Cheannaigh mé an leabhar is nua ó pheann an scríbhneora aitheanta siúlóidí agus fánaíochta John G O’Dwyer (Great Irish Pilgrim Journeys, Currach Books) ag an deireadh seachtaine. Mar is dual don Duibhireach, tá a threoirleabhar lán eolais agus pictiúir áille agus is mór an sásamh a bheith á léamh.
Ach cuireann focailín amháin a luaitear arís agus arís eile – ar chlúdach agus i gcorp an leabhair – isteach go mór orm: ‘Camino’. Anois, tá an Camino ‘déanta’ agam féin faoi dhó – de shiúl na gcos agus de thimthriall na dtroitheán – agus tá sé i gceist agam tabhairt faoi arís lá breá éigin amach anseo.
Ach chomh maith leis sin tá go leor de na slite slímharcáilte sa tír seo siúlta (agus rothaithe) agam – Cosán na Naomh, Tóchar Phádraig, Slí Chonamara, agus Rian Glas na nDéise ina measc. Nach breá an meascán focal sin atá againn le cur síos a dhéanamh ar na bóithríní beaga caola sin a thugann trí ghleannta agus thar shléibhte muid?
Chaith mé súil ar Stórchiste Nicholas Williams go bhfeicfeadh mé cé na moltaí a bheadh aige sin ina theasáras iontach. Naoi dtéarma agus fiche a d’aimsigh mé – ó ‘aibhinne’ go ‘uidhe’ – a d’fhéadfaí a chur ag obair le cur síos a dhéanamh ar ‘bhóthar’ nó ‘turas’. Tá cuid acu – an ‘uidhe’ sin ina measc – níos fileata ná a chéile ach ní fheicim gur gá focail ársa ná seanda a chosc sa chomhthéacs seo.
An téarma is ansa liom féin ná an ‘Tóchar’ sin atá againn i dTóchar Phádraig i Maigh Eo, ach is maith liom an ‘Conair’ féin atá i gceann de na leaganacha is coitianta Gaeilge de ‘Camino’ Spáinnise – Conair Shéamuis Naofa. Roghnaigh lucht siúl sléibhte an focal ‘Slí’ (nó ‘Slighe’) do na slite slímharcáilte a bunaíodh le Slí Cualann Nua 45 bliain ó shin in 1980 – focal a tógadh ó na ‘Slite’ móra a shín ó Chnoc Teamhrach ar fud na hÉireann aimsir na seanríthe.
Tá an ‘Turas’ againn i dTuras Cholm Cille in iardheisceart Dhún na nGall agus i dTuras Columbanus in oirthear na tíre, ‘Cosán’ a tharraing muintir na Ríochta chucu féin do ‘Cosán na Naomh’ i gCorca Dhuibhne, agus tá na Déisigh an-bhródúil as ‘Rian’ Bó Phádraig. Mura maith leat na samplaí sin, tá ‘imrim’, ‘teoróid’, ‘aistear’, ‘raon’, agus ‘ród’ ann sa Ghaeilge freisin a dhéanfadh cur síos ar bhóthar fada an oilithrigh.
Is léir gur cleas margaíochta atá i gceist le scaipeadh an fhocail ‘Camino’ ar fud na hÉireann idir ‘The Galway Camino’ a chonaic mé fógartha an mhí seo caite, ‘The Kerry Camino’ mar atá anois baiste ar chuid de Shlí Chorca Dhuibhne, agus na ‘Ireland’s Answer to the Camino’ atá feicthe agam ar ábhar bolscaireachta do shiúlóidí ar fud na hÉireann. Tuigim an fonn atá ar lucht deartha na siúlóidí an méid is mó daoine agus is féidir a mhealladh chucu, ach is feall é an stair, an seanchas agus cultúr s’againn féin a cheilt.
Tá traidisiún na hoilithreachta an-láidir in Éirinn agus níl i Camino na Spáinne ach cuid den traidisiún seo. D’imíodh oilithrigh as an tír seo go háiteanna thar lear – Lourdes, an Róimh, Iarúsailéim, Međugorje – ach go háiteanna ar fud na hÉireann freisin. Tá focail inár dteanga féin againn le cur síos ar na cosáin ársa seo – abraimis amach iad.
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
        
    
 
 
 
 
        
        
                            
                        
                            
                        
                            
                        
                            
                        
                            
                        
                        
                    
                        
                    
                        
                    
                        
                    
                        
                    
 
 
Seán Ó Piarda
Tá an gnáthfhocal ‘bealach’ ann freisin. Agus ‘iomaire’ an-choitianta ar fad.
Mar is ar thalamh ard nó ar bharr sléibhte fiú a thaisteal siad sa tseanreacht. Bhí ciall leis sin mar bhí priacail ag roinnt leis na gleannta thíos fúthu ó thaobh ainmhithe allta de etc.
Pat Butler
Iontach, a Mhaitiú.
Carraig
Ach b’fhéidir, de sheans, meas tú an gceapann Fáilte Ireland agus dreamanna eile cosúil leo b’fhéidir gur focal Gaeilge nó Gaelach (sórt) is ea an focal
‘Camíno’?
Ní chuirfinn thórstu é!
Geoffrey Foy
Alt álainn. Chuir sé i gcuimhne dom an Conaigear Walk nó An Conaigear — cosán cois cósta timpeall ar Bhá Dhún Garbhán.