Foirne Oirthear Chorcaí na ríthe go fóill anseo

Foirne ó oirthear an chontae a bheidh san iomaíocht sna cluichí ceannais sa gCraobh Shinsir agus sa gCraobh Shinsir A an deireadh seachtaine seo

Foirne Oirthear Chorcaí na ríthe go fóill anseo

Beidh dhá chraobh contae ar siúl i gcúige Mumhan amárach, ceann amháin i Luimneach agus na foirne céanna i gcoinne a chéile arís i mbliana.

Anuraidh chuaigh Dún Bleisce isteach sa chluiche ceannais mar fhoireann faoi mhíbhuntáiste, agus Na Piarsaigh ag iarraidh trí cinn i ndiaidh a chéile a bhaint amach, a dtríú craobh contae as a chéile.

Deis í sin a theastaigh ó Dhún Bleisce mar aisíoc ar na blianta fada d’iarrachtaí gan toradh. Briseadh a gcroí roimhe sin i gcluichí ceannais 1989, 2000, 2018 agus 2020, agus ba é mian a gcroí deireadh a chur leis an ngorta sin.

Chuir an fliuchán dúshlán breise roimh an dá fhoireann anuraidh agus d’fhág go raibh a smacht ar an sliotar níos tábhachtaí ná riamh. Agus cé go raibh greim ag na Piarsaigh ar an gcluiche luath go maith, níor ghéill Dún Bleisce. Thosaigh siad ag cur pointí i gceann a chéile go mall ach go seasta, ag baint úsáid mhaith as na pocanna saora chun fanacht sa chluiche.

Bhí Adam English ar fheabhas ar fad. Ag tarraingt le deireadh an chluiche, bhí an teannas le brath ar fud na páirce. D’fhan Dún socair agus dírithe, ag cosaint go cróga agus ag glacadh a gcuid seansanna. Nuair a shéid an réiteoir an fheadóg dheiridh, bhí an stair déanta – bua stairiúil ag Dún Bleisce, a gcéad teideal Sinsir Luimnigh riamh.

Dar ndóigh tá taithí agus muinín an bhua sin acu agus iad ag dul amach amárach ach Na Piarsaigh, arís eile an rogha, de réir mo chairde cois Sionainne. Tá an Déiseach Derek McGrath i gceannas arís agus an-mheas air sa chlub. Ní dóigh liom go mbeidh mórán eatarthu.

I gCorcaigh bhí dhá chluiche leathcheannais againn coicís ó shin agus gan ach cúilín amháin idir na foirne sa dá cheann. Ar ndóigh, is é deireadh na mbeart ná go mbeidh cluiche ceannais eile idir foirne oirthear Chorcaí againn amárach agus go bhfanfaidh an seantrófaí sa bharúntacht ar feadh bliana eile tar éis bhua Ó Mic Coille anuraidh agus na Sáirséalaigh an bhliain roimhe sin.

Cuir leis an bhfíric sin go mbeidh dhá chlub eile ón oirthear, na comharsana Caisleáin Uí Liatháin agus Fánaithe na Bríde, ag tabhairt aghaidh ar a chéile i gcluiche ceannais Sinsir A, agus ní féidir ach teacht ar aon chonclúid amháin faoin iomáint shinsearach i gCorcaigh faoi láthair agus sin gurb iad foirne Oirthear Chorcaí na ríthe!

Ach is iad Mainistir na Corann agus Na Sáirséalaigh a bheidh in adharca a chéile amárach sa phríomhchluiche .

Tá go leor taithí ag imreoirí fhoireann seo na Sars, agus is mór an chreidiúint atá tuillte ag an bhfoireann bainistíochta faoi stiúir Johnny Crowley as iad a thabhairt ar ais go cluiche ceannais eile.

Caithfear a gcomhsheasmhacht le cúpla séasúr anuas a aithint.

Dhá phointe a scar na foirne sa chraobh dhá bhliain ó shin nuair a d’éirigh le Sars an lámh in uachtar a fháil, agus pointe amháin a bhí eatarthu nuair a bhuail siad lena chéile arís bliain ó shin sa chluiche leathcheannais, tráth ar éirigh le foireann na Sars an bua a fháil arís.

Léiríonn sé sin níos mó ná aon rud eile nach bhfuil mórán eatarthu.

Faoi láthair, tá aithne mhaith acu ar a chéile, agus ní bheidh aon duine ag súil le haon rud eile seachas cluiche den chineál is géire. Buille ollmhór do Mhainistir na Corann go mbeidh Conor Lehane in easnamh de bharr gortú a bhain dá theannán aichill. De réir ráiteas a d’eisigh an club seachtain ó shin, coinneoidh an gortú sin as an imirt é ar feadh roinnt míonna. Bhí Lehane ar fheabhas i rith na craoibhe, ag scóráil 0-12 i gcoinne na Carraige Duibhe, rud a thugann a iomlán scórála go 0-48 (0-30 saorphocanna, 0-3 ó 65anna).

Fágann a easnamh an lug ar an lag ar an gclub mar go bhfuil Eoin Moloney, an lánchúlaí, in easnamh mar gheall ar an anó céanna, gortú aichill.

Bhí mé ag an dá chluiche leathcheannais agus ón méid a chonacthas cheapas go mbeadh coimhlint mhaith againn ach go mbeadh na Sáirséalaagh rómhaith ach anois agus Lehane gortaithe ní fheicim aon toradh eile ach na Sáirséalaigh ag dul chun cinn chun a gcuid gradam i gCúige Mumhan a chosaint.

Fág freagra ar 'Foirne Oirthear Chorcaí na ríthe go fóill anseo'