Ionad spóirt uisce le forbairt i gcathair na Gaillimhe

Is é an aidhm atá ag an gComhairle Cathrach muintir na Gaillimhe agus cuairteoirí chun na cathrach a mhealladh le páirt a ghlacadh i spóirt uisce amhail cadhcáil, surfáil, clárchéaslóireacht, agus snámh faoin aer

Ionad spóirt uisce le forbairt i gcathair na Gaillimhe

Tá na seanoibreacha uisce i dTír Oileáin, i gceantar oifigiúil Gaeltachta chathair na Gaillimhe, le hathchóiriú agus ionad spóirt uisce le déanamh as.

D’fhógair Comhairle Cathrach na Gaillimhe go bhfuil an seanfhoirgneamh, ar le Bardas na Gaillimhe tráth dá raibh, ar Bhóthar na Díge le hathfhorbairt agus maoiniú faighte faoin scéim Platform for Growth ó Fháilte Éireann.

Deir an Chomhairle Cathrach go gcuirfear “áis spóirt uisce den chéad scoth” ar fáil ar bhruach Abhainn na Gaillimhe agus go bhfuil súil acu an “rannpháirtíocht i spórt uisce a mhéadú” ó cheann ceann na bliana.

Mar chuid den athfhorbairt, cuirfear “saoráid gléasta uile-aimsire” ar fáil, áit ina mbeidh cithfholcadáin, leithreas, seomraí stórais, suíocháin taobh amuigh, áiseanna le trealamh a rinseáil, chomh maith le háiseanna eile.

Is é an aidhm atá ag an gComhairle Cathrach muintir na Gaillimhe agus cuairteoirí chun na cathrach a mhealladh le páirt a ghlacadh i spóirt uisce amhail cadhcáil, surfáil, clárchéaslóireacht, agus snámh faoin aer. Beidh teacht ar na háiseanna nua ó thús go deireadh na bliana “seachas le linn mhíonna an tsamhraidh amháin”.

Dúirt Méara chathair na Gaillimhe, an Comhairleoir Mike Cubbard, go dtacóidh an t-ionad nua leis an ngeilleagar agus “leis an earnáil gníomhaíochtaí faoi aer”.

“Tacóidh an t-ionad spóirt uisce nua le geilleagar na háite agus leis an earnáil gníomhaíochtaí faoi aer trí chur go mór le heispéireas an chuairteora, trí dheiseanna nua gnó a chur ar fáil i bpobail áitiúla agus trí shíneadh a chur leis an séasúr turasóireachta níos faide ná gnáthmhíonna an tsamhraidh,” a dúirt sé.

Cáineadh Comhairle Cathrach na Gaillimhe le deireanas as “stop tobann” a chur le spóirt uisce faoin aer i gceantar eile Gaeltachta atá faoina cúram. Cuireadh cosc ar spóirt uisce ar Thrá na gCeann i mBearna ar bhruach na cathrach níos túisce an mhí seo. Cháin comhlachtaí spóirt uisce sa cheantar Gaeltachta an cinneadh sin go láidir agus dúirt gur cuireadh “stop tobann” lena ngníomhaíochtaí ann “gan míniú dá laghad” ón gComhairle Cathrach.

Fág freagra ar 'Ionad spóirt uisce le forbairt i gcathair na Gaillimhe'