San eagrán is déanaí de ‘Paiste cainte ag Helen Ní Shé…’, labhraíonn Helen leis an Iodálach Andrea Palandri, ceoltóir agus scoláire atá ag cur faoi i gCorca Dhuibhne. Labhraíonn siad faoina shuim sa seanstair agus i seanteangacha agus faoi cad a spreag é chun an Ghaeilge a fhoghlaim agus bogadh go dtí an Ghaeltacht.
Labhraíonn sé faoi oidhreacht bheo na teanga, faoi shaol na Gaeltachta agus muintir Chorca Dhuibhne agus faoina dhúchas san Iodáil. Déanann sé cur síos ar an taitneamh a bhaineann sé as a bheith ag foghlaim faoi conas a labhraíonn daoine agus cad ina thaobh gur mar sin a labhraíonn siad. Ar deireadh pléann siad a bhfuil i ndán don teanga.
Sraith speisialta agallamh ó ‘An Pod Gaeilge’ í ‘Paiste Cainte ag Helen Ní Shé’ ina labhraíonn an sárchraoltóir le daoine éagsúla faoina scéalta éagsúla. Podchraoladh ó Tuairisc.ie. seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Gaeilge’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie.
Cluain Sceach
Mór an pléisiúr bheith ag éisteacht leo!
Pól
Thar cionn… léas beag dóchais dúinn is ea an fear Iodálach sin. Agus an méid sin díolúintí á dtabhairt amach gan staidéar a dhéanamh ar an teanga mar ábhar inár gcoláistí, cúis machnaimh é, muis…
Mairéad Ní Nuadháin
Pod den scoth a Helen. Bhaineas an- taitneamh as a bheith ag éisteacht leis agus leat féin!