Aire sinsearach le bheith ag plé leis an nGaeltacht den chéad uair le 14 bliain

Tá cúram na Gaeltachta tarmligthe le haire stáit ag gach rialtas le 14 bliain anuas agus tá lucht feachtais ag éileamh le fada gur aire sinsearach ag bord an rialtais a bheadh freagrach as an nGaeilge agus an Ghaeltacht

Aire sinsearach le bheith ag plé leis an nGaeltacht den chéad uair le 14 bliain

Tá an chuma ar an scéal go mbeidh aire sinsearach freagrach as cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta den chéad uair ó 2011.

Agus é ag labhairt ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, dúirt Dara Calleary, atá ina Aire Coimirce Sóisialaí agus ina Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta go síleann sé gur air féin a fhágfar cúram laethúil na Gaeilge agus na Gaeltachta sa gcomhrialtas nua.

Tá an ról sin tarmligthe le haire stáit ag gach rialtas le 14 bliain anuas agus tá lucht feachtais ag éileamh le fada gur aire sinsearach ag bord an rialtais a bheadh freagrach as an nGaeilge agus an Ghaeltacht.

“Sílim go mbeidh mise ag tógáil chúram na Gaeilge agus na Gaeltachta,” arsa Dara Calleary agus é faoi agallamh ar Adhmhaidin.

“Tá suim mhór agam sa nGaeilge agus sa nGaeltacht. Bhí taithí iontach agam mar leaschathaoirleach Choiste na Gaeilge sa Dáil dheireanach agus bhí cúpla seachtain agam mar aire sóisearach.”

Dúirt Calleary go raibh comhrá aige leis an Taoiseach oíche Déardaoin seo caite nuair a ceapadh é ina aire agus gur luadh ról na Gaeltachta. “Beidh muid ag dul ar aghaidh agus mise i m’aire Gaeltachta agus tá mé an-bhródúil faoi sin,” ar sé.

Bheadh Calleary ar an gcéad aire sinsearach a mbeadh príomhchúram laethúil na Gaeltachta air ó bhí Pat Carey ó Fhianna Fáil ina aire Gaeltachta in 2011.

Ó shin i leith bhí ceathrar airí sinsearacha ag an nGaeltacht a rinne an cúram a leagadh ar sheisear airí stáit éagsúla – Dinny McGinley (FF), Seán Kyne (FG), Joe McHugh (FG), Jack Chambers (FF), Patrick O’Donovan (FG) agus Thomas Byrne (FF).

Dúirt Dara Calleary go raibh tús áite á thabhairt aige ina phost nua do dhul i ngleic leis an dochar atá déanta ag stoirm Éowyn ach go raibh “pleananna móra” leagtha amach sa gclár rialtais “faoi chúrsaí pleanála, faoi chúrsaí tithíochta, stádas na Gaeilge agus na Gaeltachta”.

Dúirt sé go mbeadh sé ag obair go dlúth leis an aire cumarsáide nua, Patrick O’Donovan ar mhaithe le craoltóireachta na Gaeilge a chur chun cinn agus go mbeadh sé ag obair leis an aire tithíochta nua, James Browne i dtaca le cúrsaí tithíochta sa Ghaeltacht.

 

Fág freagra ar 'Aire sinsearach le bheith ag plé leis an nGaeltacht den chéad uair le 14 bliain'