Seó Heather agus Jim, díchoilíniú na teanga agus gnás feistis don Oireachtas

Gach seachtain cuireann scríbhneoirí éagsúla ar fáil scéalta beaga agus móra as Dialann Tuairisc…

Seó Heather agus Jim, díchoilíniú na teanga agus gnás feistis don Oireachtas

Seó Heather agus Jim

Dúirt Heather Humphreys an tseachtain seo go bhfoghlaimeodh sí an Ghaeilge is cuma cad a tharlódh.

Seo an tríú geallúint ó iarrthóir Fhine Gael faoi fhoghlaim na teanga.

Nuair a ceapadh ina haire sinsearach i Roinn na Gaeltachta í in 2014 gheall sí go bhfoghlaimeodh sí an Ghaeilge agus gheall sí i dtús an fheachtais uachtaránachta go bhfoghlaimeodh sí cinnte an turas seo í dá dtoghfaí ina huachtarán í.

Chuaigh sí níos faide fós nuair a gheall sí an tseachtain seo go rachadh sí i mbun foghlama fiú mura dtoghfaí ina huachtarán í.

Gheall Jim Gavin an rud céanna sular éirigh sé as an toghchán, ach bheadh sé ábhairín cruálach glaoch anois air agus ceist a chur air an bhfuil sé cláraithe fós chun na ranganna Gaeilge a dhéanamh, faoi mar a gheall sé.

Ach bheifeá ag súil go bhfuil súil ghéar á coimeád ar na geallúintí seo go léir ag duine glic éigin i rannóg coimisiúnaithe TG4 nó i rannóg na gclár Gaeilge in RTÉ.

Abair má chailleann Heather Humphreys an toghchán an tseachtain seo chugainn, beidh beirt iar-iarrthóirí ar an Áras agat a gheall go bhfoghlaimeoidís Gaeilge fiú mura n-éireodh leo.

Nach ndéanfadh sé clár beag teilifís réaltachta deas an bheirt acu a leanúint agus a móid á coimeád acu?

Heather i nGleann Cholm Cille agus Jim i mBaile an Fheirtéaraigh, abair.  Heather ag streachailt léi ach í ag coinneáil lena haisling go dtiocfaidh an lá go mbeidh sí ábalta an Bíobla Gaeilge a bhronn an eaglais Phreispitéireach uirthi a léamh. Jim, b’fhéidir, ina aoi-chathaoirleach ar chruinniú den Choiste Téarmaíochta agus cur i láthair á dhéanamh aige faoina rialacha radacacha nua chun an teanga a shábháil.

Ní bheadh aon teorainn leis na heachtraí seoigh a bheadh acu beirt agus na scréipeanna a bhainfeadh dóibh.

Sin an pitch pé scéal é.

Cód gléasta an Oireachtais

‘Cód gléasta: Manglam’ a deirtear ar an gcuireadh chuig na gradaim Chumarsáide ag Oireachtas na Samhna, a bheidh ar siúl i mBéal Feirste ag deireadh na míosa seo.

Cocktail attire é sin a dúramar, ach seachain go rachfá ag paidhceáil a thuilleadh faoin bhfocal ‘manglam’ sna foclóirí.

‘Dilapidated thing; inferior, worthless thing’ agus ‘Seedy, shabby-looking person’ an dá iontráil eile atá ag Ó Dónaill.

Hey, seiceáil vibeanna?

Duine gránna gioblach ag ócáid do na meáin Ghaeilge?

Dia idir sinn agus an t-olc, seo 2025 ní 1995!

Ngũgĩ agus díchoilíniú na teanga

Cén áit eile a thosnódh an cnuasach nuafhoilsithe aistí le Ngũgĩ wa Thiong’o, ach ag comhdháil faoi Chonradh na Gaeilge i Luimneach?

Mí na Bealtaine seo caite a cailleadh an mórscríbhneoir ón gCéinia a raibh cáil air as an gcosaint a dhein sé ar theangacha dúchasacha. Decolonizing Language and Other Revolutionary Ideas is teideal don gcnuasach nua, teideal a bhaineann macalla as ceann de na saothair is cáiliúla leis Decolonizing the Mind.

Sa chéad aiste ann, deir Ngũgĩ linn gurb éard a thug go dtí an chomhdháil i gColáiste Mhuire Gan Smál é ná an tsuim mhór atá ag daoine i gcónaí i gceisteanna a bhaineann leis an díchoilíniú agus leis an dáileadh éagothrom cumhachta idir teangacha.

Mar sin, is le cás na hÉireann agus na Gaeilge a thosaíonn an chéad aiste sa chnuasach, ‘Decolonizing Education’.

‘Ní éabhlóid nádúrtha éigin teanga a d’fhág stádas imeallach ag an nGaeilge ina tír dhúchais,’ a deir sé.

‘Polasaithe oideachais agus bearta polaitiúla a ceapadh d’aon turas is cionsiocair lena meath ina tír féin.’

Déanann sé cur síos ansin ar an difríocht idir concas teanga agus concas míleata.

Is ‘saoire agus is éifeachtaí’ concas teanga mar ní bhíonn le déanamh ‘ag an gconcaire ach intinn na mboicíní a cheannach agus scaipfidh siadsan ansin an géilleadh sin ar an gcuid eile den phobal’.

‘Bíonn an éilít ina gcuid d’arm teanga an choncaire’ a mhaíonn Ngũgĩ agus é ag áitiú ‘go gcaithfidh an díchoilíniú a bheith lárnach in aon oideachas atá stuama agus cuimsitheach’.

Cuireann sé fainic orainn faoi dhaoine a chreideann go daingean gur fearr an teanga an ceann s’acu féin ná an ceann atá ag aon dream eile agus dá bharr go gcaithfidh gur fearr an t-eolas agus an chumhacht atá acusan.

‘Is aindiaga agat a chreidiúint gur mó de dhia do dhia-sa ná mo dhia-sa,’ a deir sé.

Áiméan.

Moladh na seachtaine

Leabhar beag deas aistí gearra é On Friendship leis an scríbhneoir ó Albain Andrew O’Hagan. Is mó saghas cairdis atá ann agus tá O’Hagan an-mhaith chun na difríochtaí eatarthu a chur in iúl, go háirithe comharthaí sóirt an fhíorchairdis. Tugann sé leis sinn go dtí Inis Oírr lena chara Seamus Heaney agus go dtí contae an Chláir le Edna O’Brien, ach fanfaidh a léiriú álainn ar chairde a óige chomh fada céanna nó níos faide leat.

Fág freagra ar 'Seó Heather agus Jim, díchoilíniú na teanga agus gnás feistis don Oireachtas'

  • Eoin Ó Murchú

    Maidir le Jim Gavin agus an Ghaeilge. Is fiú a thabhairt faoi ndear go bhfuil deartháir Jim, Brian O Gaimhin, ina stiúrthoir ar Áras Chrónáin i gCluain Dolcáin, sin é an an cumann sa gceantar ar club Ghaeilge é, a chuireann ranganna Gaeilge agus ceóil ar fáil do mhuintir an cheantair.