Cosc curtha ar léiriú tacaíochta don Phalaistín ag ceann de na lárionaid a bheidh ag Oireachtas na Samhna

Shiúil baill de cheardchumann Unison amach ó chomhdháil a bhí á reáchtáil san ICC i mBéal Feirste maidin inné nuair nár tugadh cead sleamhnán a léirigh tacaíocht don Phalaistín a thaispeáint

Cosc curtha ar léiriú tacaíochta don Phalaistín ag ceann de na lárionaid a bheidh ag Oireachtas na Samhna

Reáchtáladh agóid inniu lasmuigh d’fhoirgneamh a bheidh ar cheann de phríomhionaid Oireachtas na Samhna an tseachtain seo chugainn mar gheall ar chosc a cuireadh ar léiriú tacaíochta don Phalaistín.

Bhí comhdháil bhliantúil réigiúnach de chuid Unison, an ceardchumann a dhéanann freastal ar oibrithe sa tseirbhís phoiblí den chuid is mó, in Ionad Cois Cuain (ICC Belfast) i mBéal Feirste maidin inné. Deir Unison gur cuireadh deireadh tobann leis an ócáid áfach nuair a thug lucht an ionaid le fios nach mbeadh  sleamhnán a léirigh tacaíocht do mhuintir na Palaistíne á thaispeáint.

Bhí éilimh ar an sleamhnán sin go dtiocfaidh deireadh leis an gcinedhíothú, leis an lonnaíocht mhídhleathach agus leis an nglanadh eitneach sa bPalaistín. Bhí íomhá de bhean le bratach na Palaistíne agus dorn san aer aici le feiceáil ar an sleamhnán.

Shiúil an thart ar 200 ball den cheardchumann a bhí i láthair amach as an ionad agus reáchtáladh agóid lasmuigh de.

Tá Ionad Cois Cuain le bheith ar cheann de lárionaid Oireachtas na Samhna, a bheidh ar siúl i mBéal Feirste an tseachtain seo chugainn ón 29 Deireadh Fómhair go dtí an 2 Samhain.

De réir tuairisce san Anderstown News, deir Unison gur cuireadh in iúl dóibh tráthnóna Déardaoin go raibh fadhb ag lucht bainistíochta an ICC leis an sleamhnán agus nach dtaispeánfaí ar an scáileán é mar chuid den chur i láthair.

Cuireadh tús leis an gcomhdháil maidin inné, Dé hAoine, mar sin féin ach nuair ba léir go raibh lucht an ICC ag seasamh lena gcinneadh agus nach dtaispeánfaí an sleamhnán, cuireadh deireadh leis an ócáid agus shiúil an slua amach.

Deir Unison nach bhfuil aon mhíniú ceart tugtha ag ICC ar an gcúis nach dtaispeánfaí an sleamhnán agus nach raibh aon bhunús leis an gcinneadh.

Dúirt Ard-Rúnaí Unison, Christina McAnea, nach bhféadfadh an sleamhnán olc a chur ar dhaoine agus go raibh an méid a bhí le rá air ag teacht le polasaithe de chuid na Náisiún Aontaithe, an Chúirt Bhreithiúnais Idirnáisiúnta agus Comhairle Cathrach Bhéal Feirste.

Fág freagra ar 'Cosc curtha ar léiriú tacaíochta don Phalaistín ag ceann de na lárionaid a bheidh ag Oireachtas na Samhna'