Páirturú gealaí le feiceáil ar fud na hÉireann anocht

Tiocfaidh dath dearg ar an ngealach lán i lár na hoíche anocht

Páirturú gealaí le feiceáil ar fud na hÉireann anocht

Beidh páirturú gealaí le feiceáil in Éirinn go moch maidin amárach. Beidh an t-urú gealaí seo le feiceáil ar fud na hÉireann agus tiocfaidh dath dearg ar an ngealach agus an Domhan ag teacht idir í agus an ghrian.

Tosóidh an taispeántas neimhe ag thart ar leathuair tar éis a dó ar maidin, nuair a thiocfaidh an ghealach faoi leathscáil an Domhain. Beagán le cois uair an chloig ina dhiaidh sin a thosóidh ag dath dearg ag teacht ar an ngealach agus í ag dul faoi lánscáil an Domhain.

Clúdóidh an lánscáil sin 93% den ghealach ag deich tar éis a cúig ar maidin. Tiocfaidh deireadh leis an urú gealaí ar fad ag a hocht a chlog ar maidin ach beidh an ghealach féin faoi bhun fhíor na spéire faoin am sin.

Beidh an t-urú gealaí le feiceáil ó gach uile chearn den tír anocht, ach is fearr agus is faide a bheidh radharc ag daoine atá ar chósta an iarthair air agus an ghealach ag dul faoi. Ba cheart do dhaoine nach bhfuil radharc acu ar an bhfarraige thiar áit a aimsiú ónar féidir breathnú siar ar fhíor na spéire gan aon chur isteach.

Murab ionann agus an t-urú gréine a bhí ann níos luaithe an mhí seo, ní baol do shúil an duine solas na gealaí agus beidh sé go huile is go hiomlán sábháilte breathnú díreach ar an urú gealaí. B’fhearr an radharc fós a bheadh ag an duine a mbeadh teileascóp nó gloiní féachana aige, óir d’fheicfí scáileanna agus dathanna éagsúla ar dhromchla na gealaí.

Beidh an t-urú gealaí seo le feiceáil in áiteanna i Meiriceá Thuaidh agus Theas, san Afraic, sa Mheánoirthear agus sa Nua-Shéalainn freisin, cé go mbeidh sé rógheal i roinnt áiteanna le radharc ceart a fháil ar an bhfeiniméan.

Beidh an chéad urú gealaí eile le feiceáil ó Éirinn ar an 31 Nollaig 2028, ach ní bheidh ann ach urú leathscáileach, rud nach mbeidh chomh suntasach céanna le hurú le hoíche anocht.

Tarlaíonn páirturú gealaí nuair a ghluaiseann an Domhan idir an ghrian agus an ghealach ach gan a bheith i líne dhíreach. Clúdaítear cuid de dhromchla na gealaí (an chuid is mó di sa chás seo) leis an gcuid is dorcha de scáil an Domhain, ar a dtugtar an ‘umbra’ sa Laidin. Clúdaítear an chuid eile den ghealach leis an leathscáil nó an ‘penumbra’. Ní tharlaíonn an páirturú ach amháin nuair a bhíonn an ghealach lán.

Fág freagra ar 'Páirturú gealaí le feiceáil ar fud na hÉireann anocht'