Gaillimh 2-7 Ciarraí 0-12
Bhí dráma siar go heireaball i gcluiche ceannais Chraobh Shinsir Peile na mBan agus bua aon phointe amháin ag Gaillimh ar Chiarraí i bPáirc an Chrócaigh.
Agus gan ach soicindí fágtha ar an gclog, cheap na Ciarraígh go raibh an cluiche buaite acu nuair a chríochnaigh cic saor ó Shíofra O’Shea san eangach ach níor cheadaigh an réiteoir Maggie Farrelly an cúl agus cinneadh déanta aici go raibh cuid d’imreoirí na Ríochta sa gcearnóg bheag sular tháinig an liathróid.
Bhí cuid de na Ciarraígh fós ag ceiliúradh faoin am gur séideadh an bonnán ach ba le Gaillimh a bhí an lá sa deireadh.
Bhí an chosúlacht ann go raibh an cinneadh ceart déanta ag Farrelly gan an cúl a bhronnadh ach goillfidh sé ar Chiarraí go raibh an liathróid curtha thar an trasnán ag O’Shea chun na foirne a chur ar comhscór sular thug an réiteoir an imirt siar do chic saor dhá phointe a bhí bronnta aici ar Chiarraí.
Níorbh é an cluiche ceannais is fearr riamh, ná baol air, ach ní chuirfidh sé sin as do na Gaillmhigh agus iad ina churaidh uile-Éireann den chéad uair le 22 bliain.
Sa 58ú nóiméad a tháinig an scór cinniúnach, Eva Noone ag fáil pas óna deirfiúr Hannah ar thaobh na láimhe deise agus iarracht ghleoite curtha idir na postaí ag bean Chill Chóirín-Chluain Bheirn.
Bhí scata mór iarrachtaí curtha amú ag Gaillimh roimhe sin, cúig cinn déag ar fad, ach cúil a bhí i bpéire den naoi scór a d’aimsíodar agus an péire acu faighte ag Leanne Coen.
Sa 54ú nóiméad a tháinig an dara ceann acu, tráth a raibh Ciarraí díreach tar éis greim a thógáil ar chúrsaí. Bhí pointe ó Niamh Ní Chonchúir agus péire ó Shíofra O’Shea, na céad scóranna aici ón imirt, tar éis Ciarraí a chur dhá phointe chun tosaigh ach, tar éis dóibh cúpla cic amach as a chéile a chailliúint, d’éirigh leis na Gaillmhigh seilbh a fháil ar an liathróid agus dul ar an ionsaí. Nicola Ward a rinne an chuid is mó den dul chun cinn. Chuir sí pas isteach chuig Coen, a bhí ag casadh i dtreo an chúil agus bháigh sí urchar íseal sa gcúinne chun Gaillimh a chur 2-6 in aghaidh 0-11 chun tosaigh.
D’fhreagair Caoimhe Evans ar an bpointe le scór maith chun na foirne a chur ar comhscór ach chuaigh Gaillimh chun cinn arís le scór Noone sular tháinig an chríoch chonspóideach.
Agus slad déanta ag an dá fhoireann sna babhtaí leathcheannais, bhí súil le neart scóranna sa gcluiche ceannais ach ní shin a bhí againn agus an lámh in uachtar ag cosantóirí na bhfoirne go minic.
D’aimsigh Síofra O’Shea an chéad scór ó chic saor gan ach nóiméad caite ach bhí scóranna an-ghann den chuid is mó. Kate Slevin a fuair an chéad scór do Ghaillimh sa 7ú nóiméad ach chuaigh Ciarraí dhá phointe chun cinn le scóranna ó O’Shea agus Niamh Carmody.
Agus cóir na gaoithe acu sa gcéad leath, bhí na Gaillmhigh in ann brú a chur ar chic amach Chiarraí ach ní raibh siad in ann na scóranna a chlárú. Faoin am gur tháinig an dara scór ag Gaillimh, Kate Thompson a d’aimsigh an srioc an uair seo, bhí cúig cinn d’iarrachtaí eile curtha amú.
Tháinig scór mór tar éis ceathrú uaire, áfach, agus Gaillimh a fuair é. Rinne Eva Noone obair mhaith ar thaobh na láimhe deise sular chuir sí pas i dtreo Leanne Coen. Bhí an lántosach amuigh sa gcúinne ach ghearr sí isteach i dtreo an chúil, d’fhág sí Deirdre Kearney agus Niamh Ní Chonchúir ina diaidh, agus bháigh sí iarracht álainn go cúl na heangaí le corr na coise.
Chuir dhá phointe eile ó Olivia Divilly cúl glan idir na foirne sa 20ú nóiméad, 1-4 in aghaidh 0-4, ach chríochnaigh Ciarraí go láidir le trí scór as a chéile agus ceann an duine faighte ag Niamh Ní Chonchúir, Emma Costello agus Síofra O’Shea chun na foirne a fhágáil ar comhscór, 0-7 in aghaidh 1-4.
Níor athraigh rudaí mórán sa dara leath. Bhabhtáil Niamh Ní Chonchúir, a raibh an-chluiche aici, agus Olivia Divilly scóranna ach bhí Gaillimh fós ag cur scata mór iarrachtaí amú. Nuair a rinne Emma Costello blocáil ar Róisín Leonard shábháil Mary Ellen Bolger iarracht ar chúl ó Kate Slevin agus bhreathnaigh sé nach mbeadh an lá le Gaillimh. Fuair Leonard pointe maith go luath ina dhiaidh sin ach d’éirigh le Síofra O’Shea dul i bhfeidhm ar an imirt faoi dheireadh sa deich nóiméad deireanach. Chuir sí Ciarraí chun tosaigh sa 52ú nóiméad agus nuair a d’éalaigh sí ó thriúr cosantóirí chun pointe eile a chlárú nóiméad ina dhiaidh sin, bhí Ciarraí 0-11 in aghaidh 1-6 chun cinn.
Bhí rúid amháin fágtha i nGaillimh, áfach, agus d’fhág scóranna cinniúnacha Coen agus Noone go mbeidh Corn Bhreandáin Uí Mháirtín ag dul siar seachas ó dheas don gheimhreadh.
Gaillimh: L O’Halloran; B Quinn, S Ní Loingsigh, K Geraghty; H Noone, N Ward, N Divilly; L Ward, S Divilly; E Noone (0-1), O Divilly (0-3, 1cs), K Thompson (0-1); K Slevin (0-1), L Coen (2-0), R Leonard (0-1). Mná Ionaid: S Hynes in áit Thompson (51 nóim), E Power in áit S Divilly (55 nóim), A Trill in áit Leonard (58 nóim).
Ciarraí: M E Bolger; R Rahilly, D Kearney, E Lynch; A O’Connell, E Costello (0-1), A Dillane; M Mulvihill, M O’Connell; N Carmody (0-1), N Ní Chonchúir (0-3), C Evans (0-1); J Lucey (0-1), D O’Leary (0-1), S O’Shea (0-5, 3cs). Mná ionaid: L McMahon in áit Mulvihill (42 nóim), E McGlynn in áit Lucey (51 nóim), R Dywer in áit O’Leary (58 nóim).
Réiteoir: Maggie Farrelly (An Cabhán).
Fág freagra ar 'Craobh na hÉireann buaite ag mná na Gaillimhe i gcluiche ceannais a chuaigh go snaidhm an rópa'