Bhí mé cinnte go mbeinn ag tuairisciú gur tháinig na cúigí ar fad slán trí réamhbhabhtaí an dá chomórtas Eorpacha. Ach mo léan géar, lig Cúige Mumhan na maidí le sruth agus iad sa mbaile i gcoinne Castres na Fraince, iad á ligean féin, an lucht leanúna dílis agus cáil rugbaí na hÉireann síos.
Mar sin féin, is cúis mhórtais go bhfuil buntáiste an bhaile cinntithe ag Cúige Laighean sa gcéad bhabhta eile de Chorn na gCuradh. Is ionann an cás do Chúige Uladh i gCorn an Dúshláin. Bhí an t-ádh céanna ar Chúige Connacht, tá siad go mór sa rás sin fós agus beidh buntáiste an bhaile acusan freisin sa gcéad bhabhta eile.
Caithfear Mumhain a lua freisin, mar gur sa gcomórtas sóisearach céanna, Corn an Dúshláin, a bheas siadsan ag imirt as seo amach. Ní bheidh caint arís ar an dá chomórtas sin go tús mhí Aibreáin nuair a imreofar na babhtaí cáilithe. Idir seo agus sin imreofar an comórtas Sé Náisiún chomh maith le cúpla babhta den URC.
Beidh na cúigí ag filleadh ar chomórtas an URC an deireadh seachtaine seo, iad ar fad ag dul chun páirce i mBabhta 10 den chomórtas.
Cúige Mumhan is túisce a bheas ag dul chun páirce anocht i gCorcaigh i gcoinne Dragons na Breataine Bige. In ainneoin tús dearfach a bheith curtha ag na Muimhnigh le URC na bliana seo, tá a gcuid imeartha trína chéile le cúpla cluiche anuas. Tá siad gan plean, treoir, ceannaireacht, misneach ná ciceálaí. Ní leor a bheith ag brath ar stair ná ar cháil chun an ceann is fearr a fháil ar fhreasúra an lae inniu. Go deimhin féin, is spreagadh d’aon fhoireann agus iad ag teacht go Luimneach an cháil atá ar an gcúige sin. Caithfidh na Muimhnigh náire an tSathairn seo caite a chur as a gcuimhne agus díriú ar chluiche an lae inniu. Sa séú háit ar an tábla atá siad suite faoi láthair, sé bhua cláraithe acu as naoi n-iarracht. Fiú má tá a lucht leanúna díomách leis an seasamh sin, is fiú a mheabhrú go bhfuil siad seacht n-áit agus ceithre phointe dhéag chun cinn ar na Dragons. Cé nach mbeidh fáil ag Cúige Mumhan ar an gcúpla imreoir idirnáisiúnta atá acu, níor cheart go mbeadh aon stró orthu na Dragons a chur ó dhoras agus greim a fháil ar chuile phointe atá ar fáil. Bhí an port céanna agam roimh an gcluiche i gcoinne Castres seachtain ó shin agus féach ar ar tharla…!
Amárach, tabharfaidh Cúige Uladh, foireann atá sa tríú háit ar an tábla cuairt ar an mBreatain Bheag le tabhairt faoi na Scarlets, foireann atá ar a íochtar. Ní hamháin go bhfuil trí áit déag idir na foirne seo ar an tábla ach tá bearna dhá phointe agus fiche eatarthu. Ar phár ar aon chaoi, níor cheart go mbeadh aon stró ar Chúige Uladh an lá a thabhairt leo. Feicfidh muid linn!
Coimhlint idir chúigí a bhéas againn ar an mBóthar Beag amárach idir Chúige Chonnacht agus Cúige Laighean. Scarann seacht n-áit ar an tábla na foirne seo, Cúige Laighean ar a bharr sa gcúigiú háit agus cheithre phointe déag chun cinn ar fhoireann na Gaillimhe. Is deacair teacht ar mhórán atá ag tabhairt seans ar bith d’fhoireann an bhaile. B’fhéidir go bhfuil an ceart acu! Ach tá níos mó ná cluiche réamhbhabhta URC i gceist sa gcoimhlint áirithe seo.
Beidh mór-ócáid oscailt an tseastáin nua, An Clan Stand ar bun, áit a mbeidh spás ann do os cionn chúig mhíle lucht féachana. Léiriú oifigiúil ar an dul chun cinn agus an mhian atá ag lucht rugbaí an chúige. Beidh Uachtaráin, Taoisigh agus Tánaistí ann, ag ceiliúradh an infheistíocht € 40 milliún in áiseanna spóirt san iarthar.
Dála an scéil, is as an Státchiste atá an chuid is den airgead sin ag teacht. Nach é an trua é, náire go deimhin, gur ar chaineál a gcaithfear íoc as seachas ar TG4, cainéal a bhí agus atá fós fíor-dhílis do rugbaí Connacht a bheas an ócáid stairiúil seo á chraoladh?
Fág freagra ar 'Cúige Mumhan gan plean, treoir, ceannaireacht, misneach is ciceálaí'