Beagnach €5 milliún fógartha ag Aire na Gaeltachta do thograí Gaeilge in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath

D’fhógair an tAire Dara Calleary tráthnóna go bhfuil €4 milliún le bronnadh ar Gaois agus €900,000 eile le bronnadh ar an ionad taighde ADAPT

Beagnach €5 milliún fógartha ag Aire na Gaeltachta do thograí Gaeilge in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath

Tá maoiniú beagnach €5 milliún fógartha ag Aire na Gaeltachta do thionscadail dhigiteacha Ghaeilge in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath.

D’fhógair an tAire Dara Calleary tráthnóna go bhfuil €4 milliún thar thréimhse ceithre bliana ceadaithe aige do Gaois – an grúpa taighde de chuid Fiontar & Scoil na Gaeilge san ollscoil.

Tá deontas €900,000 thar thréimhse trí bliana fógartha don tionscadal eSTÓR de chuid Ionad Taighde ADAPT chomh maith.

Gaois a bhíonn ag forbairt na suíomhanna Dúchas.ie, Logainm.ie, Corpas.ie, Canúint.ie agus Ainm.ie.

Leis an maoiniú seo, deir Roinn na Gaeltachta go mbeidh ar chumas Gaois comhtháthú níos doimhne a fhorbairt idir na suíomhanna, áiseanna cuardaigh níos cumhachtaí a chur ar fáil, agus soláthar eolais struchtúrtha ar bhealach tomhaiste a chinntiú do na samhlacha intleachta saorga.

Bunaíodh eSTÓR chun áis lárnach náisiúnta a chur ar fáil inar féidir sonraí dátheangacha teanga ó chomhlachtaí poiblí – cosúil le cáipéisí dátheangacha Gaeilge/Béarla –­ a thiomsú agus a chomhroinnt.

Rachaidh na hacmhainní sin chun tairbhe do Rialtas na hÉireann agus d’iarrachtaí forbartha meaisínaistriúcháin an Choimisiúin Eorpaigh, eTranslation, a dúradh.

Agus é ag labhairt ar an maoiniú a tugadh do Gaois, dúirt an tAire Dara Calleary go bhfuil “stair faoi leith ag baint leis an nGaeilge agus pobal na teanga, agus tá sé tábhachtach go mbeadh taifeadadh agus cartlannú déanta ar an oiread agus is féidir di sin agus é curtha ar fáil don phobal ar bhealach tarraingteach, nua-aoiseach.

“Tá acmhainní Gaeilge ar líne ríthábhachtach lena chinntiú go mbainfidh an teanga tairbhe as an bhféidearthacht a chruthaíonn teicneolaíocht dhigiteach ár linne.”

Anuas ar an dá fhógra maoinithe, sheol an tAire Calleary an leagan Gaeilge de AI Literacy in the Classroom ­­– cúrsa ar líne saor in aisce atá forbartha ag Ionad Taighde ADAPT do mhúinteoirí iar-bhunscoile.

Cuireadh tús leis an leagan Béarla den tionscadal sin i mí Dheireadh Fómhair 2024 agus áirítear leis ceardlanna réigiúnacha, oiliúint inscoile i scoileanna DEIS, agus traenáil do mhúinteoirí faoi oiliúint. Deis atá sa chúrsa dul i ngleic leis an intleacht shaorga i gcomhthéacs an tseomra ranga, a dúradh.

Fág freagra ar 'Beagnach €5 milliún fógartha ag Aire na Gaeltachta do thograí Gaeilge in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath'