Tumoideachais lán-Ghaeilge á éileamh sa Bhruiséil

Deir Sinn Féin go bhfuil ‘roinnt mhaith scoláirí’ sa Scoil Eorpach sa Bhruiséil atá ag iarraidh a gcuid oideachais a fháil trí Ghaeilge

Tumoideachais lán-Ghaeilge á éileamh sa Bhruiséil

Ba cheart go mbeadh daltaí meánscoile Éireannacha atá ar scoil i gcóras na scoileanna idirnáisiúnta sa Bhruiséil in ann a gcuid oideachais a fháil trí Ghaeilge, dar leis an Teachta Dála Shonagh Ní Raghallaigh ó Shinn Féin.

Dúirt Ní Raghallaigh le Tuairisc go bhfuil “roinnt mhaith scoláirí” atá ag freastal ar scoil idirnáisiúnta i bpríomhchathair na Bruiséile – mar a bhfuil cónaí ar go leor Éireannach atá ag obair i státseirbhís an Aontais Eorpaigh – atá ag iarraidh a gcuid oideachais a fháil trí Ghaeilge.

Dúirt sí go raibh duine acu sin i dteagmháil léi féin agus é ag iarraidh “tumoideachas Gaeilge a dhéanamh an chuid eile dá thréimhse sa scoil”. Dúirt sí go bhfuil an chuma ar an scéal nach mbeidh an Rialtas ag déanamh aon cheo le soláthar oideachas trí Ghaeilge a chur ar fáil sa Bhruiséil mar gheall nach bhfuil “tairseach chriticiúil” daltaí sa chathair sin le go bhféadfaí rannóg lán-Ghaeilge a bhunú sa Scoil Eorpach.

“Táim den tuairim gur cheart go mbeadh scoláirí Éireannacha atá ag freastal ar scoil sa Bhruiséil in ann rochtain a bheith acu ar oideachas ina dteanga náisiúnta.

“Tá an Ghaeilge mar theanga oifigiúil den Aontas Eorpach anois. Tá an stádas céanna aici le gach teanga oifigiúil eile, ach mar sin féin tá Gaeilgeoirí óga faoi mhíbhuntáiste toisc gur mionteanga atá á labhairt acu,” a dúirt sí.

Tá roinnt mhaith cainteoirí Gaeilge ag cur fúthu sa Bhruiséil mar gheall ar na deiseanna fostaíochta atá ar fáil dóibh san AE, teaghlaigh a bhfuil páistí á dtógáil trí Ghaeilge acu ina measc.

Nuair a d’fhiafraigh Ní Raghallaigh den Aire Oideachais Hildegarde Naughton cén chaoi a bhféadfaí rannóg Gaeilge a bhunú i scoil taobh amuigh d’Éirinn, dúirt an t-aire léi go gcaithfeadh 90 dalta bunscoile a bheith ann do rannóg dá leithéid i mbunscoil sé bliana i ndiaidh a hoscailte – sprioc nach féidir a bhaint amach i gcás na Gaeilge sa Bhruiséil.

Mhaígh an tAire go bhfuil córas na Scoileanna Eorpacha “tiomanta” tacaíocht a thabhairt do theangacha náisiúnta na mballstát ach nárbh fhéidir go dtí seo rannóg Gaeilge a bhunú in aon cheann de na scoileanna seo.

“Is amhlaidh an scéal mar gheall nár bhain líon na ndaltaí Éireannacha atá cláraithe amach an tairseach chriticiúil atá ag teastáil ó Bhord Gobharnóirí na Scoileanna Eorpacha le rannóg teanga nua a fhaomhadh.

“Tá aitheantas ag an nGaeilge mar Theanga Náisiúnta Eile (ONL) laistigh de chóras na Scoileanna Eorpacha, agus tá soláthar ann do mhúineadh na Gaeilge ar an mbonn sin. Le tacú leis seo, tá mo Roinn tar éis múinteoirí a thabhairt ar iasacht do na Scoileanna Eorpacha lena chinntiú go leanann an soláthar ranganna Gaeilge ar aghaidh sa chóras,” a dúirt Naughton.

Dúirt an tAire go bhfuil an Ghaeilge ar fáil “do gach uile dhalta” i gcóras na Scoileanna Eorpacha beag beann ar an rannóg teanga ina bhfuil siad cláraithe. Rinneadh an socrú sin, a dúirt sin, agus uachtaránacht na Scoileanna Eorpacha ag Éirinn in 2023.

Thug an tAire le fios gur féidir le daltaí sna Scoileanna Eorpacha an Ghaeilge a roghnú sa bhunscoil agus sa mheánscoil agus gur féidir scrúdú Gaeilge a dhéanamh sa Baccalaureate ag deireadh a scolaíochta.

Mhaígh Shonagh Ní Raghallaigh, áfach, go bhfuil rannóga [teanga] bunaithe i “scoileanna áirithe” nach bhfuil líon mór daltaí ag freastal orthu agus mhol sí don Aire Oideachais “an scéal a fhiosrú” le go bhféadfaí a chinntiú “go bhfuil muid ag freastal, chomh fada agus is féidir, ar dhaltaí a bhfuil an-suim acu sa Ghaeilge”.

Fág freagra ar 'Tumoideachais lán-Ghaeilge á éileamh sa Bhruiséil'

  • Seosamh de Brún

    Cuid den fhadhb atá ann ná gur dócha nach mbeidh féiniúlacht láidir Gaelach ag páistí a rugtar agus a thógtar sa Bhruiséil, go háirithe má tá tuismitheoir amháin acu nach Éireannach é/í, agus go mbeidh sé deacair tabhairt orthu dua a chaitheamh leis an nGaeilge nuair nach bhfuil mórán bainte acu le hÉirinn seachas mar áit le dul ar laethanta saoire anois is arís (agus Béarla ina rogha teanga ag a ngaolta agus lucht aitheantais, is dócha). Beidh cairde Beilgeacha/idirnáisiúnta acu agus an Fhraincis ina teanga dhúchais acu. Léiríonn taighde gur mó i bhfad an tionchar a bhíonn ag teanga an phobail ar pháistí ná te@nga na dtuistí.

  • Colmcille Ó Monacháin

    An bhfuil tuilleadh eolais agaibh faoin rud seo ar a dtugtar “teanga náisiúnta eile (ONL)”? Is damanta aisteach an rud é.

  • Donncha O hEallaithe

    Ma ta oideachas tri Ghaeilge uatbu da bpaisti, tagaidis abhaile, in ait a bheith ag cur a gcuid tallainn amu ag aistriu caipeisiocht go Gaeilge, nach leifear.

  • Tomás Ó Foghlúda

    thá amhras ‘gam go mbeidh go leor múinteóirí a bhfuil fonn orra a’ dul dí’n Bhruiséal na pleananna so a chur i bhfeidhm ar dtús fiú