Tá míshástacht léirithe ag daoine i bpobal Ghaoth Dobhair, i nGaeltacht Dhún na nGall faoi líon na mbratach Éireannach atá á gcrochadh sa cheantar le tamall anuas.
Meastar go bhfuil thart faoi chéad brat crochta ar chuaillí ar fud an pharóiste faoi láthair agus go mbaineann na bratacha seo le feachtas atá ar bun ag an eagraíocht ar an eite fhíordheis, Síol na hÉireann.
Deir Dónall Ó Cnáimhsí, oifigeach pleanála teanga sa cheantar, go bhfuil “mí-úsáid” á baint as brat náisiúnta na hÉireann agus é ag tagairt don “feachtas náisiúnta” atá ar siúl ag an eagraíocht fhríth-inimirce Síol na hÉireann atá ag iarraidh ar dhaoine brat na tíre a chur suas ar fud na háite.
“Chonaic muid é seo i gceantracha i mBaile Átha Cliath le bliain anuas, áit ar cuireadh suas na mílte bratach, náisiúnaigh ón eite dheis sa Tuaisceart iad seo agus tá siad i gcomhpháirtíocht le dreamanna áirithe anseo anois sa phoblacht, ag cothú fuatha agus iaróg, agus ag imirt tionchar ar dhaoine óga,” a dúirt sé.
Deir Ó Cnáimshí, go bhfuil an fuath seo “ag fás achan áit’ ach go raibh sé “aisteach é seo” [an fuath] a fheiceáil anseo i gceantar tuaithe.
“Chonaic muid ar an mBaile Meánach ansin le linn an tsamhraidh, áit ar dódh daoine amach as a gcuid tithe, is é seo an cineál céanna smaointeoireachta, an fuath sin a chothú d’imircigh agus strainséirí.”
“Creidim, go bhfuil siad ag smaoineamh gur cineál áit ghlan, chultúrtha í an Ghaeltacht in intinn s’acusan, agus gur truailliú ar an nGaeltacht agus ar spiorad na hÉireann strainséirí ar bith a fheiceáil ann, agus gur sin an cineál smaointeoireachta atá ar a chúl,” a dúirt sé.
Dúirt Ó Cnáimhsí gur smaointeoireacht “iontach iontach contúirteach” atá ann agus go gcaithfear “dul i ngleic” le daoine mar seo, mar go bhfuil siad ag déanamh dochair agus ag mealladh daoine óga chucu.
Mhol ceannaire Síol na hÉireann, Niall McConnell “na tírghráthóirí” a chroch suas na bratacha, i bhfíseán ar na meáin shóisialta, agus dúirt sé gur bhain na bratacha i bparóiste Ghaoth Dobhair lena bhfeachtas náisiúnta, ‘Ardaigh Brat na hÉireann’.
Roimhe seo, rinne Niall McConnell cúpla iarracht suíochán a fháil mar iarrthóir neamhspleách sna toghcháin áitiúla i nDún na nGall, ach níor éirigh leis.
Labhair Tuairisc le stáisiún na nGardaí ar an Bhun Beag i bparóiste Ghaoth Dobhair agus dúirt siad nach bhfuair siad “aon ghearáin” faoi na bratacha atá crochta ar chuaillí sa pharóiste.
Fág freagra ar '‘Mí-úsáid’ á baint as brat náisiúnta na hÉireann i nGaeltacht Dhún na nGall'