa gcéad áit i Mecklenburg Vorpommern, faoi mar a dhein i Sachsen Anhalt an tseachtain roimhe.

I mBeirlín chaill an CDU móramh sa gcathair, ach an uair seo is é Die Linke, oidhre pháirtí cumannach oirthear an Gearmáine, a tháinig sa gcéad áit.

Níl údarás ar bith fágtha ag Merz, ach ní leor don CDU fáil réidh leis-sean. Ní mór dóibh íomhá fhiúntach faoi leith a chruthú anois don pháirtí.

Fágann sin sa bhfaopach iad. Má choinníonn siad an bac i gcoinne an AfD beidh orthu géilleadh do mhianta an SPD (páirtí daonlathach sóisialta), ach má dhéanann siad socrú leis an AfD (atá go mór chun tosaigh air i bpobalbhreitheanna náisiúnta) mar pháirtnéir sóisearach, beidh orthu glacadh leis an dearcadh fabhrach don Rúis atá ag an AfD.

Teastaíonn ón AfD filleadh ar an gcóras a bhí ann, agus atógáil ar dhéantúsaíocht mheánleibhéil na Gearmáine le breosla saor ón Rúis.

Ag an am céanna agus iad faoi bhrú ag an eite chlé beidh ar an SPD freisin dul níos faide ar clé.

Tá sé deacair a oibriú amach cén tionchar a bheidh ag na hathruithe seo ar pholaitíocht na hEorpa i gcoitinne, ach is léir nach féidir brath a thuilleadh ar an seanchóras – go háirithe má bhaineann Marine Le Pen uachtaránacht na Fraince amach an bhliain seo chugainn.

Is é an scamall os cionn gach rud go bhfuil geilleagar na Gearmáine buailte go tréan, agus geilleagar na hEorpa i gcoitinne in éineacht leis, ag na smachtbhannaí a cuireadh ar an Rúis, toisc an breosla saor a bheith caillte.

Fág freagra ar 'Bua do Putin sa Rúis, tubaiste do Merz sa nGearmáin'