Deontais ceadaithe do ghrúpaí pobail i nGaeltacht na Gaillimhe

Ceadaíodh an t-airgead de réir catagóirí éagsúla - féilte, na healaíona, agus an fhorbairt pobail ina measc

Deontais ceadaithe do ghrúpaí pobail i nGaeltacht na Gaillimhe

Cheadaigh Comhairle Chontae na Gaillimhe beagnach €53,000 i ndeontais do ghrúpaí pobail i nGaeltacht na Gaillimhe faoin Scéim Tacaíochta Pobail in 2026. Ba é an €3,972 a tugadh do Choiste Pobail Ros Muc le cothabháil a dhéanamh ar reilig an cheantair sin an deontas aonair ba mhó a ceadaíodh sa Ghaeltacht.

Ceadaíodh an t-airgead de réir catagóirí éagsúla: féilte, na healaíona, agus an fhorbairt pobail ina measc. Tugadh suimeanna airgid do leithéidí Fhéile Joe Éinniú i gCarna (€1,700), Féile na bPuiteachaí in Inis Meáin (€600), Féile an tSrutháin ar an gCeathrú Rua, agus don fhéile nua Féile John Ford ar an Spidéal.

Faoin scéim tacaíochta forbartha pobail, tugadh airgead do Choiste na Páirce i Ros an Mhíl le boird phicnice a fheistiú (€2,000). Tugadh an tsuim chéanna airgid le haghaidh bord picnice in Inis Meáin freisin. Fuair Forbairt Pobail Mhaigh Cuilinn €2,100 le hobair a dhéanamh ar an gclós spraoi sa bhaile sin agus tugadh €2,300 do Pháirc Spraoi Iorras Aithneach. Fuair coistí i gCill Chiaráin agus ar an gCeathrú Rua airgead le haghaidh bláthanna, plandaí, agus suíocháin a chur ar fáil.

Faoin scéim tacaíochta spóirt, fuair Cumann Gníomhach Scoir Mhaigh Cuilinn €1,000 le hagaidh ióga cathaoireach a dhéanamh agus tugadh €960 do Chró na mBan ar an mbaile céanna do chlár aclaíochta Move and Thrive. Tugadh €1,200 ar an iomlán do CLG Carna Caiseal agus Peil na mBan Carna Caiseal do chláir spóirt, agus bronnadh €3o0 ar an Spidéal le ‘Fun Run’ a reáchtáil.

Ó thaobh na n-ealaíon, fuair Cantairí Chonamara €1,500, Club Scannán Sailearna €1,200, agus Comhlacht Forbartha Inis Meáin €1,500 lena gcuid imeachtaí ealaíonta a eagrú.

Tugtar deontas ar leith faoin scéim tacaíochta Gaeilge freisin agus fuair roinnt coistí pobail agus eagraíochtaí i nGaeltacht na Gaillimhe airgead faoin scéim sin freisin. Bronnadh €1,308 ar Chomharchumann Mhic Dara ar an gCeathrú Rua le comharthaí a chur suas a bhfuil ainmneacha na mbailte fearainn orthu. Tugadh an tsuim chéanna do Chumann Staire Ruaidhrí Uí Fhlaitheartaigh le léarscáil dhátheangach de pharóiste Mhaigh Cuilinn a dhéanamh, agus fuair Coiste Forbartha Ros Muc an tsuim chéanna do thogra ginealais.

Ceadaíodh an t-airgead seo ar fad ag cruinniú an Mhárta den Chomhairle Contae. €424,000 a ceadaíodh ar an iomlán do chontae na Gaillimhe ar fad le haghaidh forbairt turasóireachta, forbairt pobail, agus forbairt chultúrtha.

“‘Tá Comhairle Chontae na Gaillimhe tiomanta do thacaíocht a thabhairt do phobail. Leis an obair dheonach iontach a dhéantar i bpobail, is féidir leis na tacaíochtaí maoinithe seo difríocht mhór a dhéanamh. Leis an Scéim Tacaíochta Pobail, cuirtear tacaíocht airgeadais a bhfuil géarghá léi ar fáil do go leor pobal áitiúil ar fud an chontae, agus i gcomhar leis an gComhairle Contae, déanann siad obair an-luachmhar ina gceantair áitiúla féin,” a dúirt Liam Conneally, príomhfheidhmeannach Chomhairle Chontae na Gaillimhe.

Fág freagra ar 'Deontais ceadaithe do ghrúpaí pobail i nGaeltacht na Gaillimhe'