Fianna Fáil le hiarrthóir uachtaránachta a roghnú agus cruth ag teacht ar an rás

Ó fógraíodh go raibh Jim Gavin ar thóir an phoist, is mó tacaíocht atá léirithe dósan ag Teachtaí Dála, seanadóirí agus feisirí Eorpacha an pháirtí ná mar a gealladh do Billy Kelleher

Fianna Fáil le hiarrthóir uachtaránachta a roghnú agus cruth ag teacht ar an rás

Inniu lá na cinniúna ag Fianna Fáil nuair a dhéanfaidh feisire Eorpach de chuid an pháirtí, Billy Kelleher agus iarbhainisteoir peile Bhaile Átha Cliath, Jim Gavin, iarratas ar an bpáirtí an t-ainmniúchán don uachtaránacht a thabhairt dóibh féin.

Tiocfaidh an bheirt fhear os comhair bhaill pháirtí Parlaiminte Fhianna Fáil i dTeach Laighean ar maidin inniu lena bhfís agus a n-aidhmeanna féin mar uachtarán a chur in iúl sula ndéanfar an vótáil faoi rún. Go gairid ina dhiaidh sin fógróidh an páirtí cé acu iarrthóir a roghnaíodh.

Ó fógraíodh go raibh Jim Gavin ar thóir an phoist, is mó tacaíocht atá léirithe dósan ag Teachtaí Dála, seanadóirí agus feisirí Eorpacha an pháirtí ná mar a gealladh do Billy Kelleher. Ar ndóigh tá tacaíocht an Taoisigh Micheál Martin agus lucht ceannais an pháirtí geallta d’fhear Chluain Dolcáin freisin. Tá Billy Kelleher ag súil gur cuidiú dósan gur vóta rúnda a bheidh ann agus gur mó a thacaíocht ná mar a shíltear ó tharla líon suntasach den pháirtí nár nocht a rún go dtí seo.

Teastaíonn 36 duine ón bpáirtí parlaiminte le go mbeadh an tromlach ag iarrthóir chun an t-ainmniúchán a fháil agus an tseachtain seo caite bhí 31 vóta geallta go poiblí do Jim Gavin.

Go dtí seo níl ach beirt iarrthóirí a bhfuil an tacaíocht faighte acu le bheith ag an bpáipéar ballóide don toghchán uachtaránachta ar an 24 Deireadh Fómhair, an Teachta neamhspleách ar an eite chlé, Catherine Connolly, a bhfuil tacaíocht aici ó roinnt de pháirtithe an fhreasúra agus an t-iar-aire ag Fine Gael, Heather Humphreys.

Níl cinneadh déanta go fóill ag Sinn Féin cé acu an ainmneoidh siad iarrthóir dá gcuid féin nó an dtabharfaidh siad a dtacaíocht do Chatherine Connolly.

Inné a dhearbhaigh ceannaire an pháirtí sin, Mary Lou McDonald, nach mbeadh sí féin ina hiarrthóir.

Dúirt sí go raibh an scéal go léir “á mheá” acu go fóill ach mhol sí taithí agus tiomantas Chonnolly don chóir shóisialta agus dúirt sí gur bhreá leis an bpáirtí bualadh le Connolly sula ndéanfaidís a gcinneadh féin faoin bhfeachtas ar an 20 Meán Fómhair.

Tá roinnt daoine eile tar éis spéis a léiriú in ainmniúchán a fháil agus rún acu bualadh le comhairlí contae ar thóir a mbeannacht don ainmniúchán sin. Ní léir áfach go bhfuil aon chosúlacht air go bhfuil dóthain fuinnimh á léiriú ag aon duine díobh le go mbeadh seans acu a bheith ar an bpáipéar ballóide faoi Shamhain. Teastaíonn tacaíocht ó cheithre cinn d’údaráis áitiúla nó ó scór ball den Oireachtas le deis a fháil a bheith mar iarrthóir sa toghchán.

Tá sé socraithe ag roinnt comhairlí cruinnithe speisialta a ghairm sa gcoicís seo romhainn le deis a thabhairt d’iarrthóirí a gcás a chur os a gcomhair. Tá ordú tugtha ag Fine Gael dá gcomhairleoirí féin cur in aghaidh aon iarrthóir eile ó tharla Heather Humphreys ainmnithe acusan.

Comhairle Contae Chiarraí an chéad údarás áitiúil a thug éisteacht do dhaoine ar mian leo rith sa rás don áras an chéad mhí eile.

Fág freagra ar 'Fianna Fáil le hiarrthóir uachtaránachta a roghnú agus cruth ag teacht ar an rás'